Monday 8 June 2009

Aois na hÓige


Le linn d'fhéile Rás Aigéin Volvo, ócáid a d'ardaigh an croí ionainn anseo in iarthar na hÉireann le coicís anuas, thug muid an bheirt is óige isteach go Gaillimh tráthnóna amháin, le breathnú ar na báid agus le blaiseadh den ócáid. Bhí na Hothouse Flowers ag casadh an tráthnóna sin ar an stáitse mór a bhí feistithe le taobh an chalafoirt. Tháinig Dí Dé eicínt amach agus é á gcur i láthair, a rá go raibh an grúpa seo ar an mbóthar le fada, fada, fada, fada an lá. "Tá muid an-sásta" a deir sé "go bhfuil urraíocht againn don seó seo tráthnóna ó Zimmer frames na hÉireann".

Bhain an chaint sin stad asam. Zimmer frames? Tá cuimhne agamsa ar aithne a chur ar na Bláthanna Leochaileacha agus an chéad hit acu, "Don't Go!" ag réabadh leis go barr na gcairteacha. Leads óga, ceathair nó cúig de bhlianta níos óige ná mé féin a bhí iontu - agus iad á lua anois le frámaí siúil?

Is ansin a thuig mé gurbh fhíor don té a dúirt gurb éard atá i gceist leis an meánaois ná an tréimhse sin i do shaol nuair a airíonn tú féin go bhfuil tú fós óg, ach nach n-airíonn duine ar bith eile gurb ea.

Ansin, oíche Dé Sathairn, bhain mé an-sólás as an méid a bhí le rá ag Leonard Cohen, ar an DVD iontach den cheolchoirm a rinne sé i Londain an samhradh seo caite. "Tá ceathair nó cúig cinn déag de bhlianta caite ó sheas mé ar stáitse i Londain go deireanach" a deir sé. "Back then, I was sixty years old - just a kid with a crazy dream...."

7 comments:

  1. Chuala mé le déanaí go mbítear óg ó 0-24, meánaosta ó 25-49, agus sean ó 50 - 75 agus ar aghaidh. Is beag duine a aontódh leis sin ach is fíor dó!

    ReplyDelete
  2. Is léir go bhfuil an tuiscint ar aois ag athrú mar sin, ón uair gur scríobh Muiris Ó Súilleabháin faoin "Fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth, fiche bliain ag dul in éag (sin mise agus na Flowers!) agus fiche bliain gur cuma ann nó as".

    ReplyDelete
  3. "nuair a airíonn tú féin go bhfuil tú fós óg, ach nach n-airíonn duine ar bith eile gurb ea"

    Creid é nó ná creid, tháinig an eipeafáine shearbh sin chugam le linn dom ceacht Gaeilge a mhúineadh. Ceann de na chéad cheachtanna in Buntús Cainte a bhí á dhéanamh againn, más buan mo chuimhne: "An bhfuil tú óg?" "An bhfuil sé tanaí" agus mar sin de. Bhí mé ag cur ceisteanna mar sin orthu. Ansin, chuir mé an cheist seo ar fhear óg, fiche-éigin: "An bhfuil mé sean nó óg?" Ag baint úsáide as an dornán focal a bhí acu a bhí mé, sin an méid.

    Bhí sé idir chomhairlí ar feadh soicind nó dhó. Ansin dúirt, "Tá tú sean."

    Fiche bliain ó shin a tharla sé seo!

    ReplyDelete
  4. An rud is aite, sin go mbíonn níos mó daoine óga ann i gcónaí.
    Tá leath-bhliain fágtha agam sula mbeidh mé sean, is dócha, a Mhicilín!

    Ach bhí mé i bhfad ní b'aosta ansin; níos óige 'tá mé 'nois...

    ReplyDelete
  5. An leagan a chuala mise ná gurbh éard atá i mean aois ná an aois sin nuair a mhalairtíonn com caol agus aigne leathan a n-aidiachtaí.

    Taimid go breá fós, mar sin

    ReplyDelete
  6. Ceist a chuir mo mhac orm uair, eisean 8, mise 35 nó mar sin "Did they have Lucozade back in your day, Mum?".

    Go bhfoire Cé orm, tá mé 'sean' agus 'ag dul in éag' anois...

    ReplyDelete
  7. An raibh "géarchéim lár-shaoil" (abair leat má tá aistriúchán níos fearr den téarma agat!)ag éinne agaibh fós?

    Bhí ceann agamsa nuair a bhí mé 27 mbliana d'aois agus gan sight ná light ar fhear chéile agam! Ní raibh ceann agam ó shin (.... sin géarchéim lár-shaoil atá i gceist agam, ní fear céile).

    (Agus b'shin píosa fada ó shin.....)

    ReplyDelete