Thursday, 30 April 2009

Tá sé ina shamhradh!

Nó beidh amárach. Ó tharla go mbeidh mé ag fágáil an gharraí go luath ar maidin leis an mbóthar a bhualadh go Baile Átha Cliath, tá mé ag imeacht beagán chun cinn orm féin anseo. Is é an chéad lá de Bhealtaine céad lá an tSamhraidh anseo in Éirinn, agus le theacht an tsamhraidh bhuí a cheiliúradh, seo dán leis an bhfile ó Indreabhán, Seosamh Ó Donnchadha, nó Joe Shéamais Sheáin mar ab fhearr aithne air - Filidh Bhaile na mBroghach.

Foilsíodh an dán seo sa leabhar Aniar, chomh maith leis an aistriúchán véarsaíochta Béarla uaim féin - an chéad uair, go bhfios dom, gur foilsíodh leagan Béarla de cheann ar bith de dhánta an Fhilidh.

Foilsíodh an bundán den chéad uair sa leabhar a chuir Peadar Mac an Iomaire i dtoll a chéile i dtús na n-ochtóidí.
Ar dhluthdhiosca Aniar, tá na haisteoirí Peadar Ó Treasaigh, (mac deirféara le Johnny Mhorgan an gharraí seo) agus Áine Ní Dhroighneáin le cloisteáil ag aithris an dáin.

Maidin Bhealtaine – Joe Shéamais Sheáin Ó Donnchadha (1908 – 1982)

Nach aoibhinn liom ceiliúr na n-éan ar an gcrann
An mhaidin chiúin álainn is mé ag fáinneáil sa drúcht,
Bíogann mo chroí ‘gus m’intinn le áthas
Tráth a dhearcaim an tráth sin ar na gleannta amach romham.

Gach pabhsae ag goineadh is ag borradh go breá,
Grian gheal na Bealtaine ag ardú aníos,
Gan scamall gan smúit ar an spéir in aon áit –
Ó, céad míle fáilte roimh áilleacht an tsaoil.

An bheach is an chuileog ina luí ar an mbláth;
Is an sionnach go sásta ar an leac ina shuí,
Feiceann sé chuige an lacha is a hál
Atá ag teacht ins an snámh san loch atá faoi.

An t-uan, is an searrach ag diúl ar a mháthair,
‘S an smólach go hard ag caitheamh nótaí ón gcraobh,
An broc ar a bhealach fán gcarraig sin thall
Le codladh go sámh ann go titim na hoích’.

Feicim amach uaim na púicíní báite,
Ag teacht chugam ón láib, ag oscailt a gcroí,
Is an giorria ag treabhadh thrí na ceannabháin bhána –
Pé ar bith cén áit a chuirfidh sé faoi.

Rachaidh mé suas ar an strapa mór ard sin
Nó go bhfeice mé áilleacht na ngleannta fúm síos.
Tá sméara is sú salúin is fraochóga ag fás ann,
Ach níl siad an t-am seo sách aibí le n-ith’.

Rachaidh mé abhaile ar lomchosa in airde –
Ní fhéadfaidh mé an lá breá a chur tharam fá dhraíocht –
Ach rachaidh mé an bealach, le cúnamh Dé, amárach
Nó go mbaine mé sásamh as fíoráilleacht an tsaoil.


May Morning


This crystal-clean morning, I roam through the dewdrops
I love how the birds celebrate in the trees
My heart and my head are pulsating with joy
As I look on the valleys that stretch to the sea.

The flowers at their sprouting and blooming all round me
The bright sun of Maytime is climbing the sky
Not a cloud or a stain in all of the heavens
As I welcome the beauty assailing my eye.

The bee and the fly whiz and hover all over
A fox licks his paws as he lies on a flag
He watches a duck and her clutch in the water
Bobbing and paddling across to the bank.

The lamb and the foal drink the milk of their mother
The thrush up on high throws his tune to the wind
The badger goes homeward by rocks through the heather
To sleep til the moon lights the sky once again.

I see out before me the bright water lilies,
Rise from the mud towards the bright sun above,
The hare ploughs his way through a cloud of bog cotton,
He heads for the hills and the hollows he loves.

I’ll walk up myself through that path to the hillside
And look down again at the valleys all round
The strawberries, bilberries growing all over
Soon they’ll be ready to pick from the ground.

I’ll head on for home then, my bare feet beneath me
But I’ll treasure this magic for many a day
And maybe tomorrow I’ll walk here to savour
Once more all this beauty I see on my way.

Céad lá ag Obama sa Teach Bán


Shílfeá nach raibh Angela Merkel an-sásta an samhradh seo caite nuair a leandáil Barack Obama sa nGearmáín, le castáil léi, ar ndóigh, ach níos tábhachtaí fós, le labhairt os comhair slua ollmhóir i mBeirlín. Thuigfeá di, ar bhealach. Ach ar bhealach eile, bhain an imeacht sin le hathrú atá tagtha ar leagan amach an domhain mhóir, go háirithe ó tháinig ann don réabhlóid dhigiteach - is pobal comhdhlúite muid i bhfad níos mó ná riamh agus bímis sásta leis nó ná bíodh, tá ról an-lárnach ag an té a bhíonn ina shuí ag an deasc san oifig ubhchruthach sin ar Ascaill Pennsylvania.

Ní haon saineolaí polaitíochta mise, ach mar shaoránach Eorpach, tá mé i bhfad níos compórdaí le cur chuige Obama ná mar a bhí le modus operandi an IarUachtarán Bush. An cur chuige atá ag Obama le muintir na hIaráine, cuir i gcás. Tá sibhialtacht, fhada, shaibhir, chasta, luachmhar ag an Iaráin, nó an Pheirs, mar a thugtaí fadó uirthi.

Ach an oiread le tír ar bith, ní aontaíonn chuile shaoránach leis an gcuir chuige atá ag a nUachtarán féin, leis an mbuaileam sciath a bhíonn aige le hIosrael, cuir i gcás. Rinne Obama an rud ceart, dar liom, geataí na taidhleoireachta a oscailt do mhuintir na hIaráine. B'fhéidir gur simplíocht atá sa dearcadh sin agus b'fhéidir gur simplíocht atá sa bpolasaí nua atá á leanacht ag foireann reatha an Tí Bháin. Ach baineadh triail sách fada as bealach na mbriathra buille agus ní dóigh liom go raibh na torthaí chomh dearfach sin.

Is cinnte go bhfuil seans mór tógtha ag Obama leis an bpacáiste ollmhór atógála, nó athspreagtha nó pé rud a thabharfá air. An éireoidh leis sin? Beidh le feiceáil, mar a deir muintir Bhéal Feirste.

Pé rud a déarfá faoi, caithfidh mé a rá gur faoiseamh aigne dom nár éirigh le Sarah Palin a bealach a dhéanamh aniar aduaidh ó Wassilla go Washington. Tá go leor le rá ar shon John McCain, ach ní bheadh an cinneadh sin a thóg sé bean Alasca a cheapadh mar iarrthóir tánaisteach ar an gceann is stuama a rinne sé i gcaitheamh a shaoil pholaitíochta. Bhain muid an-spórt as an bhfeachtas ina dhiaidh sin anseo sa Spidéal, agus ó tharla ann do YouTube, bhí muid in ann í féin agus Tina Fey a leanacht ó sheachtain go seachtain is ó lá go lá. An-ábhar grinn, marach go raibh na stéiceanna chomh hard (uaireanta bím róleisciúil focal.ie a sheiceáil - mo leithscéal, a léitheoirí).

Beidh sé spéisiúil féachaint an mbeidh Obama fós ina bhuachaill bán againn anseo san Eoraip faoi chéann ceithre bliana eile. (Ní raibh aon díspeagadh ciníoch i gceist leis an leagan cainte deiridh sin, ach mé ag iarraidh an nath juste, mar a déarfadh an Francach, a aimsiú).

Lorg na Gaeilge ar Bhéarla Mhaigh Eo


Seo cúpla sampla eile de leaganacha cainte atá ar fáil go coitianta i mBéarla Mhaigh Eo, ar cosúil gur aistriúcháin ón nGaeilge iad:

I came on it abroad in the field (Tháinig mé air amuigh sa ngarraí - is annamh a d'úsáidfeadh glúin m'athar an briathar Béarla "to find" - níl sé ann sa nGaeilge)

The things he draws down to be talking about (Na rud a dtarraingíonn sé anuas le bheith ag caint orthu)

He came home from England and a big car at him (Tháinig sé abhaile ó Shasana agus carr mór aige)

To go in face of the work (Imeacht in éadan na hoibre)

He pulled a kick on me (Tharraing sé cic orm)

I'm very great with her (Tá mé an-mhór léi)

I hit up with him at the match (Bhuail mé leis ag an gcluiche)

The village is proud out of you (Tá an baile bródúil asat)

What's on you? (Céard atá ort?)

Wednesday, 29 April 2009

Do Be Do Be Do (nó an aimsir ghnáthláithreach i mBéarla na hÉireann)


Ceann de na deacrachtaí is mó, sílim, a bhíonn ag eachtranaigh agus iad ag foghlaim na Gaeilge ná an úsáid is ceart a bhaint as an aimsir ghnáthláithreach. Do mo leithéid, a tógadh le Béarla na hÉireann, ní bhíonn an deacracht sin ann, mar go bhfuil leagan den aimsir ghnáthláithreach againn i mBéarla na tíre seo. Tá sé ag imeacht i léig, cheapfainn, i nGalltacht an lae inniu, ach tógfaidh sé glúin nó dhó eile fáil réidh go hiomlán leis.

Domsa, fós, tá rud éigin míshásúil ag baint le "He talks about the weather all the time". "He does be talking about the weather all the time" a bheadh ó dhúchas agam. Tá maolú áirithe tagtha ar m'úsáid den aimsir ghnáthláithreach i gcaitheamh na mblianta, go háirithe agus mé ag meascadh le daoine meánaicmeacha i mBaile Átha Cliath, daoine a mbeadh an-drochmheas acu ar an gcineál sin Béarla. Ach nuair a bhím sa mbaile i Maigh Eo, ag seanchas le mo dhream féin, bíonn "does bes" agus "do bes" ag imeacht go tréan agam.

Ní cuimhneach liom riamh gur dearnadh aon cheartú ar an aimsir ghnáthláithreach agus muid ag dul ar scoil. Ní cuimhneach liom brú ar bith a bheith orainn "She tells stories" a rá in ionad "She does be telling stories". Spéisiúil go leor, sa scoil Ghaeltachta ar fhreastal mo bhean uirthi agus í beag, dhéantaí géarleanúint ar na "does bes" agus na "do bes". DrochBhéarla a bhí ann agus ní ligfeadh an máistir le rá go raibh drochBhéarla ag a chuid scoláirí, díreach mar go raibh an Ghaoluinn mar chéad teanga acu. Fágann sé sin gur minic Béarla níos cruinne, ó thaobh na gramadaí, ag muintir na Gaeltachta in Éirinn ná mar a bhíonn ag muintir na Galltachta.

Tá níos mó ná leagan amháin ann den aimsir ghnáthláithreach ar fáil in Éirinn. Tá "he bes" cloiste agam (ó mhuintir Mhuineacháin, sílim) in ionad "he does be". Go deimhin, agus mise beag, d'airigh mé i gcónaí go raibh "he does be" ní b'fhearr mar Bhéarla ná "he do be", caint a chloisfeá ó dhaoine a bhí ar fíorbheagán oideachais. Gearán an chorcáin leis an gciteal, mar a deir muintir Chiarraí.

B'fhéidir gurb iad scriptscríbhneoirí Giúdacha Hollywood, a chuir go mór leis an íomhá "stage Irish" agus iad ag cumadh comhrá do leithéidí Bharry Fitzgerald, a chuir ár gcairde Gaelacha i Meiriceá in aer agus iad ag strachailt leis an aimsir ghnáthláithreach. Bhí sé tugtha faoi deara ag na scríbhneoirí sin go raibh rud eicínt mar é ar fáil i mBéarla na hÉireann, ach ní rómhinic a d'éirigh leo breith i gceart air - chloisfeá a leithéidí "Will you be havin' a drink there, father?" nó níos fearr fós "Is it a drink you'll be after havin' father and you after walkin' these four score and twenty miles for to get here?" ó Bharry Fitzgerald. Caithfidh go raibh a fhios aige siúd go maith nach raibh struchtúir Bharócacha den chineál sin, dá fheabhas iad, le fáil ar an oileán iathghlas.

Ach an oiread leis an bplé a bhí an tseachtain seo caite againn faoi na dathanna (oscailt súl dom ab ea an t-alt ar wikipedia a chuir an cainteoir dóchais faoi mo bhráid, faoin éagsúlacht tuiscintí atá ar fáil i dteangacha éagsúla ar dhathanna) is léiriú spéisiúil an aimsir ghnáthláithreach ar na tuiscintí éagsúla is féidir a bheith ann ó chultúr go cultúr ar rud chomh bunúsach le caitheamh agus imeacht an ama - a subject I do be often thinking about.

Tuesday, 28 April 2009

Nuair a theipeann ar chuile shórt eile, lig ort go bhfuil tú caillte


Sin seanfhocal Laidine an lae, a chairde - Quando omni flunkus, moritatus. An rud is mó a thugaim suntas dó sa gceann seo ná an focal sin "flunkus". Samhlaím an focal Béarla "flunk" le leithéidí Tony Soprano "You flunk one more time, you'll be swimmin' with the fishes". Ar ndóigh is de bhunadh na hIodáile é Antaine Mór, ach an ón Laidin a tháinig an focal "flunk" isteach i gcaint sráide Mheiriceá? (In ainneoin an tslada atá déanta ag Béarla Mheiriceá ar Bhéarla na hÉireann - "line" tagtha in áit "queue", "closet" in ionad "press" srl, ní focal é atá cloiste agam ó Éireannaigh d'aois ar bith.)

(Tá súil agam nach gcuirfidh an píosa seo as do shláinte ár gcara, Brian, ar tháinig taom an uair dheiridh ar tharraing mé anuas Béarla na hÉireann, taom a d'fhág beagáinín buartha mé, le fírinne).

Annabel agus Curach Chill Dara



Chuir píosa an lae inné faoi na rannta mé ag cuimhniú ar an tréimhse a chaith mé ag obair leis na gasúir a bhí páirteach sa dlúthdhiosca, Gugalaí Gug! Bhí dhá ghrúpa i gceist - gasúir ó cheantar Indreabháin, a bhí ag freastal ag an am ar Scoil Sailearna, ceann de na bunscoileanna is mó i nGaeltacht Chonamara. An darna grúpa, bhain siad le ceann de na scoileanna is lú - Scoil an Chnoic i Leitir Mealláin. Naonúr gasúr a bhí ar na rollaí nuair a rinne muid an taifeadadh ann i 2005 agus bhí ceathrar acu sin i rang a sé. Dúnadh an scoil an bhliain dar gcionn, ceal scoláirí. Ní raibh an scoil i bhfad tar éis comóradh a dhéanamh ar chéad bliain a bunaithe agus leabhar breá foilsithe acu a chuir síos ar stair na scoile.

I bhFómhar na bliana 2005, d'eagraigh muid ócáid in Ionad Ealaíon an Ark, i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Is é an Ark an t-aon ionad cultúrtha in Éirinn, go bhfios dom, ar ealaín do pháistí amháin a bhíonn le feiceáil agus le cloisteáil ann.

Shocraigh mé naonúr Scoil an Chnoic a thabhairt aniar le ceolchoirm bheag a dhéanamh san Ark agus aird na hardchathrach a dhíriú ar "Gugalaí Gug!"

Tháinig cuid mhaith de na máithreacha linn don lá agus bhí an-scléip againn, agus Bláthnaid Ní Chofaigh mar bhean an tí don ócáid.

Duine de na gasúir ba mhó ar bhain mé féin agus an léiritheoir John Ryan taitneamh as a bheith ag obair léi ná an cailín beag ba óige ar fad sa scoil - Annabel Ní Chonghaile, a bhí ceithre bliana d'aois an uair a rinne muid an taifeadadh. (Creidim féin gur fiú luach Gugalaí Gug lena glóirín álainn a chloisteáil ag aithris "Tic Teaic Tiú, Péire bróga nua").

Ba é seo an chéad uair ag Annabel ar thuras traenach, agus más buan mo chuimhne, a céad chuairt ar Bhaile Átha Cliath. Ba mhór idir garrantaí beaga, bóithríní cúnga agus sconsaí cloiche na háite thiar agus an talamh réidh a bhí le feiceáil taobh thoir de Ghaillimh. Bhí Annabel ina suí trasna uaim agus muid ag sciúrdáil linn trí Churach Chill Dara. Bhain sí lán a súl as an bhfairsinge a bhí ag leathnú roimpí chaon taobh de na ráillí iarainn. Chas sí chuig a mam le hiontas "Breathnaigh a mhama!" a deir sí. "Garraí mór millteach!"

Monday, 27 April 2009

Pobalbhreith - Ginmhilleadh




60% agaibh a bhí i bhfábhar ginmhilleadh a bheith dleathach. Bhí dhá fhoghrúpa i gceist anseo - an 25% a cheap gur rogha pearsanta a bhí ann agus an 35% a bhí ar a shon i gcásanna áirithe. 30% a bhí ina choinne agus 10% a cheap go mba chuma mar go bhfuil fáil air sa mBreatain ar aon nós.

Tá pobalbhreith nua ar fáil anois.