Wednesday 1 July 2009

Suite Française


Tá mé díreach th'éis an leabhar Suite Française leis an scríbhneoir Irène Némirovsky a léamh. Rúiseach ab ea Némirovsky, de bhunadh Giúdach, a rugadh i gcathair Kiev sa mbliain 1903. Theith a muintir ón bPoblacht Shóivéideach nuabhunaithe i 1917 agus rinne a mbealach go Páras. Fear an-saibhir ab ea a hathair, ach chaill sé a shaibhreas nuair a d'fhág sé an Rúis. D'éirigh leis saol nua faoi rath a dhéanamh dó féin sa bhFrainc agus is sa tír sin a chaith Némirovsky an chuid eile dá saol.

Bhí an-bhua scríbhneoireachta ag Irène, agus faoin am ar cuireadh tús leis an dara cogadh domhanda sa mbliain 1939, bhí cáil uirthi sa bhFrainc agus níos faide i gcéin mar úrscéalaí fíorchumasach.

Níor tógadh i dteaghlach cráifeach í - Giúdaigh ab ea a seantuismitheoirí, ach níor chleachtaigh a tuismitheoirí féin creideamh ar bith. Thiontaigh sí féin, a fear céile agus a mbeirt iníon ar an gcreideamh Caitliceach sa mbliain 1939, ach shílfeá gur mar pholasaí árachais a rinne siad é.

Más éa, ní go rómhaith a d'éirigh leis mar pholasaí. B'éigean don teaghlach teiteadh faoin tuath. Aithníodh mar Ghiúdaigh iad agus cuireadh iachall ar an gceathrar acu réalta Dháibhí a chaitheamh.

Is é an sainmhíniú a bhí ag na Naitsithe ar Ghiúdach ná duine ar Ghiúdaigh triúr dá seantuismitheoirí - níor bhain cleachtadh an chreidimh le hábhar. De réir mar a d'éirigh na dlíthe agus an ghéarleanúint níos géire, thuig Némirovsky go mbeadh an t-ádh léi fanacht beo go deireadh an chogaidh. Bhí an ceart aici - gabhadh sa mbliain 1942 í agus dúnmharaíodh in Auschwitz í roimh dheireadh na bliana sin. Gabhadh a fear céile cúpla mí ina diaidh agus cuireadh é siúd chun báis freisin. D'éirigh le cairde na lánúine an dá iníon a chur i bhfolach as sin go deireadh an chogaidh. Choinnigh na cailíní comhad scríbhneoireachta a máthar mar chuimhne uirthi. Cheap siad gur dialann a bhí ann agus bhí leisce orthu í a léamh mar dhialann, ar fhaitíos go n-osclófaí sean-chréachtaí a n-óige. I 1998,chinn a hiníon, Denise, ar na cáipéisí a bhronnadh ar chartlann staire sa bhFrainc. Thug sí faoi na bileoga lámh-scríofa a chlóbhualadh. Is ansin a osclaíodh roimpi doras isteach sa domhan a bhí cruthaithe ag a máthair sa dá bhliain sular maraíodh í. Chinn sí an uair sin ar an lámhscríbhinn a thabhairt d'fhoilsitheoir, seachas don chartlann. Foilsíodh an leabhar sa bhFrainc sa mbliain 2004 agus bhain sé cáil mhór amach.

An rud is spéisiúla faoi Suite Française ná an méid nach bhfuil ann - ní leagan de scéal Anne Frank atá i gceist, ach úrscéal, nó sraith úrscéalta gearra faoin bhFrainc agus í gafa ag na Naitsithe. Sa chéad scéal, cuirtear síos ar charachtair éagsúla agus iad ag teitheadh ó Pháras agus na Gearmánaigh ag réabadh leo anoir. Cuireann an dara scéal síos ar bhaile faoin tuath agus pobal ag maireachtáil leis na Gearmánaigh, a bhfuil seilbh glactha ar an tír acu.

Tá an dá scéal lán de charachtair a bhfuil cuisle na fírinne ag preabadh iontu. Níl maoithneachas ar bith ann. Spéisiúil go leor, níl Giúdach ar bith ach oiread ann - nuair a dhéantar tagairt do chúrsaí creidimh , is í an Eaglais Chaitliceach is mó a bhíonn i gceist.

Cruthaítear na Gearmánaigh, ní mar dheachtóirí gránna, ach mar dhaoine casta daonna, fir a bhfuil cultúr ag baint leo, daoine múinte atá ag iarraidh a gcuid orduithe a leanacht agus a gcuid oibre a dhéanamh go gairmiúil, gan cur as don chosmhuintir. Cuirtear bean mheánaicmeadh, Lucile, a bhfuil a fear céile gafa sa nGearmáin ina phríosúnach cogaidh inár láthair. Ní raibh ag éirí go maith lena pósadh agus nuair a chuirtear oifigeach óg Gearmánach ar lóistín sa teach, éiríonn sí mór leis - duine uasal é, a bhfuil ceol álainn pianó aige. Ansin, tarlaíonn tubaiste agus iarrtar ar Lucile feirmeoir atá ar a theitheadh a chur i bhfolach - cén rogha a dhéanfas sí?

Bhí faoi Nimérovsky trí scéal eile a bheith i gceist sa suite agus struchtúr sionfóine a bheith leis an rud ar fad. Bhí imlíne dréachtaithe aici don tríú cuid agus ní raibh sa gceathrú agus sa gcúigiú cuid ach teidil.

I ndeireadh an leabhair, tá trí cinn d'aguisíní ann - nótaí a bhreac Nimérovsky agus í á treorú féin maidir le forbairt an leabhair; comhfhreagras idir an scríbhneoir agus a cuid foilsitheoirí i bPáras, (a chaith go huasal agus go fial léi, in ainneoin na ndlíthe dochta a bhí tugtha isteach maidir le tacú le scríbhneoirí Giúdacha) agus idir fear céile Nimérovsky, Michel Epstein, agus údaráis "rialtas" Vichy agus na Gearmánaigh, i ndiaidh d'Irene a bheith gafa i 1942 agus é ag iarraidh a bhean a tharrtháil. An tríú aguisín ná achoimre ar bheatha Nimérovsky agus an méid a tharla dá cuid iníonacha i ndiaidh do na tuismitheoirí a bheith gafa - chuaigh an chuid seo trí mo chroí agus mé ag cuimhniú ar mo bheirt féin - iad ag seasamh lá i ndiaidh lae ag an Gare du Nord i bhFómhar na bliana 1945, a n-ainmneacha scríofa ar phíosa cairtchláir acu, iad ag súil go mb'fhéidir go mbeadh Mam agus Daid i measc na gcréatúr a bhí ag tuirlingt de na traenacha anoir, ag tabhairt ar ais na ndaoine a tháinig slán ó na campaí géibhinn sa bPolainn agus sa nGearmáin. Ní raibh a fhios fós acu go raibh Mam agus Daid caillte trí bliana roimhe sin, nuair a bhí an duine is óige den bheirt cúig bliana d'aois.

Leabhar ar leith é seo, lóchrann a lasadh in éadan an dorchadais, ag tráth go raibh an Eoraip faoi néal fíordhorcha. Tragóid uafásach a bhí san Uileloscadh - tragóid uafásach ab ea bás gach uile dhuine a maraíodh go barbartha ann. Níl luach níos mó ag beatha ealaíontóra seachas beatha duine ar bith eile - ach nuair a léifeá an leabhar seo bheifeá a rá leat féin 'Cé na seoda eile a bheadh curtha inár láthair ag an mbean seo, murach gur sciobadh uaithi an chuid eile dá saol?' Mar nuair a rinneadh sin, rinneadh éagóir orainn ar fad.

4 comments:

  1. Chailleamar seoda go leor an t-am sin, a Thaidhg.

    Go raibh maith agat as an méid seo a roinnt linn. Chonaic mé an scéal, mar a bheadh fís ann, agus mé ag léamh d’fhocail.

    Ceannóidh mé an leabhar, gan dabht.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as an léirmheas, a Thaidhg. Cuirfidh mé an teideal seo ar mo liosta. Séard atá á léamh agam anois díreach ná "El Juego del Ángel", le Carlos Ruiz Zafón, an fear a scríobh "La Sombra del Viento" (Scáil na Gaoithe), úrscéal a thaitin go mór liom cúpla bliain ó shin.

    ReplyDelete
  3. An bhfuil fáil ar na leabhair sin i mBéarla?

    ReplyDelete
  4. Tá. "The Shadow of the Wind" an teideal atá air i mBéarla. Chonaic mé léirmheas ar an dara ceann, "The Angel's Game", ar an New York Times seachtain ó shin. Ach níor léigh mé é, d'aon turas, ó bhí an leabhar á léamh agam cheana féin agus níl tuairimí duine eile ag teastáil uaim ag an bpointe seo.

    Bestseller idirnáisiúnta a bhí sa chéad úrscéal:

    http://en.wikipedia.org/wiki/The_Shadow_of_the_Wind

    ReplyDelete