Friday, 24 July 2009
An Cás ar son Dé
Tá leabhar Dawkins "The God Delusion" díreach léite agam. An-phíosa oibre atá ann, é lán d'eolas agus de léargais spéisiúla. Is fiú do dhuine ar bith é a léamh, is cuma cén rud a gcreideann siad ann. Léigh mé féin an ceann eile "The Selfish Gene" roimhe agus sílim gur chuir sé le mo thuiscint ar an darna leabhar an chéad cheann, a foilsíodh tríocha bliain ó shin, a bheith léite roimhré agam. Tá sé tuillte ag Darwin i mbliain seo a chomórtha, go léifí "The Selfish Gene", le tuiscint a fháil ar a oidhreacht.
Cuirtear i leith Dawkins go mbíonn sé maslach. Ní thiocfainn leis an argóint sin agus mar dhuine a tógadh i dteaghlach a raibh an-bhéim ar chúrsaí creidimh ann, sílim go n-aithneoinn masla dá mbeadh sé déanta. Bíonn rudaí láidre le rá aige, cinnte, ach éiríonn leis na ráitis sin a chur i gcomhthéacs atá ciallmhar. Fillfidh mé ar ábhar a chuid leabhar amach anseo.
Díreach cúpla nóiméad ó shin, leandáil fear an phosta le pacáiste ó Amazon. Istigh ann, bhí leabhar a fuair an-mholadh le cúpla seachtainí anuas sna páipéir deireadh seachtaine - "The Case for God" le Karen Armstrong. Tá mé ag súil go mór le tabhairt faoin gceann seo - iarbhean rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí í Armstrong, agus tá beathaisnéisí scríofa aici de Mhahamad, den Bhúda, chomh maith le leabhar dar teideal "A History of God" agus dhá bhliain ó shin, "The Bible: A Biography".
Tuilleadh faoin leabhar seo nuair a bheidh sí léite agam.
Labels:
creideamh,
diamhaslú,
Karen Armstrong,
Richard Dawkins
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Leabhar eile léi ar bhain mise an-taitneamh as ná _A Short History of Myth_. Agus, mar a deir an teideal, tá sé gearr, 176 leathanach. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr!" :-)
ReplyDeleteTá sé i gceist agam an dá leabhar le Dawkins a léamh, ó tharla iad ordaithe agam ó chuala mé agallamh leis níl sé i bhfad ó shin.
ReplyDeleteNíor chuala mé aon mhasla uaidh agus é faoi agallamh, a Thaidhg. Is dócha go bhfuil daoine ann a fheiceann masla sna tuairimí nach dtiteann isteach lena dtuairimí féin, nó a chloiseann masla sna ceisteanna a chuirtear. Deacair a rá.
Suimiúil ar fad. Tá suim agam fósta sa leabhar sin eile, “A Short History…” Mar mhúinteoir Laidine agus dalta na diagachta bíonn an-spéis agam go hairithe sa mhiotaseolaíocht agus i stáir na chreidimh. Go raibh maith agaibh de na moltaí.
ReplyDeleteSeans go bhfuil leithscéal ag dul do Dawkins uaim maidir le mo ráiteas go mbíonn sé maslach.
ReplyDeleteBhí mo thuairim - adhmháim é - bunaithe ar tuairimí dhaoine eile, maidir le ráitéisí dá chuid.
Mar shampla, san alt seo deir sé "So isn't it a kind of child abuse to speak of a Catholic child or a Protestant child?"w
Anois agus an alt ar fad léite agam, tuigim go m'fhéidir go bhfuil mí bhrí bainte agam as a chuid focail.
Is dóigh liom fós go bhfuil sé mí cheart, agus b'fhéidir go rachaidh mé i ngleic lena leabhair!
D'imigh an nasc ar strae:
ReplyDeletehttp://www.guardian.co.uk/books/2003/jun/21/society.richarddawkins