Friday 24 July 2009

An Cás ar son Dé


Tá leabhar Dawkins "The God Delusion" díreach léite agam. An-phíosa oibre atá ann, é lán d'eolas agus de léargais spéisiúla. Is fiú do dhuine ar bith é a léamh, is cuma cén rud a gcreideann siad ann. Léigh mé féin an ceann eile "The Selfish Gene" roimhe agus sílim gur chuir sé le mo thuiscint ar an darna leabhar an chéad cheann, a foilsíodh tríocha bliain ó shin, a bheith léite roimhré agam. Tá sé tuillte ag Darwin i mbliain seo a chomórtha, go léifí "The Selfish Gene", le tuiscint a fháil ar a oidhreacht.

Cuirtear i leith Dawkins go mbíonn sé maslach. Ní thiocfainn leis an argóint sin agus mar dhuine a tógadh i dteaghlach a raibh an-bhéim ar chúrsaí creidimh ann, sílim go n-aithneoinn masla dá mbeadh sé déanta. Bíonn rudaí láidre le rá aige, cinnte, ach éiríonn leis na ráitis sin a chur i gcomhthéacs atá ciallmhar. Fillfidh mé ar ábhar a chuid leabhar amach anseo.

Díreach cúpla nóiméad ó shin, leandáil fear an phosta le pacáiste ó Amazon. Istigh ann, bhí leabhar a fuair an-mholadh le cúpla seachtainí anuas sna páipéir deireadh seachtaine - "The Case for God" le Karen Armstrong. Tá mé ag súil go mór le tabhairt faoin gceann seo - iarbhean rialta de chuid na hEaglaise Caitlicí í Armstrong, agus tá beathaisnéisí scríofa aici de Mhahamad, den Bhúda, chomh maith le leabhar dar teideal "A History of God" agus dhá bhliain ó shin, "The Bible: A Biography".

Tuilleadh faoin leabhar seo nuair a bheidh sí léite agam.

5 comments:

  1. Leabhar eile léi ar bhain mise an-taitneamh as ná _A Short History of Myth_. Agus, mar a deir an teideal, tá sé gearr, 176 leathanach. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr!" :-)

    ReplyDelete
  2. Tá sé i gceist agam an dá leabhar le Dawkins a léamh, ó tharla iad ordaithe agam ó chuala mé agallamh leis níl sé i bhfad ó shin.

    Níor chuala mé aon mhasla uaidh agus é faoi agallamh, a Thaidhg. Is dócha go bhfuil daoine ann a fheiceann masla sna tuairimí nach dtiteann isteach lena dtuairimí féin, nó a chloiseann masla sna ceisteanna a chuirtear. Deacair a rá.

    ReplyDelete
  3. Suimiúil ar fad. Tá suim agam fósta sa leabhar sin eile, “A Short History…” Mar mhúinteoir Laidine agus dalta na diagachta bíonn an-spéis agam go hairithe sa mhiotaseolaíocht agus i stáir na chreidimh. Go raibh maith agaibh de na moltaí.

    ReplyDelete
  4. Seans go bhfuil leithscéal ag dul do Dawkins uaim maidir le mo ráiteas go mbíonn sé maslach.
    Bhí mo thuairim - adhmháim é - bunaithe ar tuairimí dhaoine eile, maidir le ráitéisí dá chuid.

    Mar shampla, san alt seo deir sé "So isn't it a kind of child abuse to speak of a Catholic child or a Protestant child?"w

    Anois agus an alt ar fad léite agam, tuigim go m'fhéidir go bhfuil mí bhrí bainte agam as a chuid focail.

    Is dóigh liom fós go bhfuil sé mí cheart, agus b'fhéidir go rachaidh mé i ngleic lena leabhair!

    ReplyDelete
  5. D'imigh an nasc ar strae:
    http://www.guardian.co.uk/books/2003/jun/21/society.richarddawkins

    ReplyDelete