Monday 20 July 2009

Fliú na muc - comhairle

Tá mé th'éis a bheith ag cuartú eolais ar an idirlíon faoi fhliú na muc. Tá ag cinnt orm aon chomhairle de chineál ar bith a fháil ó Rialtas na hÉireann faoin víreas. An é go bhfuil an t-eolas ann agus nár éirigh liom a theacht air, nó an é nach bhfuil tada dá shórt foilsithe ag an idirlíon ag Rialtas na hÉireann?

9 comments:

  1. Tá, ag an (Mí)fheidmeannacht Seirbhísí Sláinte.

    http://www.hse.ie/eng/swineflu/faq/

    Nó an eolas i nGaeilge a bhí uait? Is cosúil nach bhfuil sin ar fáil ón FSS.

    ReplyDelete
  2. Mo leithscéal, tá bileog ar fáil.

    http://www.hse.ie/eng/swineflu/faq/fliubileaog.pdf

    ReplyDelete
  3. Ach tá siad ag seachaint an focal "muc"

    ReplyDelete
  4. É seo aimsithe agam le haon chlic amháin ó phríomhleathach an rialtais (www.irlgov.ie):

    http://www.dohc.ie/issues/swine_influenza/

    ReplyDelete
  5. Is dócha go bhfuil scanaill na muc nimhneacha fós i gcuimhne na maorlathaigh, agus iad ag cloí le A1N1 seachas fliú na muc dá réir.

    ReplyDelete
  6. Tadhg: Cén sórt eolais a bhí á lorg agat faoi H1N1? Maidir le Fliú na Muc a ghairm de, is de bharr míthuiscint a tharla sin. Le blianta beaga anuas, táthar tar éis teacht den bharúil gur mar seo a chuirtear tús le fliú daonna. Éanlaith (lachain cheansaithe sa tSín den chuid is mó) > muca > daoine. Dá bharr sin d’fhéadfaí ‘Fliú na Muc’ a thabhairt ar gach cineál fliú. Go nuige seo níl an fliú reatha ró-chontúirteach, ach ní gá go bhfanfadh sé amhlaidh mar de bharr míchruinneas i gcóras macasamhlú an víris, tagann athruithe air. Go hiondúil, ní chun leasa an víris na hathruithe sin, ACH tharlódh nach mar sin a leanfaidh an scéal. Sé is cúis scime do na heipidéimeolaithe nach bhfuil an cumasc H1N1 feicthe ag an gcine daonna le fada an lá agus cé nach bhfuil an víreas ina víreas marfach faoi láthair, tá an dealramh ar an scéal go neadaíonn sé níos doimhne sna scamhóga ná mar is dual don ghnáthfliú. Maidir le híocshláinte de, seachas cás nó dhó, níl an H1N1 seo seasmhach i gcoinne Tamiflu ná Relenza. Sin méid m’eolais faoi láthair.

    ReplyDelete
  7. An t-eolas a bhí uaim ná comhairle maidir le taisteal - tá muid ag cuimhniú ar sciuird a thabhairt faoi Londain faoi cheann cúpla seachtainí. Is cosúil go bhfuil Rialtas na hÉireann ag moladh do dhaoine gan taisteal a sheachaint faoi láthair.

    Ar chúis eicínt maidin inné, agus mé ag gúgláil, bhí mé in ann teacht ar eolas a bhí foilsithe ag na húdaráis i dTuaisceart Éireann agus sa mBreatain, ach ní abhus anseo. Bhí an t-eolas ann (i nGaeilge, go fiú) ach mar a dúirt Brian Lenihan faoi ghné eicínt den ghéarchéim eacnamaíochta "it didn't jump out at me".

    Tá súil agam gur mar sin a bheidh leis an bhfliú féin.

    ReplyDelete
  8. I dtólamh, is baolaí taisteal ar eitleán agus galar tógálach ar nós H1N1 ag gabháil timpeall toisc athchúrsáil an aeir a bheith mar chleachtadh in eitleáin. Tá cur síos fada teicniúil in eagrán reatha ‘Science’ faoi stair an H1N1 reatha agus is rí-chasta mar scéal é. Níl ach dhá ghéin thábhachtacha sa víreas, mar atá H agus N. Dealraíonn anois go bhfuil cúpla ionsá (genetic insertions) daonna maille le cinn eile ó éanlaith agus muca sna géinte sin. Is cúis scime do na heolaithe gur athraíodh an víreas le linn dó bheith ag ionfhabhtú daoine ainneoin nach léir go raibh drochthoradh ar an ionfhabhtú céanna. Só, seo anois mar atá an scéal ach é simplithe agam.
    Éanlaith cheansaithe > éanlaith fhiáine > muca > daoine > muca > daoine > daoine > muca?

    ReplyDelete