Friday 28 August 2009

Tír na nGall

"I Londain a bhí sibh?" a deir mo chara, iontas ina ghlór go ngabhfadh Ceilteach ceartchreidmheach de mo chineál i ngar ná i ngaobhar do phríomhchathair na bhfrithGhael. "Londain, Shasana?"

"Sea" a deirim, "I dTír na nGall í féin".
Chuir an dreas sáraíochta sin ag cuimhneamh mé ar an bhfocal sin "Gall" agus na bríonna éagsúla a baineadh as le breis agus míle bliain anuas ar na hoileáin Cheilteacha seo.

"Gaul" nó rud eicínt dá shórt a thugadh na Rómhánaigh ar na Ceiltigh fadó. Ach anois, dúinne, na Ceiltigh atá fós, ar éigean, inár seasamh, ciallaíonn "Gall" (más é an focal céanna é) Sasanach nó eachtranach - agus brí dhiúltach léi mar aidiacht.

Sa mBriotáinis, "Gall" a thugann siad ar a gcuid Sasanach féin, na Francaigh, agus "Galleg" atá acu ar an bhFraincis. Ach i dteanga na bhFrancach, "Le Pays de Galles" atá ar an mBreatain Bheag agus "Gallois" ar theanga na tíre sin.

"Bro Gembre" (nó "Kembre" gan an t-urú) atá ag na Briotánaigh ar an mBreatain Bheag. Glacaim leis go bhfuil gaol aige sin le "Cumbria" na Laidine - agus gur uaidh, chomh maith, a thagann an t-ainm atá ag na Breatnaigh Bheaga ar a dtír féin - "Cymru".

"A' Chuimrigh" atá ag na hAlbanaigh ar an mBreatain Bheag, agus leis an saol a dhéanamh níos casta fós, "An Bhreatain Bheag" nó rud eicínt fíor-chosúil leis, atá acu ar an mBriotáin.

Ainm spéisiúil ann féin é "Alba" - caithfidh go bhfuil gaol aige leis an ainm a bhaist na Rómhánaigh ar Shasana - "Albion" nó rud eicínt dá chineál - nach "Caledonia" a bhí ag lucht na Laidine ar Albain?

Tír na nGall indeed!

8 comments:

  1. Gan trácht ar na "Finn-Gaill" (na Lochlannaigh) agus na "Dub-Gaill" (na Danair). Ba iad na Gaill par excellence tráth den saol.

    Gall = an tAuslander atá dár gcrá anois díreach. :-)

    ReplyDelete
  2. Fáilte ar ais, a chara!

    Tá an t-alt sin uait suimiúil. Is léir gur chuir an sos garraíodóireachta sin síolta eile ag bláthú sa Gharraí...:-)

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat a Áine. An ndéantar idirdhealú sa tseanlitríocht mórán idir na Lochlannaigh agus na Danair, a Dennis? Agus mise ag freastal ar an mbunscoil sna seascaidí, ní Vikings a bhíodh ar an bhfarraige chugainn ach Danes. Ach ansin faoin am go raibh mé féin i mbun ranga ar feadh cúpla bliain i dtús na n-ochtóidí, Lochlannaigh ar fad ab ea an cúram, mar a déarfadh fear Chiarraí - ní raibh caint ar bith ní ba mhó ar na Danair. Meas sibh an raibh baint ar bith aige leis an gcaidreamh nua a bheadh tagtha chun cinn idir an dá linn idir an tír seo agus an Danmhairg agus iad ag comhoibriú le chéile mar bhallstáit den Chomhphobal Eorpach?

    ReplyDelete
  4. Ní dóigh liom go ndéantar. "Gall" a thugtar orthu de ghnáth, nó "genti" (= ginte, págánaigh). Cuirtear "genti" orthu go minic sna hannála.

    ReplyDelete
  5. An bhfuil aon ghaol, meas tú, idir an focal "Genti" agus "Gentile" mar atá ar fáil sa mBíobla?

    ReplyDelete
  6. Gan dabht. Ó "gentes" na Laidine a tháinig sé. Is focal coitianta fós é i Spáinnis agus i bhFraincis: la gente, les gens = na daoine.

    ReplyDelete
  7. Dála an scéil, is ionann Wales agus tír na nGall sna teangacha Gearmánacha.

    Die Welsche Schweiz a tugtar ar an gcuid sin den Eilvéis nach labhraítear Gearmáinis inti, ag lucht labhartha na Gearmáinise.

    Táimid go maith mar chine ag baiste ainmneacha ar an dream eile sin, atá difriúil uainn!

    ReplyDelete
  8. Nach mbíodh an Bhreatain Bhig ag muintir na Breataine ar an mBriotáin chomh maith, is cinnte go mbíodh sin sa Laidin tráth.

    ReplyDelete