Monday 10 August 2009

Ceist an aistriúcháin

Bíonn plé ar siúl ar bhlaganna éagsúla faoin bhfiúntas a bhaineann le leithéidí tuarascálacha bliantúla na gComhairlí Contae a aistriú go Gaeilge agus mar sin de. Tá mé féin idir dhá chomhairle faoin scéal (agus ní dhá chomhairle chontae atá i gceist agam). Sílim gur rud maith a bhí ann gur ritheadh an tAcht Teanga agus go bhfuil sé i bhfad níos éasca anois gnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge. Tá fáil ar bhileoga eolais agus ar fhoirmeacha a bhaineann leis an Státchóras ar bhonn níos leithne ná mar a bhíodh. Maidir leis na tuarascálacha - an moladh a bheadh agam féin ná go nglacfaí leis gan ceist iad a chur ar fáil i gcontae a bhfuil ceantar Gaeltachta i gceist ann agus i gcontaetha eile a bhfuil leibhéal suntasach gníomhaíochtaí Gaeilge ar bun ann - agus an leibhéal sin a bheith sainmhínithe ar bhonn comhaontaithe, trédhearcach.

Ar ndóigh, is iomaí cineál aistriúcháin atá ann. Bím féin, agus mé i mbun foilsitheoireachta, ag plé le sainréimse ar leith - leabhair do pháistí. Tá sainscileanna i gceist leis an obair seo, agus creidim go láidir go bhfuil tábhacht léi mar obair. Go minic, i gcás pictiúrleabhair, cuir i gcás, is cóiriú scaoilte a theastaíonn, seachas aistriúchán.



Tá an obair seo ar siúl leis na blianta, ach ar feadh i bhfad, ní bhíodh mórán cuma ar thoradh na hoibre. Bhíodh leabhair á n-aistriú go Gaeilge agus téacsanna á gcur ar fáil a bhí i bhfad ró-chasta don aoisghrúpa a bhí i gceist. Leis an scéal a dhéanamh níos measa, dhéantaí leabhair aistrithe a scríobhadh i dtosach i mórtheanga éigin agus iad dírithe ar pháistí idir 4 agus 7 mbliana, cuir i gcás, a fhógairt mar leabhair a bhí anois dírithe, i nGaeilge, ar pháistí idir 8 agus 10 mbliana d'aois. Agus b'fhéidir go raibh sé sin fíor ó thaobh leibhéal na teanga san aistriúchán (b'fhéidir - dá mba páiste thú de bheirt Ghaeilgeoirí díograiseacha a raibh céimeanna dochtúra sa léann Ceilteach ag Mamaí agus ag Daidí araon agus sibh ag maireachtáil i dteach gan teilifís, gan mórán teagmhála leis an ngnáthshaol i bhur dtimpeall). Ach ó thaobh leibhéal spéise de, ó thaobh pointe forbartha an pháiste ó thaobh na síceolaíochta de, ní raibh an leagan Gaeilge feiliúnach beag ná mór don aoisghrúpa a raibh sé anois á dhíriú air, ná ó thaobh teanga, ar an aoisghrúpa a raibh sé scríofa dó sa mbunteanga, an chéad lá riamh.

Is gá, mar sin, don aistritheoir atá ag plé le leabhair do pháistí a aistriú go Gaeilge glacadh leis go bhfuil foclóir i bhfad Éireann níos lú ag an nGaeilgeoir óg ná mar atá ag a mhacasamhail a tógadh go haonteangach le mórtheanga. Is gá a bheith cúramach maidir le gan a bheith ró-chanúnach - caithfidh an foilsitheoir a bheith in ann an leabhar a dhíol ó cheann ceann na tíre. Caithfidh an t-aistritheoir glacadh leis nach é a ghnó a bheith ag iarraidh cora deasa cainte a mhúineadh don léitheoir. Fadó, bhíodh oiread cora deasa cainte sna leabhair nach mbíodh fonn ar ghasúr ar bith tabhairt faoina léamh go neamhspleách. Is cinnte gur chóir don léitheoireacht a bheith ag cur le stór foclóra agus eile an léitheora - ach má bhíonn an bhearna ró-mhór idir cumas tuisceana an léitheora agus castacht an téacs, caithfidh an léitheoir óg an leabhar i dtraipisí sula mbíonn mórán de léite aige. Sin obair agus airgead amú.

4 comments:

  1. M'anam gurbh fíor dhuit.

    Bíonn sé deacair orm mo mhac - ar léitheoir craosach é i mBéarla agus i nGearmáinís a mhealladh chun Gaeilge a léamh.

    Feictear dó é bheith ró dheacair. Agus is fíor dó go minic. Ach is fáinne fí atá ann - easpa cumais de bharr easpa abhár, agus ansin easpa ábhar de bharr easpa cumais...

    ReplyDelete
  2. Tá sé sin fíor - ach an méid sin ráite, is minic leabhair Ghaeilge do ghasúir (idir aistriúcháin agus bhunleabhair) a bheith curtha ar fáil agus iad ró-chasta ó thaobh teanga de. Ní ceist canúna í sin ach ceist stíle. Má léann tú Jacqueline Wilson, bean a scríobhann i mBéarla, do léitheoirí aonteangacha Béarla, feicfidh tú an grádú cúramach atá déanta ar an teanga ina cuid leabhar. Agus ní bhaineann sé sin blas den scéalaíocht - sainscil atá ann. Mionachas teanga a theastaíonn agus an aidhm a choinneáil romhainn na leabhair a bheith inléite agus PLÉISIÚRTHÁ le léamh.

    Dála an scéil (ní ag tarraingt uisce ar mo mhuileann féin atá mé anois) ach an bhfuil do mhac ró-shean don tsraith Fiannaíochta atá déanta agam leis an nGúm? Tá siad dírithe ar ghasúir idir 8 - 10, ó thaobh ábhair agus teanga de. An Gúm a d'fhoilsigh: http://www.educationmatters.ie/2008/11/15/an-gum-dha-leabhar-nua-do-phaisti-8-mbliana/

    ReplyDelete
  3. Is eagal liom go bhfuil.

    Rud éigin inchomórtais le hAlex Rider nó Artemis Fowl atá de dhíth!

    ReplyDelete
  4. Sin mar a bhíodh as Béarla tráth dá raibh, freisin. Ar léigh sibh Beatrix Potter riamh?

    ReplyDelete