Sunday 26 July 2009

Seáinín Smaoiseach agus AC Milan

In ainneoin an mhéid atá scríofa sa bpíosa thíos agam, is beag mo scil i gcúrsaí peile de chineál ar bith. Ach más beag féin, ní bhaineann an easpa eolais sin den sásamh atá le baint as an bpíosa seo le Seáinín Smaoiseach, an t-ealaíontóir anaithnid aniar is é féin agus a leathbhádóir "Michael" ag tráchtaireacht ar chluiche de chuid AC Milan. Is iad atá roghnaithe le haghaidh físeán na seachtaine seo agam.

Bainigí taitneamh as an bhfootball!

3 comments:

  1. Níl ach bádóir amháin ar an bhfíseán sin, agus má tá duine ar bith ar lorg tuairisceora, is léir ón méid seo uaidh gurb é Seáinín an fear a dhéanfadh an jab gan stró! Bíonn comhluadar dofheicthe leis go minic, feictear dom...

    ReplyDelete
  2. Cén fáth nach bhfuil seó grinn ag na leaids seo ar TG4?

    ReplyDelete
  3. Ba chóir go mbeadh - agus tá an ceart ag Áine - duine amháin atá ann. Is breá liom an stíl lo tech atá aige agus é ag dubáil leithéidí Eastenders - chomh maith le línte na n-aisteoirí ar fad a dhéanamh, is é a bhíonn ag déanamh fuaimeanna na gcarranna agus chuile chineál eile.

    ReplyDelete