Sunday 26 July 2009

Maigh Eoch sona i bPáirc an Chrócaigh


Amárach le maidneachan lae, beidh mé féin agus Marcus s'againne ag bualadh bóthair go Baile Átha Cliath le seó U2 a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh. Fuair mé amach san oíche Dé Sathairn go raibh cúpla ticéad fós ar fáil le haghaidh gig na hoíche amárach agus chinn muid bualadh faoi.

Táim ag súil leis an ócáid ar chúpla chúis. Cé nach leantóir fíordhílis de chuid U2 mé, is maith liom iad agus bheadh eolas maith agam ar a gcuid ceoil - eolas maith go leor le sásamh a bhaint as ceolchoirm dá gcuid. Chonaic mé beo uair amháin cheana iad, i Staid Bhóthar Lansdúin le linn chamchuairt "Popmart".

Tá spéis agam sa gcur chuige ardteicneolaíochta a bhíonn acu dá gcuid seónna beo agus tá suntas ar leith tugtha agam do na tuairiscí faoin dearadh réabhlóideach stáitse atá ceaptha acu don chamchuairt reatha, 360 céim. "An chrág" atá baistithe air, agus má éiríonn leis, is mór an seans go mbeidh grúpaí go leor eile ag déanamh aithrise air sna blianta atá romhainn.

Tá rud eile a bhaineann le hócáid mhór den chineál seo, rud atá tábhachtach don duine daonna, sílim - is é sin an teacht le chéile i ngrúpa mór, ag daoine a bhfuil an spéis chéanna acu, in aon spás amháin, leis an ngnáthshaol a fhágáil tamaillín agus díriú ar rud níos mó. Ní adhradh ceathrar ceoltóir méanaosta atá i gceist agam, ach ligint do na ceoltóirí sin muid a a thabhairt leo ar aistear, muid a mhealladh le ceiliúradh a dhéanamh ar a bheith beo agus ina gcuideachta agus iad ag casadh ceoil a mhúsclaíonn cuimhní agus mothúcháin ionainn, smaointe a bhaineann go minic le pointí tábhachtacha inár saol.

Ar ndóigh tá cúis amháin eile fós leis an oilithreacht. Creidim go bhfuil sé tuillte ar a laghad uair amháin ina shaol ag Maigh Eoch go dtabharfadh sé cuairt ar Pháirc an Chrócaigh agus teacht as arís agus ardú croí air. Tá mé ag brath ort a Bhono - ná lig síos mé.....

6 comments:

  1. "an teacht le chéile i ngrúpa mór, ag daoine a bhfuil an spéis chéanna acu, in aon spás amháin, leis an ngnáthshaol a fhágáil tamaillín agus díriú ar rud níos mó"

    Is fíor duit faoin eispéireas seo, gan dabht. Thuig na Naitsithe é sin chomh maith nuair a thionóil siad an Reichsparteitag ("Nuremberg Rally" i mBéarla) gach bliain.

    ReplyDelete
  2. Bhuel, a Dennis, is dócha go raibh na Naitsithe ag teacht i dtír ar ghné de nádúr sóisialta an duine nuair a d'eagraigh siad na hócáidí sin. Ach cén fáth gur roghnaigh tú na Naitsithe? Bíonn conventions ag Páirtí Daonlathach Obama chomh maith céanna, ag gach eagras reiligiúnda ar domhan, ag eagraíochtaí aindiagacha - is é an mothú céanna atá le fáil ag pobal a dhéanann freastal ar an amharclann nó ar chluiche cispheile.... An rud a bhaineann leis an gceol, dar liomsa, ná más duine a bhfuil dúil aige ann, de réir mar a ghluaiseann tú tríd an saol, bíonn tú ag bailiú chugat féin fuaimrian do bheatha. Nuair a théann tú chuig ceolchoirm agus na hamhráin a bhuail sprioc i do chroí a chloisteáil arís, ardaíonn sé do spiorad. Seans go mbeadh míniú ag údar an leabhair "Musicophilia", Andrew Sachs, a raibh trácht anseo cheana air, leis an motú seo i dtéarmaí néareolaíocha - pé cúis atá leis, is maith liom é!

    ReplyDelete
  3. A Thaidhg nách bhfuil Maigh Eó sa chluiche ceathrú cheannais i mbliana agus seans nách beag acu.

    ReplyDelete
  4. Ah John! Tá an Gaillmheach seo croíbhriste fós maidir le cúrsaí peile, agus níl amhrán ar domhan in ann mo spiorad a ardú...:-(

    An méid sin ráite, go n-éirí go geal libh a pheileadóirí Mhaigh Eo! Agus Dún na nGall! An féidir an dá thrá a fhreastal?

    Maidir le fuaimrian an bheatha, a Thaidhg, is féidir leo duine a chur in ísle brí chomh maith céanna dá mbeadh cuimhní cinn brónacha ag baint leis an amhrán. Ar ndóigh, ní tharlóidh a leithéid do dhuine ar bith a bheas ag ceolchoirm U2…:-)

    Beidh m’iníon ann anocht freisin. Bain sult as!

    ReplyDelete
  5. Is rud pearsanta é, is dócha. Ní maith liom a bheith páirteach i ngrúpaí ollmhóra. Seachnaím staideanna agus mórshiúlta. Is fearr liom ceolchoirm bheag i dteach nó i halla beag. Is fearr liom comhrá le duine nó dhó ná ócáid mhór phlódaithe. Is léir ó na samplaí a luaigh tú, áfach, gur rud "value neutral" ann féin í slua mhór eagraithe. Cosúil le cumhacht adamhach? ;-)

    ReplyDelete
  6. Is féidir an slua-aigne a mhunlú chun maitheas nó oilc, cosúil le mórán rudaí daonna. Spreagann an slua misneach agus dánaíocht ina mbaill - deánfaidh baill de slua rudaí a bheadh náire nó eagla orthu iad a dheánamh ina n-aonar.

    Braitheann sé ar an oirfideach - Bono nó Goebbels!


    Tá an drogall chéanna agus atá ag Donncha ormsa roimh sluaite, ach ní gá go mbeadh an taobh suarach den nadúr daonna in airde i gconaí.

    Fiú sa Ghearmáin - tá na mórsluaite a bhris an DDR chomh tabhachtach chéanna ná coreagrafaíocht Nuernberg.

    ReplyDelete