Wednesday 29 July 2009

I measc an tslua


Chuir Dennis nóta spéisiúil anseo an lá cheana i ndiaidh domsa cur síos ar an bpléisiúr a bhainfeadh le bheith i measc an tslua ag U2. Deir sé nach dtaitníonn sluaite móra leis, gurbh fhearr leis éisteacht le ceol i halla beag. Tuigim dó agus tagaim leis cuid mhaith. An rud a chailltear ag ócáid mhór mhillteach den tsórt ar fhreastal muid air san oíche Dé Luain ná an chaolchúis. Baineann ócáid ar scála ollmhór U2 le reitric, le teacht le chéile daoine atá aontaithe cheana féin, cuid mhaith, maidir le fiúntas na hócáide. Sin é an fáth go mbainfeá i bhfad níos mó sásaimh as ceolchoirm den chineál sin má bhíonn eolas roimhré agat ar na hamhráin. Bhain pléisiúr na hócaide Dé Luain leis na hamhráin a chloisteáil agus brí úr na beatha beo á séideadh isteach iontu. Bua ar leith atá ag U2 ná go n-éiríonn leo an bheatha agus an bhrí sin a chur san ábhar. Is grúpa beo den chéad scoth iad. Cuireann siad ar fad, Bono go háirithe, brú céadach orthu féin ar an stáitse - seó an-fhisiciúil atá ann. Tá an fear beagnach leithchéad bliain d'aois ach tá sé fós in ann rith de sciuird timpeall ar catwalk a bhfuil céad méadar bealaigh ann agus véarsa d'amhrán a bhleaisteáil amach ar an bpointe - níl mórán a bheadh in ann aige ag aois ar bith.

An rud eile a bhaineann leis an gcineál seo ócáide ná an rud a dtugtar "spectacle" i mBéarla air. ("Seó" atá ag focal.ie, nó "feic" agus ciall dhiúltach leis - níl ceachtar acu láidir go leor don bhrí atá i gceist). Tá fíor-scil ag U2 agus a lucht deartha agus eile maidir leis an ngné seo den cheird. Bhí an stáitsiú ar an oíche fíor-spéisiúil go deo.
Os cionn na gceoltóirí, thart timpeall i gciorcal, bhí scáileán so-lúbtha a raibh íomhánna de na ceoltóirí thíos faoi le feiceáil ann, chomh maith le pátrúin theibí anois is arís, grianghrafanna, agus ábhar físe. Ag pointe amháin, bhí fógra ann don charthanacht one.org - píosa cainte ón Ardeaspag Desmond Tutu a bhí ann. In íochtar an scáileáin bhí fotheidil dá chuid cainte ann, i nGaeilge (Gaeilge ghlan, chruinn, beidh áthas oraibh a chloisteáil!).

Is dóigh go raibh na fotheidil sin ann mar go raibh spás ann dóibh ar an scáileán ag an bpointe sin - dá mba i Rio a bhí muid, is i bPortaingéilis a bheadh an téacs, nó Sualainnis, mar a bheas in Gothenberg san oíche amárach. Ach ní hiad na fotheidil amháin a thug aitheantas don teanga s'againne - is léir go bhfuil ceangal déanta le gairid ag Bono é féin idir féiniúlacht na hÉireann agus an Ghaeilge. Ghabh sé búiochas leis an slua i nGaeilge. Chas sé cúpla líne, gan tionlacan, d'amhrán Gaeilge nár aithin mé sular chroch an banna suas an t-amhrán "Beautiful Day" agus ag deireadh na hoíche ghuigh sé "Codladh sámh" orainn. Léiriú é sin ar sheasamh na teanga, ar bhonn siombalach ar aon nós, in Éirinn an lae inniu - athrú suntasach é sin i gcultúr na tíre seo, feictear dom, ón uair ar thosaigh U2 ag casadh ceoil.

3 comments:

  1. Spéisiúl. Ní bhainim le lucht leanta u2, ach ní haon dochar duine dá cháil a bheith ag úsáid na cúpla focail, go hairithe agus gan aon dualgas air.

    Maidir le seó, bheadh focal éigin le taibhse ann feilúnach, feictear dom.

    Taibhsiú?

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. An rud is suntasaí faoi ná go do dtagann an Ghaeilge le híomhá na hócáide sa lá atá inniu ann. Is cuimhin liom nuair a thosaigh mé ag obair le RTÉ i ndeireadh na n-ochtóidí, dá n-éireodh leat léirmheas a fháil ó dhuine de na criticeoirí teilifíse faoi chlár Gaeilge a bhí déanta agat agus blas comhaimseartha air bhíodh réamhrá den chineál seo ann i dtús an ailt:

    "When I think of the Irish language, I think of Christian Brothers foaming at the mouth, as they whipped us senseless while force-feeding us with useless convoluted rules of Irish grammar. And so, it was with considerable trepidation that I sat down to watch (líon isteach ainm an chláir.) What a pleasant surprise it was srl. srl. srl...."

    Tá an lá sin caite.

    ReplyDelete