Monday 20 July 2009

Diamhaslú


Ó tharla go bhfuil oidhreacht Charles Darwin á cheiliúradh i mbliana, thug mé faoi leabhar Richard Dawkins, "The Selfish Gene" a léamh an tEarrach seo. An-scríbhneoir é Dawkins, feictear dom, ó thaobh coincheapanna casta a chur i láthair daoine ar nós mé féin, nach bhfuil cúlra láidir eolaíochta acu.

Tá mé tosaithe anois ar "The God Delusion" a léamh - tuilleadh faoi sin amach anseo.
Gar do thús an leabhair, tarraingíonn Dawkins anuas ceist a chonaic sé ar ghreamán cairr - "Is blasphemy a victimless crime?"

6 comments:

  1. N'fheadar.

    Ní dóigh liom é - ach is deacair aon greim a fháil ar diamhasla. Ní dóigh liom, mar shampla, gur féidir le haindiachaí dia a mhaslú - ach tá Dawkins an mhaith ag maslú daoine a chreideann! Ag imirt drochíde ar an ngasúr atáimid, dar leis.

    Bhí roinnt le rá agam faoi Diamhasla agus an dlí a phlé anseo

    Feictear dom go bhfuil Dawkins in cheann feadhain orthu siúd atá feargach faoi Dhia, toisc nach ndearna sé jab maith go leor. (Mar a phléigh John Waters ar na mallaibh)

    Ach caithfidh mé a admháil nach bhfuil an saothar seo léite agam - is ar altanna leis atá mo thuairim bunaithe. Níl goile agam dó!

    ReplyDelete
  2. Diamhasla: coir gan íospartach.

    An cuimhin libh Oolon Coluphid in _The Hitchhikers Guide to the Galaxy_? Scríobh seisean na leabhair seo a leanas: _Where God Went Wrong_, _Some More of God's Greatest Mistakes_, agus _Who is This God Person Anyway?_

    ReplyDelete
  3. Ceist: an diamhasla é seo?

    http://www.hostinthepost.co.uk/

    ReplyDelete
  4. Braitheann aon choir ar an intinn.

    Feictear dom gur aoir atá i host in the post.

    ReplyDelete
  5. Is dócha nach bhfuil dlíthe diamhaslaithe ann chun Dia a chosaint ach chun daoine a chosaint.
    Is fealsúnacht bhailí é an t-aindiachas/an daonnachas, ach tugaim faoi deara go ndéanann aindiachaithe iad féin a shainmhíniú go minic trí bheag is fiú a dhéanamh de chreidimh dhaoine eile. Ag an am chéanna, tá creideamh docht déanta den eolaíocht acu atá chomh bunúsach le reiligiún ar bith. Is tríd dogmaí na heolaíochta agus tríd na dogmaí sin amháin gur féidir linn teacht ar an fhírinne - cibé rud é sin!
    Níl gach aindiachaí/daonnachtaí mar an gcéanna. Tá aithne agam ar dhaoine nach gcreideann i nDia ach a bhfuil meas mór acu ar chreidimh dhaoine eile - cuid acu gur mhaith leo féin creideamh a bheith acu. Tá daoine eile ann, áfach, atá ina misinéirí don aindiachas - Dawkins ina measc. Is beag difear a fheicim idir é agus na hÍosánaigh agus dreamanna eile a thug faoin Chríostaíocht a scaipeadh... ina gcuid modhanna oibre agus ina gcuid cinnteachtaí ar scor ar bith.
    Is daonnachtaí mé, ach is daonnachtaí mé i dtraidisiún Erasmus nó Thomas More. Ba chóir do achan duine a bheith ina dhaonnachtaí. Ba chóir dúinn ar fad a bheith ábalta luach agus fiúntas a fheiceáil sa chine daonna. Más fíor-dhaonnachtaí thú, tuigfidh tú go bhfuil fiúntas sa duine iomlán, a chreideamh san áireamh. Bíodh nach n-aontaíonn tú leis an chreideamh áirithe sin, tá luach leis agus ba chóir meas a bheith air.
    Is rud é sin gur chóir d'aon sochaí daonna a chosaint. B'fhéidir mar sin go bhfuil cás ann dlí in éadan an diamhaslaithe a bheith againn. Seans go dtiocfadh linn focal níos fearr a aimsiú dó, ach ní chóir go mbeadh ar dhaoine cur suas le masla de chinéal ar bith.

    ReplyDelete