Monday 13 July 2009

Dánlanna an Daingin

Chaith mé cúpla uair an chloig go pléisiúrtha an tseachtain seo caite ag siúl thart ar dhánlanna Dhaingean Uí Chúis. Do bhaile nach bhfuil chomh mór sin, tá neart acu ann. Thosaigh mé sa siopa Commodum. Siopa geansaithe atá ann go bunúsach. Ar chúis eicínt nach dtuigim, chuile uair beo ar shiúl mé isteach san áit ón gcéad chuairt ar thug mé ar an Daingean thart ar an mbliain 1987 nó mar sin, tá an t-albam "Clannad 2" le cloisteáil ann. Chuile uair beo - gan áibhéil dá laghad. Cineál Groundhog Day de chúram, an dtuigeas tú. Ó thaobh na healaíne de, tá bailiúchán breá de shaothar páipéir Marie Simmonds Gooding acu.

Formhór na ndánlanna eile, ní fhaca mé mórán rud ar bith a thaitin liom ann - seachas píosa amháin sa Man Art Gallery, cúpla doras suas ó Thigh Dick Mack. Canbhás radharc tíre teibithe, má tá a leithéid d'fhocal ann, a bhí i gceist ach níor thug mé liom ainm an phéintéara. Níos faide síos an tsráid, bhí réimse bhreá le feiceáil i siopa Lisbeth Mulcahy, idir chriadóireacht agus fhíodóireacht.

Trasna ó ollmhargadh Garvey (tá fios mo bhealaigh go maith timpeall an Daingin agam, ach ní bhím in ann riamh cuimhniú ar ainmneacha na sráideanna, ar an mbaile sin nó i mórán baile ar bith eile), bhí seó ollmhór á réiteach le hoscailt i nGailearaí Susan Callery. Saothar an ealaíontóra thráchtála Graham Knuttel a bhí i gceist. Rinne Knuttel airgead mór as caitíní an Tíogair Cheiltigh, ar mhó a scil in airgead a chaitheamh go fánach ná san ealaín. Is deacair a shamhlú go mbeadh mórán fágtha le húvaráil de shráideanna an Daingin an samhradh seo aige.

Beidh sé spéisiúil a fheiceáil cé mhéad dánlann a bheas fós ar oscailt ann faoi cheann bliana.....

1 comment:

  1. Fáilte ar ais sa blagsphéir.

    Rinne mé cuardach Google leis an abairt "art galleries per capita" agus fuair mé:

    1) San Miguel de Allende a mhaíonn go bhfuil níos mó dánlanna in aghaidh an duine aige ná mar atá i gcathair ar bith eile i México.

    2) Bigfork, Montana; Eureka Springs, Arkansas; Scottsdale, Arizona; Lahaina, Hawaii a mhaíonn an rud céanna maidir leis na Stáit Aontaithe. Meas tú cé acu ceann a bhfuil an ceart aige? Dála an scéil, ní raibh a fhios agam go raibh Bigfork agus Eureka Springs ann ar chor ar bith go dtí anois!

    ReplyDelete