Wednesday 22 July 2009

Cúig leabhar ar son pléisiúir

Tá an fhéile litríochta Gaeilge, IMRAM, a bhíonn ar siúl chuile bhliain i mBaile Átha Cliath i mí Mheán an Fhómhair tar éis iarraidh orm a bheith páirteach in ócáid dar teideal "Cúig leabhar ar son pléisiúir" le linn féile na bliana seo. Tá orm cúig leabhar Gaeilge a mholadh le léamh ar son pléisiúir. Tá smaointe go leor agam agus bainfidh mé taitneamh as an liosta a chur le chéile as seo go ceann seachtaine nó mar sin.

Má tá moltaí ar bith agaibhse, a spreagfadh mo chuimhne maidir le leabhar atá léite agam is atá ligthe i ndearmad nó a chuirfeadh ar an eolas mé faoi leabhar nach bhfuil léite agam go fóill, bheadh an-spéis agam bhur gcuid tuairimí a chloisteáil.

11 comments:

  1. 1. Harry Potter
    2. An t-Aonarán - Iain Mac a Ghobhainn
    3. An Béal Bocht

    Sin mé ó thaobh pléisiúr de. Tá fáthanna eile ann le roinnt leabhair Gaeilge eile ach pléisiúr? Níl's a'm beo.

    ReplyDelete
  2. Och, Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire, bhaineas sult as sin.

    ReplyDelete
  3. Cuaifeach mo Lon Dubh Buí
    Bean Rua de Dhálach
    An Béal Bocht

    ReplyDelete
  4. 1. Fontenoy
    2. Crann Smola
    3. Feis Tigh Chonáin
    4. Seanchas na Féinne
    5. Gearrscéalta an Chéid

    ReplyDelete
  5. L'Attaque
    Fontenoy
    Crann Smola
    An Doctuir Athas

    ReplyDelete
  6. Agus gan amhras
    Lig Sinn i gCathu

    ReplyDelete
  7. Leabhair Shéain!
    Sean Ruiséil agus xxx
    An Cléireach
    An Tionscadal

    Cinnte An Béal Bocht, agus Ná Lig sin i gCathú.

    Ach tá níos mó sa saol ná úrscéalta!
    Farasbarr Feasa ar Éirinn
    Nasruidín

    ReplyDelete
  8. A Thig Ná Tit Orm
    Lá an Phaoraigh

    ReplyDelete
  9. Lig Sinn i gCathú le Brandán Ó hEithir
    Deoraíocht le Pádraic Ó Conaire
    Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann
    Dúil le Liam Ó Flaithearta
    Scothscéalta le Pádraic Ó Conaire
    Lámh Láidir le Joe Steve Ó Neachtain

    ReplyDelete
  10. – Liam Mac Cóil: Fontenoy
    – Joe Steve Ó Neachtain: Lámh Láidir
    – Breandán Ó hEithir: Lig Sinn i gCathú
    – Seosamh Mac Grianna: Pádraic Ó Conaire agus aistí eile
    – Muiris Ó Súilleabháin: Fiche Blian ag Fás (leabhar a léim arís agus arís eile, beidh sé de ghlanmheabhair agam i gceann cúpla bliain…)

    ReplyDelete
  11. Bainim féin sult as na seanchinn fosta... ach i measc cuid mhór úrscéalta úra a bhfuil mé in amhras fána gcaighdeán, mholfainn:

    An Lámh Láidir le Joe Steve
    Díbirt Dé le Pádraig Standún

    más léitheoireacht éadrom ach fiúntach atá i gceist.

    ReplyDelete