Thursday 23 July 2009

Ceartchreidmheacht na heolaíochta

Spreag an píosa anseo an lá cheana faoi leabhar Richard Dawkins roinnt freagraí spéisiúla, ina measc an méid seo:

"Tá creideamh docht déanta den eolaíocht [ag lucht molta an aindiagachais] atá chomh bunúsach le reiligiún ar bith. Is tríd dogmaí na heolaíochta agus tríd na dogmaí sin amháin gur féidir linn teacht ar an fhírinne - cibé rud é sin!"

Ach an fíor é sin?

Seo sainmhíniú den fhocal "dogma" ó Wikipedia, ceann cruinn, sílim:

Dogma is the established belief or doctrine held by a religion, ideology or any kind of organization: it is authoritative and not to be disputed, doubted or diverged from.

An fíor gur féidir labhairt faoi "dogma(í) na heolaíochta"? Nach é próiséas na heolaíochta ná teoiricí a chumadh agus iad a thriail, féachaint an bhfuil siad fíor de réir cúinsí oibiachtúla agus má tá, glacadh leo, mura bhfuil diúltú dóibh. De réir mar a chuirtear leis an eolas, bréagnaítear teoiricí (nó rudaí a creideadh a bheith fíor go dtí sin) agus tagann forbairt ar ár gcuid eolais agus dá réir ar ár dtuiscint ar an saol. Is ar an gcaoi sin a ghluais an cine daonna ó bheith ag cumarsáid le comharthaí deataigh agus drumadóireacht go dtí an bhlagáil (cé gur mó an chiall a bhíonn le baint as na sean-mhodhanna scaití ná mar a bhíonn as na blaganna, ach sin scéal thairis).

An féidir próiseas loighiciúil na heolaíochta sin a chur i gcomparáid leis an ngaol atá ag lucht leanta creidimh a bhfuil cur chuige ceartchreidmheach acu leis na dogmaí atá acu?

Mar shampla, tá na milliúin Críostaí ann a chreideann gur sa mBíobla atá fírinne na beatha ar fáil, focal ar fhocal. Is ar an tuiscint seo a bhunaíonn siad an creideamh, nó an dogma, go ndearna Dia an pláinéad seo tuairim is deich míle bliain ó shin. Diúltaíonn siad d'fhianaise na heolaíochta agus na seandálaíochta a bhréagnaíonn an bharúil sin. Maíonn cuid acu, cuir i gcás, gur maraíodh na díneasáir sa tuile agus ar chúis eicínt gur chinn Noah gan aon chúpla de chuid na mbeithíoch sin a thabharit ar bord na hÁirce leis. Ní féidir a n-intinn a athrú mar go gcuireann sé isteach ar an rud a gcreideann siad ann.

Is fada é sin, sílim, ó chur chuige na heolaíochta.

12 comments:

  1. Tá obair eolaíthe ann, agus is fíor an méid a deir tú faoin obair sin. Agus, de réir mo thuiscint, is sa réimse sin a bhí, mar shampla, Richard Dawkins ag feidhmiú agus é ag scríobh "The Selfish Gene".

    Ach ansin tá dearcadh ar an saol, a mhaíonn go bhfuil sé eolaíoch - ach gur creideamh atá i gceist. Uaireanta tugtar "Scientific Humanism" nó rud éigin mar sin air. Ach ní bhíonn an modh eolaíoch i bhfeidhm - creideamh atá i gceist.

    Tá gnéithe den creideamh sin forleathann i measc sciar ard den dream a bhíonn ag plé le heolaíocht. Ach tá sciar shuntasach d'eolaithe freisin a bhfuil creideamh daingean i nDia acu.

    Tá sé tabhachtach gan an dá rud a chuir trí chéile. Scríobh CS Lewis aiste mhaith faoi - "On Obstinacy of Belief".

    ReplyDelete
  2. An argóint atá ag Dawkins, má thugaim liom i gceart í, ná gur ceist don eolaíocht í ceist Dé - an ann nó as dó. Is féidir creideamh i rud ar bith, ar ndóigh - ach an bunús maith é sin leis an saol a chaitheamh? An pointe tábhachtach eile atá aige ná cén chaoi a roghnaíonn tú na rudaí a gcreideann tú iontu? An fíor don Chórán? Nó do leabhar beannaithe na Saíceach, an Gúrú Granth Sahib? Agus munar fíor, céard atá i ndán do na daoine sin? Cén fáth go bhfuil Dia tar éis iad a chur amú?

    Ansin, más Críostaí tú, an nglacann tú leis an mBíobla, focal ar fhocal? Agus mura nglacann, cén tslat tomhais atá agat maidir le creidiúint sa gcuid sin de a nglacann tú leis? Agus má tá tusa ceart i dtaobh na roghanna a dhéanann tú maidir leis an gcuid den Bhíobla a thaitníonn leat, an bhfuil dul amú ar an gCeartchreidhmeach bocht as Alabama a ghlacann leis an rud ar fad, focal ar fhocal, scun scan? An bhfuil dul amú ar an gceartchreidmheach Moslamach a chreideann i ngealltanas an Chóráin go mbeidh dáréag agus trí scór maighdean ag fanacht roimhe sna flaithis tar éis dó an 747 a chrasháil isteach sa túr? Agus má tá, cén fáth?

    ReplyDelete
  3. Tá an ceart ar fad agat, ní cheart a bheith ag caint faoi dhogma na heolaíocht. Mar a deir tú féin is próiséas atá ann a chuireann lenár stór eolais faoin domhan.
    Ar an dóigh chéanna ní chóir dúinn a bheith ag glacadh le creidimh na gCríostaithe/Moslamach/Giúdach bunúsach a dhiúltaíonn don eolaíocht nó don tseandálaíocht mar fhíorléiriú ar na córais chreidimh seanbhunaithe.
    Tá coincheap fadbhunaithe sna mór-reiligiúin ar fad ar a dtugtar 'Foilsiú'. De réir a chéile nochtann Dia a phlean don chine daonna, trí fháithe agus modhanna eile. D'fhéadfadh a rá gur próiséas de chinéal inteacht atá ann. Bhí an próiséas seo ag obair sa Ghiúdachas, sa Hiondúachas, in Ioslam agus sa Chríostaíocht fríd na cianta.
    Tá bunchreidmhigh ann cinnte i ngach reiligiún. Luaigh tú na Críostaithe a shéanann an éabhlóid. Tá tuigbheáil anabaí acu ar an chreideamh agus ar phróisis an chreidimh.
    Ar an drochuair, is chuig na daoine seo go minic a théann Dawkins agus daoine cosúil leis, nuair atá siad ag lorg 'léargas' ar an chreideamh. Bheadh sé chomh maith aige agallaimh a chur ar na daoine i dTeach Big Brother chun léargas a fháil ar shochaí an lae inniu.
    Tá eagla orm i gcónaí roimh an chinnteacht. Chónaigh mé le bunchreideamhach Críostaí uair amháin agus scanraigh sé mé. Bíonn an eagla chéanna orm roimh dhaoine a bhfuil tuigbheáil anabaí acu ar an eolaíocht agus ar uilechumhacht phróisis na heolaíochta... agus tá siad ann: Scientology, Christian Science...

    ReplyDelete
  4. Ag deireadh an lae, sílim go raibh an ceart ag Socrates: "Fear na heagna, tuigeann sé nach bhfuil aon ní ar eolas aige!"
    Beidh conspóid ann go Lá Sheoin Dic maidir le ceist na heolaíochta agus an chreidimh... is é an rud is tábhachtaí ar fad nó go mbíonn meas acu ar a chéile agus nach n-úsáidtear ceann amháin acu chun díspeagadh a dhéanamh ar an cheann eile.

    Nach suimiúil gur troideadh cuid de na cogaí ba fhuiltí riamh i stair an domain ar bhonn credimh, agus gur úsáideadh an eolaíocht chun na huirlisí cogaidh is measa i stair an domhain a dhéanamh.
    Má tá locht le cur ar rud ar bith, ba chóir é a chur ar nadúr an chine daonna, a cheapann mí-úsáid a bhaint as rudaí maithe!

    ReplyDelete
  5. Is dóigh gurb é an deacracht leis na fáithe ná na cinn chearta a roghnú. "Níl ach Dia amháin ann, darbh ainm dó Allah" a deir an phaidir Mhoslamach "agus is é Mahamad an fáidh atá aige". Tá an creideamh Moslamach, ar ndóigh, bunaithe cuid mhaith ar na scríbhinní naofa a dtugann Críostaithe an SeanTiomna air. An fáidh a bhí i Mahamad? Agus seachas go mbaineann muide anseo in Éirinn le brainse eile den traidisiún ónar shíolraigh Mahamad, cén bunús atá ag an gCríostaí gan glacadh leis mar fháidh?

    Céard faoi Joseph Smith Junior, a bhunaigh an Church of Jesus Christ of Latter Day Saints? Ar fáidh a bhí ansin? Agus murab ea, cén tslat tomhais atá againn a bheith cinnte nach raibh Dia ag labhairt tríd? An bhféadfadh teachtaireacht thábhachtach a bheith ag dul amú orainn má chuireann muid na leads óga dea-ghléasta sin ó dhoras nuair a thagann siad ag cnagadh?

    ReplyDelete
  6. Maidir le haon rud nach dtig le duine a chruthú do fhéin, is ar údarás daoine eile a ghlacann sé leis.

    Pé acu eolaíocht nó creideamh! Dar ndóigh, is feidir - ach an achmhainn intinne a bheith ionat, agus na huirlísí cuí - roinnt den eolaíocht a chruthú chuig do shásacht féin.

    Cé go bhfuil cruthúnais fealsúnachta ann do bheith Dé, is é tuiscint idir Críostaithe, Giúdaigh agus Moslamaigh gur chuir Dia eolas breise, eolas nach bhfuil ar fáil do na ceadfaí, ar fáil tríd na fáithe.

    Do Chaitliceach Rómhánach cosúil liomsa, is é Traidisúin na hEaglaise, ar chuid di an Scrioptúir, an slat tomhais.

    Gníomh creidimh, gníomh iontaofacht atá ansin. Ní ceist críocnaithe riamh a bheidh ann, ar an saol seo.

    Beidh siar chíoradh de dhíth, agus scrúdú coinsiasa.

    Ní thig liomsa an Dia Críostaí a chruthú. Ach níl sé ar chumas Dawkins a chruthú go heolaíoch nach ann Dó ach oiread.

    Maidir le do cheist, cén fáth go gcuireann Dia daoine amú.
    Ní chuireann, dar liom. Tá saoirse ag an uile duine, agus acmhainn ceisteanna a chuir. Ceist a chíorann na diagairí Críostaí go minic ná cé a beidh slánaithe, ó tharla gur mian le Dia cách a shlánú. Níl aon fhreagra críochnúil air, mar is ceist do Dhia agus don duine féin é i ngach cás.


    Ach 'sé mo chreidimh go gcuirfear gach deis a chuir Dia ar fáil sa reicneáil agus an cheist dá réiteach iar bhás.

    Sé teagasc na hEaglaise lena mbainim go bfhuil roinnt den fhírinne i ngach creideamh, agus é ar fad ar fáil don duine le dea toil.

    Líonfar - agus líonadh - na mílte leathanach le plé mar seo!

    ReplyDelete
  7. Cuir síos an -chasta ar fhealsúnacht an chreideamh agus na h-eolaíochta.Maith sibh.

    ReplyDelete
  8. Cé hiad na fáithe ar chóir dúinn aird a thabhairt orthu, nach í sin an cheist! Ceist a bhí ag déanamh bhuartha don chine daonna leis na cianta. Bhí agus tá an oiread sin acu ann. Go bunúsach tá dhá rogha ag duine,
    1) Glacadh leis na fáithe a bhfuil glactha leo istigh ina chultúr féin - an 'received wisdom', mar a déarfá... nó
    2) Tamall maith á chaitheamh ag staidéar, ag léamh, ag smaoineamh, ag guí, ag díospóireacht chun teacht ar fhreagraí.

    Tá bealach a haon níos fusa agus is mar sin a théann mórchuid na ndaoine. Go minic, áfach, ní bhíonn bunús maith faoin chreideamh atá acu. Uaireanta is deacair dóibh é a chosaint go héifeachtach. Tá sé compordach dóibh, tá sé mar chuid díobh féin, tá sé ina sólas dóibh. Do roinnt daoine eile, ní leor é. Téann siad síos bealach a dó, an cuartú agus an síorchuartú. Uaireanta faigheann siad freagraí, go minic ní bhíonn aon fhreagra sásúil ann dóíbh, ach tá an cuardach tábhachtach, dúshlánach agus ar deireadh fiúntach - bíodh freagra ann ag an deireadh nó ná bíodh.
    Dar ndóigh, tá bealach a trí ann fosta, an neamhshuim iomlán!

    Bheadh suim agam a fháil amach caidé mar a chuaigh leabhar Hawkins i bhfeidhm ort. Is duine an-suimiúil é, agus tugaim aird mhaith ar a bhfuil le rá aige. Ní aontaím leis ar go leor bealaí, sílim go bhfuil barraíocht den 'argumentum ad hominem' ag baint lena chuid modhanna díospoireachta, ach go lá mo bháis chosnóinn a cheart a bhealach féin a chuardach.

    ReplyDelete
  9. An rud is tábhachtaí ar fad anseo ná... ar cheart dúinn an focal Sikh, a úsáidtear agus aithnítear ar fud an domhain, a athrú go Síceach sa teaingín seo againne?? Psychic???

    Anois, ar ais ar an ábhar atá á phlé, na focail seo ó "Deteriorata":

    "Therefore, make peace with your god, whatever you perceive him to be: hairy thunderer or cosmic muffin."

    http://monster-island.org/tinashumor/humor/deterior.html

    ReplyDelete
  10. Síceach = psychic

    Saíceach = Sikh

    Maidir le "Deteriorata", thaitin an líne seo a leanas liom:

    Be comforted, that in the face of all irridity and disillusionment, and despite the changing fortunes of time, there is always a big future in computer maintenance.

    ReplyDelete
  11. Tarraingíonn mílitriú mílitriú eile: "aridity". ;-)

    Ar éist tú leis an ngearrthóg fuaime de ar mo bhlag fós?

    ReplyDelete
  12. Is maith liom féin an ceann seo thíos le "Deteriorata", fiú mura bhfuil baint ar bith aige leis an ábhar seo!

    ‘Fall not in love, therefore, it will stick to your face.’.

    ReplyDelete