Thursday 16 July 2009

An Bord Snip agus an Ghaeilge



Tá an t-aer ag titim ar an talamh, a chlann. Chuaigh mé tríd an pdf de thuairisc Bhord na Snipeanna agus is cuimsitheach an cháipéis í féin.

Tá mé féin den tuairim le fada go bhfuil an iomarca Taoiseach i mbun na treibhe Gaelaí agus gan oiread sin Indiach faoina gcúram. Aithníonn an Bord é sin, mar a aithníonn sé an locht céanna ar réimsí go leor eile den chóras Stáit. Sílim gur fíor don tuarascáil chomh maith gur caitheadh airgead ar an nGaeilge ar feadh i bhfad agus gan mórán bunús oibiachtúil leis an gcaiteachas. Tá deontais a bhaineann le cás na Gaeltachta i dtús ré an Stáit - deontas tithíochta agus Scéim Labhairt na Gaeilge, cuir i gcás, a raibh tábhacht leo tráth den tsaol ach nach bhfuil aon ghá mór leo a thuilleadh.

Tá mé buartha faoin moladh atá ann deireadh a chur le COGG - eagras a d'fhéach le gníomhú ar bhun eolaíochtúil agus taighde a dhéanamh faoi chúrsaí oideachais. Le grá na trédhearcachta, is cóir dom a lua go bhfaigheann mo chomhlacht, Futa Fata, tacaíocht ó COGG. Níl aon amhras ach go bhfuil obair mhaith ar siúl ag an gComhairle seo in earnáil an oideachais agus tuiscint ar leith acu ar an tábhacht atá le cur chun cinn na litearthachta - dris chosáin atá tar éis forbairt na teanga a choinneáil siar, mar go bhfuil fadhb mhór litearthachta ann i measc phobal na Gaeilge. Tá scil agus tuiscint ag COGG ar an bhfadhb agus tá sí ag díriú ar na ceisteanna cuí go tomhaiste, céim ar chéim.


B'fhéidir go mbeadh an Roinn Oideachais in ann ról COGG a ghlacadh chuige féin, ach.....

Tá moltaí eile a chuireann buairt orm - deireadh a chur leis an mBord Scannán, deireadh (is cosúil) leis an bhfaoiseamh cánach a bhí ar fáil le hinfheistiú i gcláracha teilifíse agus scannán - scéim a thacaigh le tograí ar nós Aifric, cuir i gcás; deireadh le Culture Ireland, a thacaíonn le healaíontóirí Éireannacha taisteal thar lear agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar an ardán idirnáisiúnta; agus ar ndóigh deireadh le Roinn na Gaeltachta agus deireadh le Roinn na nEalaíon. Arís, beidh mé féin thíos leis má ghlactar leis na moltaí seo.

Ní thagann Foras na Gaeilge faoi théarmaí na tuarascála mar go mbaineann sé leis an struchtúr trasteorann. Ach tá gné amháin de shaol na Gaeilge arbh fhiú solas breá láidir a scalladh air. Is é sin Ciste na Gaeilge. Luaitear sa tuarascáil gurb as an gciste seo a mhaoinítear Taibhdhearc na Gaillimhe agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Cén fáth é sin? Má tá ciste ar leith Gaeilge ann (agus cén fáth go bhfuil nuair atá oiread eile struchtúr Gaeilge ann?) cén fáth go bhfuil Comhaltas Ceoltóirí Éireann á mhaoiniú as? Is é an ceol príomhchúram an Chomhaltais, ní an teanga. Cén obair a dhéanann siad leis an teanga a chur chun cinn? Anois, b'fhéidir go bhfuil dul amú orm agus b'fhéidir go bhfuil an-tábhacht leo mar eagraíocht in earnáil na Gaeilge, ach más ea, is go ciúin agus go han-chiúin atá siad ag gníomhú. Ní heol dom go bhfuil mórán ar siúl anseo i gConamara acu, mar shampla. Bíonn comórtais a bhaineann le fonnadóireacht agus mar sin de ag na Fleadhanna Ceoil, ach níl an t-aitheantas céanna ná baol orthu ag baint leo is atá ag comórtais an Oireachtais. Ba chóir scagadh grinn a dhéanamh ar an luach airgid atá á thabhairt ag an gComhaltas d'fhorbairt na teanga i gcomhthéacs a bhfuil á fháil ó Chiste na Gaeilge acu.

2 comments:

  1. Tá Ciste na Gaeilge go h-iomlán faoi dhiscréid an Aire, de réir mar a thuigim, agus tá fás ollmhór tagtha air de reir mar a lean ré Uí Chuív. Is cosúil gur ón gciste seo a mhaoinítear tograí atá gar do chroí an Aire - agus croí a pháirtí. Nó b'as an chiste seo a fuair CCÉ €3m roimh Nollag in ainneoin nár iarr an Chomhaltas go foirmeálta ach €50,000. Thug an tAire miniú ag an am a bheadh níos oiriúnaí dá mbeadh sé ag teacht ó bhéal Fr. Ted seachas béal an Aire féin.
    Shamhlóínn gur olc an mhaise é dá gcuirfí deireadh leis an Údarás - an t-aon fhoras leath stáit/quango atá ionadaí tofa ón bpobal air - ach an gcronóimís uainn Roinn na Gaeltachta - ceist é sin seachas ráiteas?

    ReplyDelete
  2. Nach aisteach nach í an Chomhairle Ealaíon a mhaoiníonn an Taibhdhearc? An de bharr gur cur chuige amaitéarach a bhíodh aige, go dtí le gairid? (Tá an-obair ar siúl ann le blianta beaga anuas).

    ReplyDelete