Saturday 4 July 2009

Ar ais sa stiúideo


Tá mé díreach ar ais ó lár tíre, th'éis lá a chaitheamh ag plé le cúpla amhrán nua a thaifeadadh le mo sheanmhéit, John Ryan. Tá mé féin agus fear Áth Luain ag obair le chéile le fada anois agus airíonn muid an-sábhailte i gcomhluadar a chéile agus muid ag plé leis an bpróiséas cruthaitheach. B'fhéidir go gceapfá gur ráiteas cineál aisteach é sin - an focal "sábháilte" a úsáid - ach tá sé cruinn mar chur síos, go háirithe nuair a bhíonn ábhar pearsanta i gceist.

Tá cuid mhaith tograí déanta agam féin agus John le blianta anuas a bhí an-ghar dár gcroí agus fíor-thaitneamhach le bheith ag plé leo - na halbaim do pháistí, cuir i gcás agus an leabhar/CD do dhaoine fásta, Aniar. Ach nuair is ábhar ón traidisiún atá i gceist, ní ráiteas chomh pearsanta céanna atá á dhéanamh agat.

Le hamhráin nuachumtha atá dírithe ar dhaoine fásta, ach atá dírithe ar an gcéad dul síos ar rud eicínt a rá faoin saol, obair leochaileach atá sa gcomhoibriú stiúideo. Agus cé go bhfuil go leor ama caite os comhair scáileán Digital Performer againn le cúig bliana anuas, ní hé an t-uafás uaireanta atá caite againn ag plé le hamhráin a cumadh ar mhaithe leo féin, seachas ar mhaithe le ceann de na tograí thuasluaite. Cineál faoisimh a bhí ann a bheith ag spraoi arís inné le smaointe ceoil agus gan aon sprioc ama ná margaidh a bheith ag baint leo.

An rud a thaitin riamh liom faoi John ná a bhreithiúnas eagarthóra - is ceoltóir fíor-chumasach é,ach más ea féin, ní theastaíonn riamh uaidh an traic a spraeáil le nótaí, lena chumas virtuoso a chur in iúl - tá sé níos cinnte dó féin ná sin.

Is minic a chuireann sé síos ar a chuid moltaí ceoil i dtéarmaí físiúla. Mhol sé struchtúr áirithe inné agus é ag caint ar líne curfá a bhí le teacht arís is arís ag pointí áirithe sa bpíosa a bhí idir lámha againn. "We could stand them up like markers" a deir sé - "like telegraph poles on a bog road". Ó bharr a chinn a thagann na híomhánna seo agus níl aon mhór is fiú ná cuir i gcéill i gceist.

Chuir muid bunstruchtúr ar cheithre phíosa nua inné - lá maith oibre! Tá mise ag bualadh bóthair ar maidin le cúpla lá a chaitheamh ag giggeáil ó dheas (tá cúpla ticéad fanta don seó san amharclann nua sa Daingean, Lab na Mainistreach, san oíche Dé Máirt!) agus faoin am go dtiocfaidh muid le chéile arís, faoi cheann deich lá no mar sin, beidh forbairt déanta ar na traiceanna aige. An uair sin, déanfaidh mé mo ghlór a thaifeadadh in athuair, oibreoidh mé ar na línte giotáir agus seans go gcuirfidh mé cúpla eilimint eile chomh maith ann, de réir mar a ritheann siad linn - comhcheol gutha, dord, orgán béil srl.

Obair thrialach atá ann faoi láthair, ag iarraidh na smaointe a bhfuilim ag spraoi leo le cúpla mí a chur i bhfoirm taifeadta, agus seasamh siar go fuarchúiseach uathu.

Tá an comhoibriú sin ar cheann de na rudaí a mheallann i dtreo an cheoil mé - an deis a bheith ag cruthú i gcomhar le daoine eile. Sin ceann de na fáthanna nach bhfuil spéis agam úrscéal a scríobh, cuir i gcás - obair uaigneach í sin, ró-uaigneach domsa.

Tar éis na gigeála, tá fúinn cúpla lá a thógáil go réidh ó dheas. Tá sé i gceist agam beagáinín beag oibre a dhéanamh - caithfidh mé díriú ar an léitheoireacht a bhaineann leis an script a bheidh á scríobh agam do chlár drámaíochta faisnéise faoi shaol Raiftearaí. Ach tá súil agam cúpla iarnóin a chaitheamh ar Thráigh an Fhíona chomh maith céanna, mura mbeidh Corca Dorcha ró-dhorcha chuige sin.

Beidh an garraí gan saothrú, mar sin, go ceann seachtaine nó deich lá.

5 comments:

  1. Bíonn tú ag saothrú, is cuma cá mbíonn tú, a chara, bail ó Ché ort!

    Beidh mé ag tnúth leis na torthaí!

    ReplyDelete
  2. An é an John Ryan seo an té a bhí mar chuid den "Granny's Intentions", racghrúpa a bhain cháil éicint amach dóibh fhéin ag deireadh na seascadaí agus tús na seachtódaí. Mas ea, is gaol fada amach uaim é.

    ReplyDelete
  3. Aontaím le hÁine, agus mise ag tnúth go mór leis na torthaí. Bail ó Dhia ar an obair siúd!

    Slán

    ReplyDelete
  4. Go n-éirí libh! Is fada liom uaim an stúidió. Bhíodh mana againn - bíonn níos mó ama de dhíth i gcónaí (It always takes longer). Is deas an rud é nach bhfuil aon teorainn ar an am agaibh.

    ReplyDelete
  5. Is é an John Ryan céanna ina bhall de na "Grannies" agus is liosta le háireamh iad na grúpaí agus ceoltóirí ar chas sé leo ó shin i leith.

    ReplyDelete