Wednesday 15 July 2009

10,000 maniacs!

Bhí grúpa ag an amhránaí Natalie Merchant tráth agus 10,000 Maniacs mar ainm orthu. Nó b'fhéidir gur cruinne a rá go raibh Natalie Merchant ina ball, seal, den ghrúpa 10,000 Maniacs. Níl a fhios agam an bhfuil siad ann mar mhaniacs a thuilleadh ach tá Natalie ag treabhadh léi i gcónaí - bhí an-chuma ar an albam deiridh dá cuid, Motherland.

Ach ní le Natalie a mholadh atáim ach le buíochas a ghlacadh libhse, a lucht léite, agus an pháirt a bhí agaibh sa méadú leanúnach atá tagtha ar líon na n-amas atá á gcóireamh in íochtar an leathanaigh. Focal nua é "amas" a thug mé liom ó thosaigh mé ag cartadh sa ngarraí seo, i dtús na Márta - cén cúlra atá leis mar fhocal, meas sibh?

Ar chaoi ar bith, tá 10,000 amas go dtí seo ann agus an clog ag ticeáil leis i gcónaí.

Muisteais frog oraibh ar fad!

3 comments:

  1. Áthas orm a rá go bhfuilimse ar dhuine de na maniacs sin a thagann ar cuairt go rialta, a chara.

    Agus fáilte ar ais! Is mór linn do chuideachta in earnáil na mblaganna!

    ReplyDelete
  2. Is oth liom a rá nach bhfuil aon scéal ró-shuimiúil taobh thiar den fhocal "amas". Bhí an focal céanna ann, faoin litriú "ammus", sa tSean-Ghaeilge, agus leis an réimse céanna bríonna atá leis inniu. Séard atá ann ná an t-ainm briathartha den bhriathar "ad·midethar" = aimsigh ar, iarracht a thabhairt ar, meas a thabhairt ar.

    Bhuel, óicé, tá rud suimiúil amháin anseo. Tháinig an briathar "aimsigh" ón ainm briathartha "amas" i ré na Meán-Ghaeilge.

    ReplyDelete
  3. Amo, amas, amat, amamus, amatis, amant.

    ReplyDelete