Friday 18 September 2009

Léigh go Réidh

Bhí mé páirteach in ócáid phléisiúrtha ag an bhféile Imram arís aréir - "Léigh go Réidh" - plé painéil le neart ionchuir óna a raibh i láthair agus muid ar fad ag cur síos ar leabhair Ghaeilge a thaitin linn. Bridget Bhreathnach, Anna Heussaff agus mé féin a bhí i mbun roghnaithe. B'fhéidir gur cuimhin le cuid agaibh gur iarr mé moltaí oraibh anseo píosa ó shin. Is iad an chuid a roghnaigh mé sa deireadh ná:

An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire le Biddy Jenkinson
Nár fhagha mé bás choíche le Liam Mac Con Iomaire
Féar Suaithinseach le Nuala Ní Dhomhnaill
Dúnmharú sa Daingean le EÍlis Ní Dhuibhne agus
Foclóir Gaeilge Béarla le Pádraig Ó Duinnín

Tháinig moltaí go leor eile inár dtreo ón urlár. An ceann ba spéisiúla ná cur síos a rinne Colleen (Cailín?) Gaeilgeoir Meiriceánach a chuir síos ar an gcaoi gur féidir foclóir an DUinnínigh a úsáid mar chlár ouija - cuireann tú ceist ar an bhfoclóir agus osclaíonn tú an leabhar ar an leathanach a dtreoraíonn an chinniúint tú ina threo. Ná trailigí é sin sa mbaile, a chlann......

4 comments:

  1. Meas tú céard a cheapfadh an Duinníneach faoin gcraic sin...:-)

    ReplyDelete
  2. Cúpla leabhar eile don liosta! Agus, creid é nó ná creid, tá ainm ar an ealaín sin a mhol an cailín Meiriceánach don chomhluadar: stichomancy. Níl sé ag focal.ie. Dála an scéil, cad é do bharúil ar an gcomhéadan nua atá ag focal.ie? Tá ceathair dhath ar fáil dúinn anois. "Rognaigh [sic] dath," a deir sé ar dheis. Roghnaigh mise an dearg-oráiste gáifeach.

    ReplyDelete
  3. Stichomancy, ab ea? Is tú tobar an eolais, a Dennis. Ní móide go mbeadh an Duinníneach róthógtha leis an deasghnáth - ach má bhí duine ar bith in ann focal Gaeilge a aimsiú le cur síos a dhéanamh air, ba é síud an buachaill.

    ReplyDelete
  4. Uptha foclóra, seans?

    Tá a lán le rá aige faoi upa, a d'aimsigh tríd an gcúldoras - ag lorg fortune in Is iomaí duine ag Dia

    ReplyDelete