Wednesday 16 September 2009

Seáinín Smaoiseach - Blaisíní Beatha

Tá an blag seo ar nós mar a bhíodh busanna Bhleá Cliath - bíonn tú an tsíoraíocht ag fanacht ar cheann agus ansin tagann trí nó ceithre cinn in éineacht.

Tá cur síos déanta agam cheana anseo ar shaothar Sheáinín Smaoisigh. Tá cúpla clip nua foilsithe aige féin an tseachtain seo, ina measc athleagan spéisiúil seo ar an gclár cócaireachta Blaisíní Beatha. Is é atá roghnaithe mar fhíseán na seachtaine seo - tuilleadh ábhar staidéir do na sochtheangeolaithe...

3 comments:

  1. B'shin tú féin sa bhfíseán, b'ea?!

    ReplyDelete
  2. Tá an blaiseadh seo ó Sheáinín Smaoiseach ar mo bhlag agam ó thús na míosa, a Thaidhg, agus bím ag éisteach leis ó am go chéile nuair a theastaíonn gáire groí uaim...:-)

    Fáilte ar ais!

    ReplyDelete
  3. Is mé! Feictear dom gur fearr an Ghaeilge a thug Seáinín dom ná mar atá agam féin. Tá athleagan iontach déanta le gairid de COronation Street chomh maith aige.

    ReplyDelete