Wednesday 23 September 2009

Éire agus an domhan mór

"The summit was imbued with a sense of gravity with Mr Obama, Mr Ban and Mr Cowen all saying its participants would be judged by history."

Tá an líne sin thuas le léamh i dtuairisc san Irish Times ar maidin faoin gcruinniú mullaigh i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe inné. Is dóigh go luíonn sé le nádúr go ndéanfadh an tIrish Times tuairsciú ar an méid a bhí le rá ag an bhFear Mór s'againn féin. Feictear tuairisceoireacht den chineál sin i nuachtáin na hÉireann chuile lá.

Níl mé a rá go bhfuil an té a scríobh ag iarraidh a chur in iúl gur ceannaire domhanda é Taoiseach na hÉireann a bhfuil an aird chéanna go hidirnáisiúnta air is atá ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ag Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

Ach nuair a léifeá an cineál sin tuairisce lá i ndiaidh lae, go háirithe más duine thú nach mbíonn mórán déileála i do chuid oibre nó eile agat leis an domhan mór taobh amuigh d'Éirinn, ghlacfá leis go bhfuil aird ag an domhan ar Éirinn.

Is cinnte go bhfuil dul chun cinn an-mhór déanta le mo linnse ag an an tír seo, ach ní de bharr gur tír bheag í a bhfuil ómós ag náisiúin mhóra an phláinéid uirthi. Tá dhá chúis leis - de bharr gur ball d'Aontas na hEorpa muid agus de bharr infheistiú idirnáisiúnta, go háirithe ó Mheiriceá. Tá cúpla cúis leis an infheistiú Meiriceánach. Tá diaspora mór Éireannach ann agus is i Meiriceá atá a bhformhór, rud a chothaíonn bá leis an seanfhód. Ach ní shin an chúis is mó atá leis an deireadh a bheith le bochtanas forleathan in Éirinn. Tá córas corparáideach cánach sa tír seo ann atá an-tarraingteach do chomhlachtaí Meiriceánacha (faoi láthair ar aon nós). Tá daonra óg againn a bhfuil oideachas maith air agus rud an-tábhachtach i saol idirnáisiúnta an lae inniu, Béarla líofa. Ach an chúis is tábhachtaí, b'fhéidir, ná gur ball í Éire den Aontas Eorpach. Geata isteach sa ngort mór sin í Éire.

Má vótálann muid in éadan Chonradh Liospóin de bharr bolscaireacht bhréagach atá á scaipeadh faoin iliomad ceisteanna nach mbaineann le hábhar, cothófar éiginnteacht go hidirnáisiúnta.

Cúpla bliain ó shin, bhí cur is cúiteamh ann faoin gcóras cánach a bhain le faoiseamh a thabhairt d'infheistíocht i dtograí scannán sa tír seo. Bhí an chuma ar an scéal go raibh deireadh chun teacht leis. Cinneadh síneadh bliana a chur leis an scéim agus le hathbhreithniú a dhéanamh an uair sin air. Ag an am, bhí ag éirí go maith leis an tionscal agus bhí tograí móra á mealladh go hÉirinn. Ach bíonn ar lucht scannán a bheith ag breathnú cúpla bliain chun cinn i gcónaí mar go dtógann sé an t-achar sin togra a thabhairt ó thús go deireadh an phróisis. De bharr na héiginnteachta a bhain leis an athbhreithniú a bhí le teacht, thriomaigh an tobar. Chinn na comhlachtaí scannán a gcuid gnó a dhéanamh áit eicínt eile.

Is tromchúisí go mór an éiginnteacht a chothófaí dá ndiúltódh muintir na hÉireann do Chonradh Liospóin ar an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair.

14 comments:

  1. Tá bolscaireacht bhréagach á scaipeadh go flúirseach ar an dá thaobh, nó cuid den dhá thaobh ar aon nós.
    Is léir ón bpíosa seo uait go gcreideann tú i mbolscaireacht lucht Tá.

    Beidh tú ag vótáil mar gheall ar eagla a áiríonn tú.
    Dúradh leat go mbeidh éiginnteacht ann, agus iarmhairtí tromchúiseacha agus creideann tú é.
    Ní maith le héinne éiginnteacht agus iarmhairtí.

    Cheapas go rabhas ag léamh bileog bholscaireachta ó IBEC nó dream éigin dá leithéid; "cothófar éiginnteacht go hidirnáisiúnta" "Is tromchúisí go mór an éiginnteacht a chothófaí"... "Béarla líofa"... "Geata isteach sa ngort mór sin í Éire."
    Is iomaí geataí isteach sa ngort mór na hEorpa. Ach níl cáin chorparáideach 12.5% ar bhrabúis chomhlachtaí móra acusan. Is é brabús an chloch is mó ar a bpaidríní, agus tá níos mó cumhachta aige ar a gcinntí ná "Béarla Líofa".

    Ba rud maith é dá n-áireodh níos mó Éireannach éiginnteacht agus eagla faoin bhfíric go bhfuil an tAire Airgeadais ag iarraidh an bhoilgeog thithíochta a aththosnú lena gcuid airgead.

    ReplyDelete
  2. Ró-shimplí atá do léamh, a Dhubhaltach.

    Tá na freagraí a luann Tadhg thuas tugtha arís agus arís eile ag lucht gnó i suirbhéanna.

    Tá cúis ann go bhfuil Intel ag caitheamh airgead ar thaobh lucht Tá - toisc go gcaillfidh siad gnó anseo má theipeann ar an gConradh.

    Ní gá go mbeadh rud bréagach cionn is go bhfuil IBEC á rá!

    ReplyDelete
  3. B'fhéidir gurb é an cúis go bhfuil Intel ag caitheamh airgid ar thaobh 'Tá' go bhfuair an chomhlacht sin fíneáil €1bn+ ón gCoimisiún as ucht bheith ag déanamh calaois sa mhargadh agus go bhfuil idirbheartaíocht ar siúl anois ag an gcorporáid chun fíneáil níos ísle a fháil. Mar a chéile le Ryanair.....

    Ní gá gur bréag a bheadh i gceist - ach níl an fhirinne á insint go h-iomlán.

    Táimse ag votáil 'níl' mar go gcreidim go bhfuil leas le baint - agus bainte - ag Éirinn as an Aontas Eorpach - cé gur íocamar go daor as an leas céanna nó gheilleamar ár dtionscal iascaireachta don Aontas. Creidim, áfach, go bhfuil rud éigean mícheart le Liospóin nuair nach bhfuil rialtais uilig na hEorpa sásta é a chur os comhair a dtoghlaigh. Táim buioch mar sin do Raymond Crotty as an cheart sin a shaothrú dúinn....

    ReplyDelete
  4. "The summit was imbued with a sense of gravity with Mr Obama..." Mar is iondúil, gan aon substaint taobh thiar de. Má tá tú leis An Té, is duine tábhachtach thú, dar ndóigh. Muise.
    Is cuma sa tsioc linn i Meiriceá más ball den AE sibh nó murab ea, ach amháin má chuireann an tAE iachaill oraibh maidir le cáin srl. Ní maith le haon chomhlacht rialacha níos casta...ach amháin na dlíodóirí.

    ReplyDelete
  5. Is iontach an méid clout cultúrtha agus atá ag Éirinn. Tá an daonra céanna sa Phoblacht agus atá i Stát Kentucky, a bheag nó a mhór, agus tá North Dakota beagán níos mó ó thaobh an achair de. :-)

    ReplyDelete
  6. @ Aonghus

    Tá a fhios agam cad a deir lucht gnó na hÉireann, tá an phobalbhreith a rinne IBEC feicthe agam. An tseoid sin don dream atá ar son an Chonartha.
    Ceapann lucht gnó -80% acu- go mbeadh sé níos fearr don gheilleagar dá vótálfadh muintir na tíre i bhfách leis an gConradh.
    Tá an tuairim seo ann toisc gur tharla cúlú domhanda idir an chéad vótáil agus an ceann anois.
    I ndiaidh do chéad vótáil níor tharla aon ní as an ord don gheilleagar, níor thug infheisteoirí ar na margaí bannaí droim láimh dúinn.
    Tháinig ár bhfadhbanna mar gheall ar pheacaí an rialtais agus na mbanc anseo go príomha, agus go hidirnáisiúnta.

    Caithfidh mé a rá go bhfuilim go hiomlán idir dhá chomhairle maidir leis an gConradh, níl a fhios agam cén treo a vótálfas mé.
    Ach cuireann sé múisc orm go mbunódh éinne a t(h)uairim, nó go gceapfaí gur chóir vótáil ar a shon bunaithe ar thuairimíocht cad a dhéanfaidh spéacláiriú caipitlíoch má vótálann an tír ina haghaidh.

    Má tá aon éiginnteacht ann is as an mBruiséil a thagann sé, óir beidh gnó san AE (thall agus abhus) ar oscailt fós.
    Is é an fhadhb ná níl a fhios ag éinne cad a dhéanfaidh na máistrí sa bparlaimint, ní bheidh siad sásta linn, mar sin tá eagla ann go mbéarfaidh siad an liathróid abhaile leo. Mura bhfaigheann siad an toradh atá uathu.

    ReplyDelete
  7. Molaim thú, a Dhubhaltaigh.

    Tá amharc glinn agat agus leabhair tú an fhirinne.




    Fearn

    ReplyDelete
  8. "Is é an fhadhb ná níl a fhios ag éinne cad a dhéanfaidh na máistrí sa bparlaimint, ní bheidh siad sásta linn, mar sin tá eagla ann go mbéarfaidh siad an liathróid abhaile leo. Mura bhfaigheann siad an toradh atá uathu."

    Agus beidh sé amhlaidh le gach aon vóta as seo amach, má ghlacfar leis an gconradh seo, freisin.

    ReplyDelete
  9. Cén fáth go mbeadh tusa in aghaidh an Chonartha a Shéamais?
    Cuireann sé eagla orm nuair atá fear coimeádach ó Mheiriceá ag caitheamh anuas ar an Eoraip agus a Chonradh !!

    ReplyDelete
  10. Ní chun leasa SAM AE láidir, a bhfuil aird aici ar rudaí seachas a imleacán párlathais féin.

    ReplyDelete
  11. Sílim féin go bhfuil an lucht gnó níos eagraithe an uair seo mar nach raibh súil acu anuraidh go ndiúltófaí don chonradh agus níor bhac siad le mórán páirte a ghlacadh sa bhfeachtas. Bhí an rialtas agus an tír trína chéile an uair sin ag scéalta osréalaíocha Bhertie Ahern a bhí ag teacht chugainn, lá i ndiaidh lae, ón mBinse Fiosraithe.

    Ansin d'éirigh seisean as gan choinne agus gan ach sé seachtainí le himeacht roimh an reifreann. Ní raibh dóthain ama ag Brian Cowen é féin a shocrú isteach i suíochán an Taoisigh agus ceannas a ghlacadh ar fheachtas cruinn, soiléir. Dá bharr sin, níor bréagnaíodh bolscaireacht an lucht "Níl" go héifeachtach. Chreid cuid mhaith de mhuintir na hÉireann ag an bpointe sin go raibh an tír seo go maith as agus gur mar sin a bheadh go deo. D'airigh siad go mba chuma faoin gcaidreamh idir Aontas na hEorpa agus an tír seo. Vótáil cuid mhaith daoine in éadan an chonartha mar gur airigh siad nár thuig siad é.

    Maidir leis an gceist eile a tharraing tú fhéin anuas i do chéad nóta, a Dhubhaltaigh, faoi NAMA, tá mise míshuaimhneach faoin scéal sin, cinnte. Ach scéal ar leith atá ann agus tá sé tábhachtach déileáil ar an mbonn sin leis.

    ReplyDelete
  12. Tá moltaí éagsúla amuigh ansin ar cén chaoi is fearr le déileáil leis an éigeandáil airgeadais atá ar siúl faoi láthair in Éirinn agus is é NAMA ceann de na moltaí is MEASA atá amuigh ansin. Iad siúd a thacaíonn go láidir le NAMA, tá dlúth-bhaint ag beagnach gach duine acu le forbairtí tithíochta - Ray Mac Sharry, Frank Fahey mar shompla.

    Tá moltaí eile déanta ag daoine eile (an t-Ollamh Honohan - "NAMA 2.0"- mar shompla) agus iad seo pléite ag ollúna agus léachtóirí Éireannacha i gcúrsaí eacnamaíochta ar nós Brian Lucey agus Karl Whelan ar irisheconomy.ie agus ar bhlag an dochtúir Gurdgiev http://trueeconomics.blogspot.com/ (moladh do "NAMA 3.0").

    Dúirt ball rialtais de chuid Fhianna Fáil liom -ar féidir braith ar a chumas chun na fírinne a labhairt - an tseachtain seo caite gur dhúirt Éamon Ó Cuív leis gur mheas Éamon ó Cuív féin go bhfuil réitigh níos fearr amuigh ansin seachas NAMA agus gur mheas sé - ó Cuív - nár thuig go leor de na hairí rialtais féin impleachtaí NAMA chomh maith sin! (Níor chuir an píosa cainte sin iontas dá laghad orm - tá Ó Cuív go maith ag figiúirí. Thaitneodh sé liom mar sin dá labharfadh sé amach go poiblí in aghaidh NAMA - agus leas an phobail a chur roimh a pháirtí).

    Anois, cé go bhfuil an dréacht de Reachtaíocht NAMA léite agam ar fad (8 n-uaire an chloig - 136 lth), níor léas agus ní léifidh mé an dréacht do Chonradh Liospóin, ceal ama.

    Meastú bhfuil duine ar bith ar an tsnáth seo a bhfuil sé léite acu?

    Meastú, as an méid daoine atá ag achainí orainn "Tá" nó "Níl" a bhótáil ar an 2ú Deireadh Fómhair, bhfuil an téacs de Chonradh Liospóin léite acu?

    Cé mhéid tráchtairí polaitíochta sna nuachtáin a bhfuil sé léite acu?

    Cé mhéid de na daoine a scríobhann litreacha faoi Chonradh Liospóin chuig Eagarthóirí nuachtáin nó irisí a bhfuil sé léite acu?

    Is fíor-chorr dhuine dóibh siúd a thagann chuig ar ndoirse ag achainí orainn "Tá" nó "Níl" a bhfuil sé léite acu.

    Cé gur bhótáil mé i bhfábhar Chonradh Liospóin an uair dheireanach, ar na cúiseanna a luaigh Tadhg thuas, nílim chomh cinnte an uair seo. Tá sé deacair breithiúnas cóir a thabhairt ar rud nach bhfuil léite ag duine.

    Rud amháin atá foghlamtha agam ó léigh mé an Dréacht do NAMA ná go n-insíonn roinnt polaiteoirí bréaga agus nach saineolaithe i gcúrsaí eacnamaíochta cuid mhór acu. Cuid eile acu, is ar a leas féin amháin atá siad sa jab.

    Tá sé i gceist agam, mar sin, neamhaird a dhéanamh d'aon chomhairle a fhaighim faoi Chonradh Liospóin ó éinne nach bhfuil an dréacht den Chonradh léite aige nó aici.

    Glaofad, an deireadh seachtaine seo, ar fhear ón gCré Dhubh a gcloisim go bhfuil sé léite aige agus a bhfuil tuiscint mhaith aige.

    ReplyDelete
  13. Chuile dhuine agus a dtuiscint féin acu.

    I ndeireadh na dála, an bhfuil a fhios ag aon duine againn cén toradh a bheadh ag 'tá', nó ar 'níl', sa chás seo, fiú dá mbeadh an diabhal rud léite go hiomlán againn? Sé mo thuairim nach bhfuil na polaiteoirí iad féin cinnte, gan trácht orainne.

    Beidh le feiceáil...

    ReplyDelete
  14. Níl, buíochas le Dia, cionn is gur daonlathas atá againn : breith, beag beann ar ghlafadóirí.



    Fearn

    ReplyDelete