Saturday 26 September 2009

Lapadán


Bhí plé anseo píosa maith siar faoin bhfocal "lapadán" - "lapadán lathaigh" a bhí cloiste agam anseo i gConamara ar "frog". I gcaitheamh na seachtaine, chuala mé Conall Ó Dufaí (sílim gur mar sin a litríonn sé a shloinne) ag caint ar R na G faoi eilifint agus an focal "lapadán" aige ar bheithíoch na sróine móire. "Lapadán, nó eilifint" a bhí aige, mar gur mheas sé, is dóigh, nach dtuigfeadh chuile éisteoir é gan an ghluais bheag sin a chuir leis.

An bhfuil an bhrí sin den fhocal "lapadán" cloiste ag daoine eile? Níl agamsa - an ceapachán Conallach de chineál eicínt atá ann?

6 comments:

  1. Sin spéisiúil, Is dóigh liom gur míthuiscint ar na foclaí béarla 'elephant seal' nó 'sea elephant' atá ann, fíorlapadáin atá iontu seo gan amhras, agus lena chois sin srónacha móra orthu. Ni réitíonn sanasaíocht ná stáir an fhocail 'lapadán' le beithíoch allta coimhthíoch mar eilifint. Tá an téarma sin i bhfeidhm i gCúige Uladh go fóill ar eilifint ach ag daoine ar bheagán Gaeilge atá ag iarraidh a bheith 'cliste'. Ádh mór.

    Pól Ó Dúrois , Béal Feirste

    dustyxx@yahoo.com

    ReplyDelete
  2. Níl mé ar bheagán Gaeilge agus níl mé ag iarraidh a bheith 'cliste'. Cibé, is 'lapadán' a bhí againne ariamh ar 'elefant'. Bríd Ní Mh (Ros Goill). IS, Bháil a Thadhg!

    ReplyDelete
  3. Níl mé ag iarraidh a bheidh dímhúinte ar chor ar bith a thaisce, tá daoine thart orm atá ró-chliste gan a bheith ábalta dhá fhocal a chur i dtoll a chéile mar ba chóir, cúrsaí sanasaíochta atá ag cur as domh agus sin mo leithscéal duit. Bain sult as an teanga 's againne, rud thar fóir atá inti, is maith an rud é duine amháin ar a laghad d'ucht freagairt orm. Ná bíodh moill ort teangbháil liom as seo amach. P ó D (Dusty).

    ReplyDelete
  4. Lapadán an focal ceart atá ar elephant, ar ndóigh. Níl san fhocal eilifint ach Béarlachas. Is iomaí focal deas eile Gaeilge nach n-úsáidtear anois: ní sioráf atá ar giraffe, ach dúdaire breac; gruagach rua na gcoillte atá ar an orang-utan, agus ní orang útan; agus maidir leis an scúnc, is é bréanbhroc an Oileáin Úir atá air i dteanga bhinn ár sinsear.

    Ná bíodh imní oraibh - is ag magadh atá mé, ar ndóigh. Mar a deir Pól thuas, baineann daoine úsáid as focail ar nós lapadáin le bheith 'cliste'. Mar shampla, níor chóir ceamara a rá, dar leo - grafán atá ar camera an Bhéarla. (Nach matóg de chineál éigin atá sa ghrafán?) Is fusa comharthaí sóirt na clisteachta a dhéanamh d'fhocail dá leithéid ná foclóir agus gramadach na teanga a fhoghlaim mar is ceart, mar cuid mhór de na daoine a bhíonn chomh beadaí sin faoi na focail seo, is beag fianaise eile atá ann go bhfuil Gaeilge mhaith acu.

    ReplyDelete
  5. Bhí sé ar intinn agam a rá fosta nach bhfuil mé ag rá go raibh Bríd ná a muintir ag iarraidh bheith cliste. Is mór an díol spéise iad focail den sórt sin ach ní bhíonn an chuid is mó acu iontach praiticeálta. Ní bheidh mise ag dul chuig an stáisiún le clár ama na muice duibhe a fháil - bhí an mhuc dhubh in úsáid fadó mar fhocal ar 'traein' i dTír Chonaill ach ar ndóigh ní hionann sin agus a rá gurb é sin an téarma 'ceart' atá ar an mhodh taistil sin i nGaeilge!

    ReplyDelete
  6. I like your work. Its Really Great. After I read this article, I got an idea that I could use for my next step. a few sentences are clearly illustrated here. thank you for writing this article. I got a lot of experience from here.

    ReplyDelete