Wednesday 16 September 2009

Imram


Is fada mé amuigh, mar a dúirt Seán Ó Riordáin, fadó, Is fada mé i mo thost.

Tá mé th'éis a bheith gafa anseo sa ngarraí le tógálaithe, ag iarraidh lúbanna a fágadh ar lár le linn tógáil an tí seo a chur ina gceart, ag cóiriú an gharáiste le spás stórála agus oifig a dhéanamh de agus ag iarraidh luí isteach ar mo script faoi Raiftearaí. Anuas air sin, as seo go ceann coicíse, beidh mé suas agus anuas go Baile Átha Cliath is mé ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla de chuid na féile Imram.

Tá an-séap ar chlár na bliana seo, feictear dom. Bhí an-ócáid aréir sa New Theatre (beagán easpa samhlaíochta san ainm sin, shílfeá) ar Shráid Essex. Istigh taobh thiar de shiopa leabhar Connolly Books atá an amharclann seo - í beag agus leagtha amach go gleoite. Is ann a fógraíodh an gearrliosta do leabhair na bliana. Tá leabhar ag Futa Fata air - Peigín Leitir Móir agus iomaíocht ghéar aici i mbliana uathu seo a leanas: Eachtraí Uchtaigh le Esther Gobl Uí Nualláin (Móinín); Cén t-am é le Siobhán Brogan (Cois Life); Dialann Sár-rúnda Amy Ní Chonchúir le Siobhán Parkinson (Cois Life arís) agus Deirdre agus Mic Uisnigh le Colmán Ó Raghallaigh (Cló Mhaigh Eo) agus leabhar eile miotaseolaíochta, Balor le Caitríona Hastings agus Andrew Whitson (An tSnáthaid Mhór). Tá iontas orm nach bhfuil leabhar Áine Ní Ghlinn "Brionglóidí agus Aistir Eile" ar an ngearrliosta, go háirithe nuair a bhí sé ar ghearrliosta an ghradaim Bisto níos túisce i mbliana. Fógrófar na buaiteoirí ag an Oireachtas i Leitir Ceanainn.

Beidh mé ag sciúirdeáil suas ann arís tráthnóna amárach le páirt a ghlacadh sa bplé painéil "Léigh go Réidh", i gcuideachta Anna Heussaff agus Bridget Bhreathnach. Ag cur síos ar na cúig leabhar is ansa linn (faoi láthair) a bheas muid. Cathal Póirtéir a bheas sa gcathaoir. Bí ann nó bí i do cheathairshleasán rialta mar a deir lucht na Matamaitice.

Tuilleadh faoi Imram go luath.

4 comments:

  1. Comhghairdeas as ucht leabhar le Futa Fata bheith ar an ngearrliosta.

    ReplyDelete
  2. Go n-éirí go geal leis an obair uilig, a chara!

    ReplyDelete
  3. Ba bhreá liom bheith i láthair anocht, ach seachas mé a bheith tinn faoi láthair, bhí orm rogha a dhéanamh cad air d'fhreastalóinn as an himeachtaí iontacha ar fad atá ag IMRAM (Fear gan bean gan chlann, fear gan beann ar aoinne - ach ní hamhlaidh domhsa!)

    Is dócha go mbeidh torthaí mo rogha le feiscint thall ag blag s'agamsa!

    ReplyDelete