Wednesday 30 September 2009

Físeán na Seachtaine - Croíbhualadh - Louis de Paor


Bhí mé páirteach in ócáid de chuid na féile Imram sa gclub cooláilte Crawdaddy i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. I measc na bhfilí agus na gceoltóirí páirteach, bhí an Corcaíoch Louis de Paor a bhfuil cónaí trasna an phortaigh, siar ó thuaidh ón ngarraí uaim anseo, in Uachtar Ard. Ina chuideachta bhí an píobaire Rónan Browne, atá lonnaithe le píosa thart leathmhíle uaim anseo, soir ó thuaidh i mBaile an tSagairt. Tá an bheirt ag obair faoi láthair ar chóiriúcháin cheoil de chuid dánta Louis.

Seo scannán beag álainn a rinne TG4 de cheann de dhánta Louis, "Croíbhualadh".

10 comments:

  1. Tá an físeán dea-dhéanta, gan dabht, ach braithim féin go mbaineann na híomhánna cuid den dán díom. Seasann siad idir an focail (agus guth álainn Louis) agus a ndraíocht. Tá an "féach orm!" níos láidre ná an "éist liom" go minic.

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil, an mbeifeá sásta focail an dáin a thabhairt dúinn anseo? Ní raibh mé in ann é a fháil ar an idirlíon.

    ReplyDelete
  3. Níl mé cinnte cá bhfúil fáil ar an gceann seo, a Dennis - sa gcnuasach "Cúpla Siamach an Ama" b'fhéidir, leabhar nach bhfuil agam.

    ReplyDelete
  4. An-mhaith! É sin ráite, aontaím lena ndúirt Dennis. Taispeánfaidh mé do mo scoláirí é!

    ReplyDelete
  5. Níl a fhios agam cén áit eile len é seo a scríobh ach comhghairdeas, a Thaidhg, as ucht duais an Oireachtais a fháil as ucht an bhlaig/na blaige (bhfuil "Blag" firinscneach nó baininscneach?)!

    ReplyDelete
  6. GRMA, a Chouchou agus mo bhuíochas libh ar fad, a léitheoirí faoin bpáirt a ghlac sibh sa gcur is sa gcúiteamh anseo ón uair ar osclaíodh geataí an gharraí seo, mí na Márta seo caite.

    DAS, firinscneach atá an blag, de réir focal.ie.

    ReplyDelete
  7. Nár lagaí do lámh ar an méarchlár, a Thaidhg!

    ReplyDelete
  8. Comhghairdeas a Thadhg, níl tú ag treabhadh i do gharraí id aonair.

    ReplyDelete
  9. Go raibh maith agaibh ar fad, a chairde!

    ReplyDelete