Thursday 17 September 2009

Ba chóir vótáil ar son Chonradh Liospóin

Cén fáth go samhlaítear údaráis na hEorpa mar lucht comhcheilge ar nós carachtar Peter Sellers sa scannán Doctor Strangelove? Iad ansin ar a míle dícheall thall sa mBruiséal ag pleanáil agus ag scéimeáil maidir leis an méid a dhéanfas siad nuair a bheas an tír seo faoina mbois acu?

Ní mar sin atá! Tá an tír seo th'éis déanamh go maith as an Eoraip agus thar a bheith go maith. Is ar mhaithe linn a bheadh sé an Eoraip a bheith níos éifeachtaí.

Sílim go ndéanann muid dearmad go minic gur pobal oileánda muid. An chuid againn nach bhfágann an t-oileán ach go hannamh, ar mhaithe le sciuird chun na gréine, b'fhéidir, bíonn sé deacair orainn Éire a chur i gcomhthéacs cruinn idirnáisiúnta. Ó tharla go gcaitheann muid ár saol anseo in Éirinn, ag déileáil le hÉireannaigh eile, ní thuigeann muid nach bhfuil oiread céanna spéise ag Eorpaigh eile ionainn.

Le roinnt blianta anuas, tá mise ag freastal ar aontaí trádála a bhaineann le tionscal na teilifíse, an cheoil agus na foilsitheoireachta i gCannes na Fraince, i mBOlogna na hIodáile agus i bhFrankfurt na Gearmáine. An té a chaithfeadh lá nó dhó ag síul thart ar na haontaí sin, thuigfeadh sé nó sí an scála atá i gceist - cúpla acra seastán ag na tíortha móra, coirnéilín beag, ar éigean, ag an tír s'againne. Mar bhall comhtháite den chomhphobal, tá an chuid is fearr den dá leagan amach ag Éire - na suáilcí a bhaineann le bheith ina tír bheag, mhuinteartha agus an fhéiniúlacht bhreise a bhaineann le bheith mar bhall de ghrúpa mór tíortha.

Ba chóir vótáil ar son Chonradh Liospóin.

21 comments:

  1. Níl an dá abairt seo de réir a chéile:
    "Tá an tír seo th'éis déanamh go maith as an Eoraip agus thar a bheith go maith. Is ar mhaithe linn a bheadh sé an Eoraip a bheith níos éifeachtaí."

    " Tá an tír seo th'éis déanamh go maith as an Eoraip agus thar a bheith go maith."
    Mar sin, fág í mar atá sí.


    "Is ar mhaithe linn a bheadh sé an Eoraip a bheith níos éifeachtaí."
    Níl éifeachtúileacht ag brath ar leagan amach eile .i. tír fhiodarálach


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Cathain a bheas sibh ag vótáil air?

    ReplyDelete
  3. Cathain arís, sin a rá, Dennis.

    Má tá sibh sásta dul faoi smacht rialtais eile, cén fáth nach mbeadh sé ní b'fhearr Éire aontaithe a chruthú agus bheith i bhur mball den Ríocht Aontaithe? Ansin bheadh cumhacht agus meas na hEorpa agaibh, gan amhras.

    ReplyDelete
  4. Níl stáit Cónaidhmeach i gceist, ná baol air.

    Ainmhí eile ar fad an Aontas Eorpach, saghas meitheal stáit - ach is ag rialtais na Stáit a fhanann an chumhacht.

    Agus tá an Ríocht easaontaithe ar imeall an aonaigh san Eoraip - is beag meas ná tionchar acu. Níl leigheas ár deacrachtaí ansan.

    Is féidir leis an Aontas cabhrú linn muid fhéin a tharraingt as an bpuiteach inár chuireamar muid fhéin - puiteach a bheadh níos doimhne murach na srianta a ghlacamar leo mar chuid den airgeadas aontaithe.

    Bhíodh meas - agus tionchar dá réir - ag ár dtaidhleoirí sa Bhruiséil. Idir praiseach na mbainc agus teip an Rialtais agus an scoth-aicme abhus Liospóin a mhíniú i gceart don bpobal, tá a lán den dea thoil, a d'fhág go raibh an Eoraip go maith dúinn, ídithe.

    Má theipeann ar an reifreann ar an 2ú DF arís, ainneoin na barántais Lisbon for slow learners a fuair an Rialtas, beidh muid i bpraiseach cheart.

    ReplyDelete
  5. Bhuel, ní minic go n-aontaím le Sinn Féin, agus nílim ar aon intinn leo maidir le gach cúis a luaitear anseo, ach tuigeann siad go mbronnfar cumhacht gan fhreagracht ar rialtas eile má ghlactar leis an gconradh seo, agus seasaim leo an uair seo.
    Ach is cuma, mar níl vóta agamsa!

    ReplyDelete
  6. Sin Sinn Féin Poblachtach - dream ar lú fós a dtacaíocht ná tacaíocht Shinn Féin, agus nach aithníonn an Oireachtas ná an Stát.

    Conas go díreach a bhronnann an Conradh seo cumhacht gan freagarthacht ar Rialtas eile? Agus cén Rialtas?

    Níl Rialtas ag an tAE, toisc nach Stát é. Cuirtear "dlíthe" na hEorpa i feidhm go logánta, tríd Rialtais na mBallstáit.

    ReplyDelete
  7. Ar bhealach, níl rogha againn, i mo thuairim. Ní fheicim cén chaoi ar féidir leis an tír seo maireachtáil taobh amuigh den Eoraip sa lá atá inniu ann.

    Feicimse an mhaitheas, mar a fheiceann Tadhg í, a tháinig chun na tíre seo ón 'meitheal stáit' sin a luaigh Aonghus, agus b'fhearr liom a bheith páirteach i meitheal seachas bheith ar an imeall gan a dtacaíocht, mar nílim iomlán cinnte go mairfeadh an tír bheag seo gan iad.

    Cumhacht gan fhreagracht? Ní dóigh liom é, a Shéamais, ach an fiú dul sa seans leis an ngeilleagar domhanda gan an chumacht sin taobh thiar dúinn?

    ReplyDelete
  8. An 2a lá de Dheireadh Fómhair, a Dennis.

    Agus fáílte romhat ar ais a Shéamais - d'airigh mé uaim do chuid caomhachais!

    ReplyDelete
  9. “Níl stáit Cónaidhmeach i gceist, ná baol air.

    Ainmhí eile ar fad an Aontas Eorpach, saghas meitheal stáit - ach is ag rialtais na Stáit a fhanann an chumhacht.”


    Seans go bhfuil tairngaireacht agat, a Aonghais, agus seans nach bhfuil.

    “meitheal Stáit”? Comhlachas? Comhlathas? Ní hé, arú! Cómhargadh, a bhí ann i dtús. Ansin rinne Comhphobail de. Anois is Aontas é.
    Diaidh ar ndiaidh a thógtar na caisleáin. Tá Éire ar bhóthar an Fhiodrálachais agus ag imeacht óna neamhspléachas.

    Cad a dhéarfadh an Stair dúinn?
    Idir 1825-1860 Zollverein ( Aontas Custaim) sa Ghearmáin.( Ní raibh na tíortha Ghearmaineacha aontaithe ag an am)

    Aontas custaim atá san AE anois.

    Idir 1863 agus 1870 tugadh airgead aonair isteach, an téla a ndearna an marga de ina dhiaidh sin.

    Tá airgead aonair san AE , nach mór, anois.

    Is tír fhiodarálach an Ghearmáin anois. Dhiúltaigh an Ostair dul lena bhráthaireacha Gearmáinise sa 19ú aois. Níor súdh isteach sa Stát Fiodarálach Gearmáineach ag an am.

    “Má theipeann ar an reifreann ar an 2ú DF arís,…, beidh muid i bpraiseach cheart”

    Tiocfaidh praisigh is imeoidh praisigh choiche. Níl aon bhun leis an ráiteas seo.

    “Ar bhealach, níl rogha againn, i mo thuairim”
    Bíonn rogha riamh ann. Anseo is daonlathas é.



    “Ní fheicim cén chaoi ar féidir leis an tír seo maireachtáil taobh amuigh den Eoraip sa lá atá inniu ann”

    Amhail an Ioslann? An Iorua? An Eilbhís? Nó tíorthaí neamhspléachacha an domhain? Seo easpa féin-mhuinín.

    “Feicimse an mhaitheas, mar a fheiceann Tadhg í, a tháinig chun na tíre seo ón 'meitheal stáit' sin a luaigh Aonghus”

    Tuigim duit, ach ní dheachaidh tír ar bith san Eoraip ar gcúl istigh nó laismuigh den AE sa tréimhse chéanna, agus na cinn chaipitealacha amuigh, chuaigh said ar aghaidh freisin.

    Cuireann sé an scéal i gcuimhne dom, an fear a bhí ar an sliabh, casadh dó fear eile a bhí ag iompar báid ar a dhroim. “Tuige an bád ar do dhroim? a dheartháir” ars an fear.
    “Ó”, d’fheagair an strainséir, “tamall ó shoin bhí mé leis an abhainn seo a thrasnú agus ní raibh caoi agam. Ansin, dhíol an fear seo bád liom agus bhí liom. Coinním an bád anois ar eagla go mbeidh mé ina ngá arís."



    “Níl Rialtas ag an tAE”

    Níl go fóill. Níl cumhacht custaim ag aon tír san AE anois . An AE a rialann é. Níl cumhachtaí Bainc Cheannais ag aon tír san AE anois. An AE a rialann é.
    Le Liospóin, beidh an AE ag cruinniú cumhachtaí Gnóthaí Eachtracha leis féin. Más beag is tús.


    Ná díolaigí bhur neamhspléachas ar mhaithe le pleasúir shuaracha


    Fearn

    ReplyDelete
  10. Le Liospóin, beidh an AE ag cruinniú cumhachtaí Gnóthaí Eachtracha leis féin. Más beag is tús.

    Ní fíor.

    "II. Ardionadaí an AE don Bheartas Eachtrach agus Slándála

    Déantar foráil sa Chonradh maidir le ceapadh Ardionadaí AE don Bheartas Eachtrach agus Slándála. Beidh sé de chúram ar an Ardionadaí bainistíocht a dhéanamh ar chaidreamh an AE le tíortha eachtracha agus le comhlachtaí idirnáisiúnta.

    Ceapfaidh an Chomhairle Eorpach an tArdionadaí agus is iad feidhmeanna na hoifige sin cumasc fheidhmeanna Ardionadaí reatha na Comhairle don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála agus fheidhmeanna an Choimisinéara Caidrimh Sheachtraigh reatha.

    Gníomhóidh an tArdionadaí ar bhonn cinntí a dhéanfaidh na 27 mBallstát d'aon toil.
    Beidh ról déach ag an Ardionadaí: feidhmiú thar ceann na Comhairle maidir le nithe a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus feidhmiú mar Leas-Uachtarán Choimisiún an AE agus é nó í freagrach as caidreamh seachtrach.

    Feidhmeoidh an tArdionadaí mar chathaoirleach ar chruinnithe d'airí gnóthaí eachtracha - "an Chomhairle Ghnóthaí Eachtracha".

    Beidh cúnamh ag an Ardionadaí ó sheirbhís nua ar a dtabharfar seirbhís Eorpach gníomhaíochta seachtraí agus arb é a bheidh ann ná oifigigh ó sheirbhísí taidhleoireachta na mBallstát, ón gComhairle agus ón gCoimisiún.

    “Fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach
    Ballstát faoi leith agus air siúd amháin”.
    Airteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
    "

    Níl ann ach feidhmeannach.

    ReplyDelete
  11. "Ní fíor?"

    Agus ansin tugann tú an t-eolas mar atá sí "ag cruinniú cumhachtaí Gnóthaí Eachtracha leis féin."

    Sin go díreach an pointe agam, agus féach gur scríobh mé..."Más beag is tús".

    Tá bóthar na Liospóine ag imeacht ó neamhspléachas na hÉireann i dtreo tír fhiodarálach.

    Diaidh ar ndiaidh a thógtar na caisleán.

    Níl aon rud i Liospóin ag cur le neamhspléachas na hÉireann. Más lag guth, is lige fós é ar seacht nguth ar fhiche.


    Fearn

    ReplyDelete
  12. Má tá suim ag éinne, tá "troid" eile ar an ábhar seo ar siúl ar mo bhlagsa!

    ReplyDelete
  13. Is mór idir urlabhraíocht ar son na Rialtais ag feidhmiú le chéile d'aon toil agus "cumhacht"

    Maidir le guth amháin i measc 27 - Ní neart go cur le chéile!

    ReplyDelete
  14. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  15. Muise, in ainm Dé, aontaím le Fearn! Dhá uair sa lá, a choig bhriste! Cén fáth nár luaigh tú tír neamhspleách lán de féinmhuinín atá cosúil le hÉireann i go leor slite nach bhfuil san Eoraip? Shalom.

    ReplyDelete
  16. "Maidir le guth amháin i measc 27 - Ní neart go cur le chéile!"

    Sin neart an sárstáit; nach cás dom, cionn is go "ndíolfar" ár sainghuth le "comhchorda" na seacht nguth ar fiche a "cheannacht".

    Ní bhíonn anam agat má dhíolann tú é

    Fearn

    ReplyDelete
  17. Cén chuid de "d'aon toil" nach dtuigeann tú?

    Mura ghlacann muid le cinneadh, níl an cinneadh déanta, agus is faoi gach ball stát faoi seach an cheist a réiteach.

    Níl cumhacht ar bith nua don Aontas anseo - níl ann ach atheagar agus feidhmiú éifeachtach comhar na gcomharsan.

    Rud atá á chleachtadh againn ó aimsir Uí Aogáin anall - tionchar a imirt tríd an córas is éifeachtaí atá ar fáil dúinn.

    ReplyDelete
  18. Má tá tú chugam, a Aonghuis, sílim go bhfuil tú imithe ó aon rud a scríobh mé.

    Ach, muna bhfuil cumhachtaí nua a chruinniú ag an AE, ní gá conradh, ní gá reifreann, ní gá ach eagrú de bhun a bhfuil ann cheana.

    Más tionchar atá ó Éirinn, b'fhéidir go b'fhearr scaileog an ghloine bhig thar braon i bhfarraige an umair mhóir.


    Fearn

    ReplyDelete
  19. Tá gá le conradh nua toisc go bhfuil atheagar á chuir ar an slí a fheidhmíonn rudaí. Tá gnéithe nua ag teacht faoi choimirce an Aontais - ach ní gnóthaí eachtracha ceann acu.

    Táthar ag cruthú oifigí nua, Uachtarán agus Ardionadaí, toisc go bhfuil córas reatha an troika mí éifeachtach de bharr an athrú pearsanra gach sé mhí. Is minic idirbheartaíocht idirnáisiúnta ag dul trí níos mó ná téarma oifige amháin dá shórt.

    Siad na Conradh an leabhar rialacha. Má táthar le Conradh idir Stáit a leasú, tá gá le conradh nua. Tá sé chomh simplí leis sin, dearbhaithe ag gach Stát de réir a nós imeachta féin.

    ReplyDelete
  20. Bhual, chuir mé síos, mar shampla, mar a chruthaigh an Ghearmáin a hAontas.

    Dúirt mé gur diaidh ar dhiadh a thógtar staid.

    Chuir mé i gcuimhne gur athraigh an tAontas ó bhí sé ina chómhargadh.

    Luaigh mé mar a bhfuil tascanna náisiúnta anois i lámha an AE .i. custaim, banc ceannais, agus cúrsaí eile nár luaigh mé.

    Luaigh mé mar atá cór taidhleoireachta a thógáil ag an AE.

    Luaigh mar atá cumhachtaí a aistriú chuig an AE.

    Is ionadh dom Conradh idirnáisiúnta a mhaíonn atheagrú seachas seachadadh cumhachtaí.

    Tá deireadh ráite agam, is baol!

    Ná díol do mháthair arís!

    Fearn

    ReplyDelete
  21. Ní bheidh sí ach ar cíos, sílim....

    Más féidir le hÉire a slí féin a dhéanamh faoin gconradh mar a deir tú, a Aonghus, cén fáth go bhfuil an brú seo uirthi maidir leis an gconradh? Sampla seo den slí ina thabharfar cead a cinn di, dar liom. Gach aon bhagairt ó na tíortha móra, srl.

    ReplyDelete