Tuesday 11 August 2009

Have you anything for me in Munster Irish?

Bhuail an fón anseo an lá cheana. Múinteoir scoile ó Luimneach a bhí ann. Ag cuartú samplaí saor in aisce a bhí sí d'ábhar Futa Fata. B'shin an chéad iarratas. Ach an darna ceann a chuir ag smaoineamh i gceart mé. "Tell mé" a deir sí "Have you anything for me in Munster Irish?"

Thriail mé míniú di go bhfuil sé de pholasaí ag Futa Fata téacsanna do pháistí a choinneáil chomh soléite agus is féidir. Triaileann muid, oiread agus is féidir, a bheith neodrach maidir le cúrsaí canúna. Tuigeann muid nach féidir é sin a dhéanamh go hiomlán, ach tá eolas againn ar na deacrachtaí a bhaineann le canúnachas agus tugann muid an cheist sin san áireamh agus muid ag cur eagair ar leabhair.

Tá roinnt dár gcuid foilseachán atá préamhaithe i mbéaloideas Chonamara - Gugalaí Gug, cuir i gcás. Is mar eiseamláirí den teanga bheo is féidir iad sin a úsáid i scoileanna na tíre agus sa gcás sin, is mó an tábhacht atá leo mar áis éisteachta ná mar áis léitheoireachta.

Mar a bhíonn i gcás fhormhór múinteoirí bunscoile na tíre a ghlaonn ar uimhir Futa Fata, is i mBéarla a bhí an comhrá agam leis an múinteoir seo. Ní ag iarraidh a bheith diúltach atá mé - ar a laghad bhí sé de spéis ag an mbean san obair atá ar siúl againn agus an chuid atá ar siúl aici féin gur chuir sí an glaoch ar an gcéad dul síos.

Ach rith sé liom i ndiaidh dom an fón a chrochadh - cén tuiscint a bhí ag an múinteoir seo ar "Munster Irish"? Céard a thugann sí mar ainm ar an teanga? - "Gaoluinn"? Cé chomh docht is a chloíonn sí le córas gramadaí na Mumhan? An gcloíonn sí leis an bhfoirm tháite, cuir i gcás agus í ag múineadh na Gaoluinne: Bím, bír, bíonn sé/sé, bímid, bíonn sibh, bíd
Bhíos, bhís, bhí sé, bhíomar, bhíobhair, bhíodar? Bead, Beir, beidh sé/sí, Beimid, beidh sibh, beid srl?

An usáideann sí an focal "froiseáilte" in ionad "úr"? "Cúntúirt" in ionad "cúntar"? "Ilé" in áit "ola"? "Maicréal" in ionad "ronnach" nó "murlas"? An mbíonn sí "leata" leis an bhfuacht nuair a bhíonn cuid eile againn "stromptha"? Nó "sceimhlithe" nuair a bhíonn cuid eile againn "scanraithe"?

Cén fáth nár labhair sí Gaoluinn liom? An é go raibh faitíos uirthi nach mbeadh mo chluasa leochaileacha Connachtacha in ann ag a cuid consan coguasach aneas?

Nó an é gur ag caint ar rudaí ar nós "cad" a úsáid in ionad "céard" a bhí sí?

Ar ndóigh, níor rith na ceisteanna seo ar fad liom agus mé ag caint léi - ach an rud atá mé a rá anois ná é seo - déantar scéal i bhfad rómhór de dheacracht na gcanúintí. Tá caighdeánú ann a nglactar go forleathan leis.

Déarfainn gur beag scoil Ghalltachta i gcúige Mumhan a múintear struchtúir ar nós "Bhís go diail" iontu. Ach do mhuintir na Gaeltachta, sin Gaoluinn na Mumhan. Tá "bhí sibh" chomh aduain don chainteoir dúchais aneas, creidim, le "céard is ainm duit".

9 comments:

  1. D'aontóinn leat. Déanann daoine scéal rómhór as na canúinití uaireanta -- daoine, de ghnáth, nach bhfuil tuiscint shoiléir acu féin ar an cheist, is baolach!

    ReplyDelete
  2. An ceart ar fad agat, a Thaidhg.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. An bhfuil aon leabhair Bhéarla agat as Béarla dheisceart Mheiriceá? Mark Twain, b'fhéidir?
    Ceapaim féin, muna bhfuil canúint agat ó dhúchas, nach mbíonn ann ach cur i gcéill.
    Agus nach mithid é do mhuintir na Gaeltachta tuiscint a fháil ar na canúintí eile, agus ar an gcaighdeán go háirithe?

    ReplyDelete
  5. Ní muintir na Gaeltachta atá i gceist leis seo, de ghnáth, ach dreamanna gan Ghaeilge ar mian leo rud éigin authentic a chuir in áit an gCO.

    Tá a áit ag an gcanúint san litriocht, agus ag an gCO. Freastalaíonn FutaFata an dá thrá mar is ceart, feictear dom.

    ReplyDelete
  6. Ní maith liom do thrioblóid, a Thaidhg...:-)

    ReplyDelete
  7. Caithfidh mé a admháil, nuair a bhím ag léamh leis na páistí, bím ag aistriú de réir mar a bhím ag léamh, agus ag cur an scéal in oiriúint do chanúint na bpáistí.
    Tá mise ábalta sin a dhéanamh mar tá tuigbheáil mhaith agam ar an chaighdeán agus tá mé ábalta é a dhéanamh gasta i m'intinn. Níl mo bhean-sa chomh maith á dhéanamh, agus uaireanta tig sí trasna ar fhocal coimhthíoch, a bheadh an-simplí go deo do dhuine a bhfuil taithí acu ar an léitheoireacht Ghaeilge, ach nach mbeadh chomh soiléir sin do chainteoir dúchais Gaeilge - mar atá i Suzanne - gan taithí acu ar an chaighdeán nó ar chanúintí eile.
    Go minic cuireann seo isteach ar rithim agus ar insint an scéil. Tugaim faoi deara go bhfágann Suzanne na focail ar lár go minic agus go n-insíonn sí a scéal féin bunaithe ar na pictiúir.
    Tá comhlacht sa Tuaisceart (dearmad déanta agam ar an ainm) a chuireann leabhair do pháistí amach, agus tá blas Ultach orthu. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé i bhfad níos fusa dúinne iad a úsáid.
    Sin uilig ráite, do chomhlachtaí atá ag iarraidh freastal ar an tír uilig, is dócha nach bhfuil de rogha ann ach an diabhal caighdeán a úsáid!

    ReplyDelete
  8. Bíonn an nós in agam le leabhair Ultacha, go háirithe le focail nach bhfuilim cinnte conas iad a fhoghrú - cosúil le "coimhéad".

    Ach is dóigh liom go mbaineann sé le easpa taithí - níl bhímid ag léamh a dóthain, rud a fhágann foclóir níos fairsinge, le cúinne aisteacha canúna ar ár dtoil againn sa Bhéarla, ach dris cosáin romhainn sa Ghaeilge.

    ReplyDelete
  9. bheuil,

    is breá liom Gaolainn na Mumhan, agus cuireann sé isteach orm beagáinín nách bhfuil ár gCaighdeán fhéin againn. Mise, is mé i mo chonaí i gcathair Chorcaí, níl an gramadach ar eolas agam, agus ionas go bhfuilim as baile, tá taithí na fuaimeanna ó dúchas caillte agam.

    Mar shampla caithin ba chóirr duit seimhiú a usáid?

    Ag an am cheanna tá foclóir Ó Dónaill agam ar leath thaobh, agus faoileach leabhair ar fáil.

    Ach, chomh maith leis sin (freisin;) bheach go deas dá mbeach caighdeán oifigiúil again fhéinigh.

    word up!

    ReplyDelete