Wednesday 19 August 2009

Blagáil agus an chiontacht Chaitliceach

Níl mórán blagála déanta agam le coicís anuas, de bharr brú oibre. Tá ceithre leabhar nua sa tsraith "Bímis Ag Caint Faoi" curtha chuig na clódóirí againn agus tá muid faoi láthair ag obair ar leabhar aoibhinn, comheagrán le Dorling Kindersley. "Gairdín an Nádúir" a bheas i nGaeilge air, é dírithe ar pháistí idir 8 agus 10 mbliana d'aois. Leabhar faoin gcaoi leis an bhfiadhúlra a mhealladh isteach i do ghairdín atá ann (nó chuig do bhosca fuinneoige, mura bhfuil gairdín agat). Beidh na cúig leabhar ar fáil i mí Eanáir.

Dé Domhnaigh seo chugainn beidh mé féin agus mo chéirseach, móide na scalltáin, ag tabhairt sciuirde faoi Londain ar feadh cúpla lá. Bhí malartú tí sa bhFrainc beartaithe againn mar shaoire i mbliana, ach de bharr duine muinteartha a bheith tinn, b'éigean dúinn an plean sin a chaitheamh i dtraipisí.

De bharr na cruóige seo, is cupóga agus neantóga agus buachallán buí is mó a bheas le feiceáil sa ngarraí go ceann píosa.

Táim ag iarraidh déileáil leis an gciontacht a spreagann an scéal sin....

4 comments:

  1. Áthas orm go mbeidh tú siúlach, díomá orm faoin nganntanas scéalaíochta.

    Ag iarraidh ualach na ciontachta a mhéadú atá mé, sin an méid! ;-) Mar a deir tuismitheoirí ar fud an domhain: "Scríobh chugainn nuair a bheas deis agat, a stór!"

    ReplyDelete
  2. Ná bí buartha, a chara. Tuigim do chás. :-)

    ReplyDelete
  3. Maróidh an geimhreadh iad. Cén deifir atá ort?!

    ReplyDelete