Monday, 11 May 2009

Físeán na Seachtaine - Ali Farka Touré


Bhí plé an tseachtain seo caite anseo faoi cheol iarthar na hAfraice - seo duine de laochra móra an réigiúin sin, Ali Farka Touré ó Mhailí. Ceoltóir iontach giotáir a bhí ann a rugadh i 1939 is a cailleadh trí bliana ó shin, i mí na Márta 2006. Dúirt Martin Scorcsese faoi go raibh "the DNA of the blues" le cloisteáil ina chuid ceoil.

Muilte Gaoithe - Meilt Ama?


De bharr an teach a bheith á réabadh, b'éigean dom an oifig a aistriú suas staighre go ceann seachtaine nó dhó. Tá mé i mo shuí anois ag fuinneog a dtugaim sracfhéachaint amach tríthi go minic, ach nach bhfuil mé cleachtach ar bheith i mo shuí os a comhair gan corraí. Sin é an fáth go dtugaim faoi deara, den chéad uair, go bhfuil amharc ar éigean ón bhfuinneog seo siar thar tithe Bhaile Liam, siar ar bharr na muilte gaoithe atá tógtha lámh leis an Leithrinn, in Indreabhán. Tá cara linn ina cónaí thiar ansin agus téann muid ar siúlóid ó am go céile suas an bóithrín uaigneach a bhfuil na muilte móra millteacha tógtha lena thaobh.

Mar dhuine a bhfuil spéis aige i gcúrsaí timpeallachta, chreid mé riamh gur rud maith a bhí sna muilte gaoithe, go raibh siad ag teacht i dtír ar fhoinse fuinnimh a bhí ar fáil saor in aisce, tobar fuinnimh gan tóin, foinse nach raibh sceitheadh ná truaillíu ná tada dá shórt ag baint leis. Agus b'fhéidir gurb ea.

Ach, dar le James Lovelock, eolaí na teoirice Gaia, ar thrácht mé ar The Vanishing Face of Gaia, an leabhar is deireanaí uaidh anseo píosa ó shin, is meilt ama iad na muilte gaoithe. Tá siad thar a bheith mí-éifeachtach, dar leis agus bíonn tréimhsí fada ann in imeacht bliana ar bith nach féidir leo leictreachas a ghinniúint mar nach bhfuil dóthain gaoithe ann, nó mar go bhfuil an iomarca gaoithe ann. Creideann sé gur airgead agus acmhainní amú atá i gceist le tógáil feirmeacha gaoithe agus go mbeidh gá i gcónaí iad a bheith ceangailte le foinse tánaisteach cumhachta, foinse a líonfas na bearnaí nuair nach féidir leis na muilte an obair a dhéanamh agus foinse a bheas ag sceitheadh leis isteach san aeráid.

Cén leigheas atá ag Lovelock ar an scéal? Cumhacht núicléach.

Dar le Lovelock, tá an iomarca faitís ar dhaoine roimh an gcumhacht núicléach. Déanann muid é a shamhlú inár n-intinn i gcónaí leis na híomhánna scáfara sin de Nagasaki agus Hiroshima agus an scrios a lean é. Airíonn muid gur rud mínádúrtha, rud aindiagach beagnach atá sa raidghníomhaíocht. Cuireann Lovelock i gcuimhne dúinn gur cuid den nádúr an raidghníomhaíocht - an gás nádúrtha radon (atá coitianta go maith anseo i gConamara, a deirtear), mar shampla. Tharla Chernobyl, cinnte, ach tharla sé, dar leis, i sean-stáisiún, faoi bhainistíocht Shóivéideach nár chóir a bheith ina bhun - daoine a thóg cinneadh gan chiall a chúisigh an timpiste.

An fáth go bhfuilim ag filleadh ar an leabhar seo arís inniu, "The Vanishing Face of Gaia" ná gurb annamh a léim rud atá chomh dúshlánach. Tá cleachtadh againn ar fad ar phátrúin áirithe smaointeoireachta - pátrúin leisciúla, ach pátrúin a nglacann muid go leor againn leo go réidh.

Mar shampla, an té atá gafa le ceisteanna "glasa", is minic go mbíonn pátrún níos leithne barúlacha aige - liobrálach i dtaobh ginmhillte, cuir i gcás, ar son na Pailistíne, b'fhéidir, ar son Obama, in aghaidh shaoirse an mhargaidh agus mar sin de. Bíonn eisceachtaí ann, ar ndóigh, ach is minic go nglacann muid le "seit" barúlacha ar an gcaoi sin. Tá sé an-spéisiúil nuair a thagann tú ar scríbhneoir a réitíonn tú leis ar thaobh amháin (domsa sa gcás seo, buairt faoi scrios an phláinéid) agus smaoineamh á chur chun cinn aige (cumhacht núicléach) smaoineamh, i mo chás-sa a thagann salach go hiomlán ar na tuairimí a bhfuil glacadh agam leo gan mórán dianmhacnaimh a dhéanamh orthu ó bhí mé i mo mhac léinn gruagach.

Tá leoithne isteach ón Atlantach agus tá lanntracha na muilte gaoithe ag casadh.....

Friday, 8 May 2009

Feamainn Bhealtaine



Tuigim anois cén fáth gur roghnaigh Máirtín Ó Direáin "Feamainn Bhealtaine" mar theideal ar an leabhar sin uaidh na blianta fada ó shin. Shiúil mé féin agus Tadhg Óg ón Trá Mhór, taobh thoir de Reilig an Chnoic (an reilig a bhfuil úrscéal Mháirtín Uí Chadhain ceaptha a bheith lonnaithe inti) soir chomh fada le Trá Sáilín. Bhí éanacha go leor ann aréir – an cuirliún, an roilleach, an piardálaí trá agus an fheadóg chladaigh ina measc. Bhí straoilleanna feamainne caite anseo is ansiúd, ach ní raibh an t-uafás ann.

Scéal eile ar fad a bhí romham ar maidin ann agus mé ag siúl ann th’éis dom na gasúir a fhágáil ar scoil. Tá ualaigh feamainne chuile áit anois ann, mar a fheicfeas sibh ó na pictiúir seo a tharraing mé ar cheamara an Samsung Tocco.

Thursday, 7 May 2009

Ár gcara sa tSeineagáil



M'iníon Róise a mhol ábhar blagála na maidne seo. Tháinig sí isteach doras na hoifige le pictiúr de Khady, an cailín beag sa tSeineagáil a ndéanann muid urraíocht uirthi (ar a pobal, dáiríre) leis an eagraíocht idirnáisiúnta, Plan. "Cén fáth nach scríobhann tú faoi Khady?" a deir sí. Agus an ceart aici.

Leis an scéal seo a chur i gcomhthéacs - bhí ceathrar aint liomsa a chaith seal sna mná rialta, beirt acu ar na misiúin. Chaith an deirfiúr ba shine le mo dhaid seal i Madras na hIndia - nó Chennai mar a thugtar anois ar an áit. Ag múineadh i meánscoil a bhí sí go dtí gur fhág sí an t-ord i dtús na seascaidí. Tá cur síos déanta ag mo chol ceathrar, John Lanchester, mac Julia, ar an scéal ina leabhar seisean, A Family Romance.

An duine eile, Jane, nó Sinéad mar a thugadh sí uirthi féin tar éis di na mná rialta a fhágáil, chaith sise blianta fada i chathair Pheiriú na Sile, nó gur thit sí i ngrá le sagart a tógadh deich míle bealaigh uaithi i gContae Mhaigh Eo. D'fhág siad beirt an Eaglais agus d'fhill ar Éirinn ina Marcsaigh. Níl aon leabhar scríofa faoin scéal sin go fóill, ach is cinnte go bhfuil ábhar leabhair ann.

An fáth go luaim é seo ná go dtéann obair charthannachta thar lear agus daoine a bhfuil aithne agam orthu a bheith ag plé leis i bhfad siar i mo chuimhne. Tháinig Jane, mar shampla, abhaile ar saoire ón tSile nuair a bhí sise fós ina bean rialta agus mise fós i mo leaidín beag. Thaispeáin sí sleamhnáin dínn den bhaile shanty a raibh sí ag obair ann ar imeall Pheiriú. Chuaigh na híomhánna sin - na botháin bheaga, na daoine sna héadaí gioblacha i gcion go mór orm. Agus ba léir dom an t-ardmheas a bhí ar Jane i measc na gcomharsan, í á tabhairt isteach sa "room" i chuile theach a ndeachaigh sí isteach ann, "rooms" nach raibh feicthe agam féin riamh roimhe sin agus mé amach is isteach as na tithe go minic.

An é sin an fáth gur shocraigh mé páirt a ghlacadh i scéim Plan, nuair a chuala mé John Hume á mholadh ar fhógra raidió timpeall bliain ó shin? Bhuel, ní hea. Dáiríre, is é an chaoi gur chuir taithí saoil mo chuid aintíní cineál fainice orm a bheith ag tacú le misinéireacht de chineál ar bith. Bíonn clár oibre ag lucht misinéireachta, clár oibre a bhaineann le ceart agus cóir, cinnte ach is clár oibre é a bhaineann le cultúr daoine a athrú ó bhonn - chun a leasa, scaití, b'fhéidir, ach ní i gcónaí.

An rud a thaitníonn liom faoin eagraíocht Plan ná gur ar bhonn cearta daonna atá siad ag feidhmiú, seachas a bheith ag cur clár oibre chun cinn a bhaineann le hathrú creidimh. Is Moslamach, mar shampla, í Khady bheag agus níl éinne ag cur brú uirthi féin ná ar a muintir an scéal sin a athrú. Cuireann an eagraíocht cúnamh praiticiúil ar fáil a bhaineann le cúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais, cúrsaí infrastruchtúir - toibreacha glana agus an cineál sin.

An rud eile a bhaineann le bheith páirteach sa scéim urraíochta ná an t-oideachas a chuireann sé orm féin agus ar Róise faoin duine seo, Khady agus a muintir - an saol atá siad a chaitheamh sa tSeineagáil, tá sé an-chosúil le saol na hÉireann roimh aimsir an Ghorta. Tá sé i bhfad níos éasca ag Róise (agus agam féin, go deimhin) an t-eolas atá faighte againn ar shaol Khady a scagadh nuair atá muid in ann a saol a shamhlú, mar dhuine ar leith, cailín ocht mbliana d'aois, seachas mar staitistic.

Tá tuilleadh eolais faoi obair Plan ar fáil anseo.

Wednesday, 6 May 2009

Leabhar na Seachtaine - Cladaí Chonamara - Séamas Mac an Iomaire


Seo ceann de leabhair mhóra próis na Nua-Ghaeilge. Tá aitheantas faighte agus tuillte aige sa tsainréimse lena mbaineann sé - an t-eolas dúlra. Séamas Mac an Iomaire, fear ó oileán Mhuínise, taobh thiar de Charna a scríobh an leabhar agus é sínte ar chlár a dhroma i leaba ospidéil i Meiriceá. Bhí cúpla bliain caite faoin tráth sin aige ag obair thíos faoi thalamh, ag plé le tolláin a thógáil i Nua Eabhrac. Bhuail an eitinn é agus chlis ar a shláinte. Is ansin a thosaigh sé ag scríobh, le héalú ón uaigneas agus ón leadrán a bhain le saol an ospidéil, siar leis ag fánaíocht ar chladach mín a óige i Muínis.

Seachas an t-eolas ar fad atá ann ar chladaí Chonamara (agus cladaí na hÉireann i gcoitinne), eolas a bhailigh an t-údar go neamhfhoirmiúil agus é ag éirí aníos i gConamara i dtús an chéid, is mór an pléisiúr stíl álainn nádúrtha an údair a léamh. Seo sampla beag as alt a scríobh sé faoin bhfaocha faoileáin, cineál sliogéisc a bhailítear fós ar chladaí an cheantair seo:

"Sa ngeimhreadh ní bhíonn mórán acu le feiceáil ina mbeatha ach bíonn cuid mhaith de na sliogáin fholmha i mbarr na dtránna agus le linn don bhruth iad a chur trína chéile déanann siad cineál ceoil, arae bíonn go leor cineálacha eile sliogán sa mbuíon freisin. Teangmhaíonn siad féin agus na clocha beaga agus an gaineamh garbh dá chéile ar chuma aisteach eicínt agus le meascadh an tsúiteáin cloistear sreangán caol ceolmhar".


Cúpla bliain ó shin, rinne an muireolaí Pádraig de Bhaldraithe (mac an fhoclóraí, Tomás de Bhaldraithe) Cladaí Chonamara a aistriú go Béarla, faoin teideal "The Shores of Connemara". Chuir sé seo le cáil an bhunleabhair agus tharraing údar eile, Richard Nairn, ar an leagan sin agus é ag obair ar a leabhar siúd, "Ireland's Coastline."

Mar a dúirt an tOllamh Tomás Ó Máille (An Béal Beo, The Irish of Tourmakeady) sa réamhrá a scríobh sé do bhuneagrán 1938 "Ní dóigh liom go bhfaighidh tú bádóir in aon riocht in iarthar domhain ná in oirthear domhain a scríobhfadh leabhar mar é ina theanga féin".

Tuesday, 5 May 2009

Cúrsaí aistriúcháin agus cúrsaí airgid - pobalbhreith na seachtaine seo caite


Is spéisiúíl an rud é a laghad cuairteoirí chug an ngarraí a bhacann le páirt a ghlacadh sna pobalbhreitheanna. Dé Céadaoin seo caite, cuir i gcás, bhí an líon os mó riamh cuairteoirí go dtí seo ag plódú isteach an geata - 255 duine ar fad. Ina ainneoin sin, i gcaitheamh na seachtaine ar fad, níor chaith ach 18 vóta bealach amháin nó bealach eile. Seo mar a bhí ag an sampla bídeach beag, neamheolaíoch sin:

Cheap formhór agaibh, 38%, gur chóir cáipéisí oifigiúla a aistriú, má bhain ábhair na cáipéise go sonrach le pobal na Gaeilge agus/nó na Gaeltachta. Bhí 33% agaibh den tuairim gur chóir gach cáipéis a bheith ar fáil i nGaeilge. Bhí 27% amhrasach faoin bpolasaí aistriúcháin mar uirlis éifeachtach leis an teanga a chur chun cinn - cheap sibh go raibh bealaí ní b'fhearr ann le hinfheistiú a dhéanamh sa nGaeilge. Ar deireadh, cheap 5% nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid, mar gurbh fhearr an mheabhair a bhí formhór cainteoirí Gaeilge in ann a bhaint as cáipéisí oifigiúla i mBéarla.

Ar mholadh ónár gcara Chouchou, tá ceist nua ar fáil anois. Bígí ag vótáil.

Físéan na Seachtaine - Puirt a beul - The Bothy Band


An tráth seo bliana, fadó, bhíodh daoine ag réiteach le himeacht lena dtréad gabhar nó caorach, leis an samhradh a chaitheamh sna sléibhte, ag maireachtáil i mbotháin bheaga.

"Bothántaíocht" a thugtaí air sin. Brí eile atá leis an bhfocal i gCorca Dhuibhne - ag imeacht thart san oíche ar cuairt chuig tithe na gcomharsan atá i gceist le bothántaíocht ó dheas. Nós é atá imithe i léig go mór ó tháinig ann don teilifís.

Is ó Albain a thagann an t-amhrán atá le cloisteáil ar fhíséan na seachtaine seo "Am bothan a bh'aig Fionnghuala". Micheál Ó Domhnaill, nach maireann, atá á chloisteáil á rá. I ndeireadh na seachtóidí a rinneadh an taifeadadh (sa tsraith chéanna, cheapfainn, lenar bhain "Téir Abhaile Riú" a bhí le feiceáil anseo an tseachtain seo caite).

Tháinig mé ar na liricí ar an idirlíon:

Thuirt an gobha fuirighidh mi"
'S thuirt an gobha falbhaidh mi
'S thuirt an gobha leis an othail
A bh' air an dòrus an t-sàbhail
Gu rachadh e a shuirghe
.
Sèist: Chorus (after each verse):
'Si eilean nam bothan nam bothan
Eilean nam bothan nam bothan
Eilean nam bothan nam bothan
Am bothan a bh' aig Fionnghuala
'Si eilean nam bothan nam bothan
Eilean nam bothan nam bothan
Eilean nam bothan nam bothan
Am bothan a bh' aig Fionnghuala
.
Bheirinn fead air fulmairean
Bheirinn fead air falmairean
Liuthannan beaga na mara
Bheireamaid greis air an tarrainn
Na maireadh na duirgh dhuinn
.
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Bheireamaid greis air an tarraing
Na maireadh na duirgh dhuinn
.
Bheirinn fead air fulmairean
Bheirinn fead air falmairean
Liuthannan beaga na mara
Bheireamaid greis air an tarrainn
Na maireadh na duirgh dhuinn
.
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Cha d'fhuair sinn dad an a' seo
Bheireamaid greis air an tarraing
Na maireadh na duirgh dhuinn
.
Thuirt an gobha fuirighidh mi
'S thuirt an gobha falbhaidh mi
'S thuirt an gobha leis an othail
A bh' air an dòrus an t-sàbhail
Gu rachadh e a shuirghe

Má tá duine ar bith agaibh in ann aistriúchán a chur ar fáil i nGaeilge na hÉireann (nó sa Ghaidhlig Eireannach, mar a thugann muintir na hAlban uirthi) bheinn an-bhuíoch dhíobh.