Thursday 8 October 2009

Fliú na muc is na madraí?

Tá mé ar ais ar mo chosa deiridh le cúpla lá i ndiaidh dom ráig ghránna de fhliú nó de shlaghdán de chineál eicínt a chur díom. Níl mé cinnte fós céard a bhí ann - tá barúil agam nárbh é an dós H1N1 é, nó cibé cén t-ainm atá faoi láthair air. Ní hé gur mhair sé i bhfad, ach d'fhág sé chomh lag le caitín mé.

Ón Luan i leith, tá mé ag teacht chugam féin agus ar ball inniu, ag am lóin, beidh mé ag tabhairt faoi cheolchoirm a thabhairt thiar in Acadamh na hOllscolaíochta ar an gCeathrú Rua.

Beidh mé ag bualadh siar faoin mbaile céanna arís an tseachtain seo chugainn le dhá sheisiún a dhéanamh do ghasúir, i Leabharlann álainn na Ceathrún Ruaidh. Dé Máirt seo chugainn. Ansin, an lá dar gcionn, anonn liom go Frankfurt na Gearmáine, áit a mbeidh Futa Fata ag glacadh páirte, den chéad uair, ar sheastán na hÉireann ag Aonach Mór na Leabhar. Ag cuartú leabhar le haistriú isteach go Gaeilge a bheas mé, don bhliain 2010 chomh maith le teagmhálacha a chothú go hidirnáisiúnta i comhair roinnt tograí atá ar na bacáin don dá bhliain atá romhainn amach.

Tar éis dom filleadh ón nGearmáin, tá súil agam bogadh isteach san oifig nua atá cóirithe againn os cionn an gharáiste anseo sa ngarraí.

Bliain an-deacair ab ea 2009 do chomhlachtaí beaga foilsitheoireachta. Is deacair a rá an mbeidh 2010 mórán níos fearr - tá sceanairt déanta ar bhuiséid na scoileanna agus na leabharlanna araon agus tá an gnáthphobal ag coinneáil an-súil ar a gcuid pingeacha. Tá na siopaí leabhar faoi bhrú ag an gcúlú, agus ó tharla nárbh iad na leabhair Ghaeilge ba mhó a rinne saibhreas riamh dóibh, tá spás seilfe do na foilseacháin s'againne ag éirí níos lú ar feadh an ama. Le himeacht Foinse, tá sé níos deacra ná riamh poiblíocht a fháil.

Ach ar an taobh eile den scéal, tá gréasáin nua ar nós Facebook á dhéanamh níos éasca do dhreamanna beaga pobal a chothú agus coinneáil i dteagmháil leo. Tiocfaidh muid as. Tá an slaghdán curtha díom agam - agus tá an ghrian ag scalladh anuas ar Chonamara....

9 comments:

  1. Go n-éirí leat in Áth na bhFranc.

    Tá leabhair sa Ghearmáinís do dheagóirí arbh fiú Gaeilge a chuir orthu. Krabat, abair - nach bhfuil clú ró mhór ar an leagan Béarla.

    ReplyDelete
  2. Tá an fliú úd - cibé cén cineál é - ar go leor. Go maire an biseach agus go n-éirí leis an gceolchoirm.

    ReplyDelete
  3. Fáilte ar ais, a Thaidhg! Níl a fhios agam an mbeadh sé feiliúnach, ach is ortsa a bhí mé ag smaoineamh nuair a chuir mé tús Eachtra Neara ar mo bhlag inniu. Pé scéal é, ádh mór ort sa Ghearmáin!

    ReplyDelete
  4. GRMA, a Dennis. Is iad Cló Mhaigh Eo na ceannródaithe sa seánra sin i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge. An bhfuil eolas agat ar a saothar?

    Cén cineál téama atá i gceist le Krabat, a Aonghuis?

    ReplyDelete
  5. Is mór an bhathar na slaghdáin/dósannaí céanna tinnis. Cuireann siad go leor ama amú ar dhuine.

    Súil agam go mbeidh an-time agat sa Ghearmáin agus go n-éireoidh leat margadh níos mó a fháil ansin ná mar atá le fáil in Éirinn faoi láthair.

    Caithfidh mé a admháil nár choinnigh mé riamh súil chomh géar ar na pingineacha is atá ar siúl agam le bliain anuas nó mar sin. Seirbhíseach poiblí mise a thuigeann go mbeidh cic sa tóin shubstaintiúil dhá fháil agam go gairid ar bharr na cice bige a fuaireamar ón Aire Airgeadais roinnt míonna ó shin. Faitíos orm faoin todhchaí, &rl. Tagann airgead na leabhar as an mbuiséad bia na laethanta seo.

    An t-aon bhealach le poiblíocht shaor in aisce a fháil na laethanta seo (seachas ar RnaG agus leathnaigh Gaeilge na n-irisí Gaillimheacha-fair play dhóibh) ná an dlí a bhriseadh ar bhealach éigin... drámatúil.

    An bhféadfá, mar shampla, hold-up a dhéanamh i mbanc?

    ReplyDelete
  6. Tá súil agam go mbainfidh tú taithneamh as Frankfurt a Thadgh.Smaoineamh maith ó chouchou, bainc a rabáil agus ár n-airgead féin a thug an Rialtas suarach atá againn dóibh, a ghoid ar áis.

    ReplyDelete
  7. Scéal faoi buachaill a thagann faoi thionchar droch draoi, ach a éalaíonn. Breis má leanann tú an nasc.

    ReplyDelete
  8. An duine de rialtas s'againne atá faoi chaibidil ann, a Aonghuis...:-)

    Fáilte ar ais, a Thaidhg! Go n-éirí leat féin agus le do sheanléim ar do chamchuairteanna.

    ReplyDelete
  9. Cló Mhaigh Eo : Tá trí cinn dá gcuid leabhar agam.

    ReplyDelete