Friday 9 October 2009

Duais na síochána d'Obama?


Mar chathaoirleach ar an eagraíocht Baile an Dónalláin Ar Son Obama, bhí ríméad croí orm nuair a toghadh mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá é. Fear ciallmhar, cliste é agus scil sa bpéintéireacht theibí chomh maith le chuile shórt eile aige, mar a fritheadh amach le cúpla lá anuas!

Agus an méid sin ráite, sílim go bhfuil Gradam Nobel na Síochána bronnta róluath ina ré ar an Uasal Ó Bámadh. Is léir gur bronnadh an gradam sa gcás seo ar mhaithe le taispeáint gur féidir dea-thoil a chothú go hidirnáisiúnta do Mheiriceá ach duine a bhfuil beagán cap-ann aige a chur i mbun na hOifige Ubhchruthaí.

Ach nárbh fhearr fanacht bliain amháin eile ar a laghad go dtí go mbeadh dul chun cinn níos substaintiúla déanta ag an Óbámach san iliomad iarrachtaí atá ar siúl aige an domhan a shábháil?

6 comments:

  1. Bhain an nuacht sin siar asam. Ró-luath, i bhfad ró-luath.

    ReplyDelete
  2. Focail Nellie Hershey Tullis:

    "The next best thing to winning is losing! At least you've been in the race."

    An é nach féidir duais a thabhairt ar mhaithe le hiarracht, fiú mura bhfuil fós, nó fiú mura mbeidh, b'fhéidir, toradh iomlán ar an iarracht sin?

    ReplyDelete
  3. Táim pisreogach. B'fhearr liomsa fanacht go mbeidh an tuar faoin tairngreacht, más féidir é a rá mar sin.

    ReplyDelete
  4. Tagaim leat, a Dennis. Ní le drochmheas ar an obair go dtí seo - ach tá barúil agam gurbh fhearr leis féin nach mbeadh an gradam seo bronnta chomh luath seo air. Má theipeann ar a chuid iarrachtaí, déanfaidh sé díluacháil ar an ngradam féin agus beidh sé ina bhró mhuilinn á tharraingt anuas. Ach tá dóchas mór agam go n-éireoidh leis ina dhiaidh sin. Beidh le feiceáil mar a deirtear i mBéal Feirste....

    ReplyDelete
  5. Aontaím leis an dearcadh gur bronnadh an duais ró-luath air ach caithfear a mheabhrú gur bronnadh an duais ar Willi Brandt agus é ach i dtosach réimse a Ostpolitik ag an am.

    ReplyDelete
  6. Cén duine eile a shaothraigh an duais seo, seachas Obama, le linn na bliana seo chaite? Braitheann toradh chomórtas ar bith ar na h-iontrálacha agus a fheabhas is atá siad - b'fhéidir gur cheap Coiste Nobel ná raibh aon iarracht ó einne eile ar chomhchéim le h-iarracht Obama.

    Mar shampla, d'eirigh go geal leis an mblag seo i gcomórtas blagála an Oireachtais le déanaí ach an léiríonn sé sin go raibh ard chaighdeán blaganna ann - nó b'fhéidir ná raibh an chaighdeán thar moladh beirte agus gur roghnaíodh an blag seo mar bhuaiteoir de bharr ná raibh aon iomaíocht cheart ann? Ag magadh atáim - mar tá an blag seo go maith. Ach tuigeann sibh an pointe!

    Anuas ar sin tugann sé comhartha do SAM go bhfuil deireadh le ré Bush agus gur féidir le Meirceánaigh taisteal ar fuaid an domhain arís.

    I bhfianaise gur bronnadh an duais síochána ar leithéidí Henry Kissinger, David Trimble agus go leor amhrasáin eile, ní féidir a chur as an áireamh go raibh blás an íoróin ag baint leis an bhfógra seo....

    ReplyDelete