Monday 19 October 2009

Claonadh nua gránna in iriseoireacht na hÉireann

Duine ar bith a léigh an t-alt suarach a chuir an Sunday Times i gcló cúpla seachtainí ó shin faoi scríbhneoirí na Gaeilge a bheith ar maos in airgead Stáit agus gan oiread agus bosca amháin leabhar dá saothar díolta, aithneoidh sé nó sí nach iriseoir a scríobhfadh a leithéid ach duine a bhí ag iarraidh mioscais agus gangaid a spreagadh i measc an phobail.

Ba mheasa go mór fada na sáiteáin ghránna a caitheadh le cuimhne Stephen Gately agus a cholainn bhocht fuaraithe ar éigean. Níor casadh Stephen Gately orm riamh agus ní fhéadfainn a rá cén cineál duine a bhí ann, ach fiú dá mba bithiúnach lofa é, ní raibh an chúlchaint bhréan a thriail an óinseach sin sa Daily Mail a dhúiseacht tuillte aige. Fear pósta ab ea Gately agus de réir cosúlachta bhí sé féin agus a pháirtí sásta le chéile. Dá mba cúpla heitrighnéasach iad, an mbeifí ag tabhairt le fios go raibh rud eicínt gránna, lúbtha ar siúl acu dá dtiocfadh cara leo ar ais chuig an árasán, an oíche sular cailleadh duine acu go tragóideach?

Ba chóir don NUJ cur i gcoinne an cineál seo suarachais atá curtha i láthair i gculaith na hiriseoireachta. Is cúis náire do ghairm na hiriseoireachta saothar na beirte a chuir an dá alt thuasluaite i gcló. Mo náire iad.

11 comments:

  1. Is cosúil go bhfuair Jan Moir agus an Daily Mail íde béil nach beag ó gach aon taobh ina dhiaidh sin, moladh go deo le Stephen Fry agus Twitter i measc daoine eile! Ach céard a dúradh in Éirinn ar lorg an ailt eile? Ar scríobhadh altanna eile nó litreacha ar na nuachtáin á bhréagnú go héifeachtach?

    ReplyDelete
  2. Maidir le Jan Moir, tá ceartú le déanamh agam - is cosúil gur in eagrán Londain a cuireadh a píosa sise i gcló ach níor foilsíodh i leagan na hÉireann é - sin tuilleadh d'obair na meatachán seo. Thuig siad nach mbeadh glacadh rómhaith in Éirinn le halt Moir ach cheap siad go nglacfadh léitheoirí caomhacha na Breataine leis agus go dtiocfadh sé leis an tuiscint a bhí acu ar dhearcadh frith-homaighnéasach a gcuid léitheoirí.

    Maidir le píosa an Sunday Times, d'iarr an comhlacht poiblíochta atá ag plé le poibliú Leabhar na Bliana ormsa figiúirí den leabhar atá againn ar ghearrliosta na bliana seo, Peigín Leitir Móir, a chur ar fáil, mar shéanadh ar bholscaireacht an Sunday Times (amach is isteach le 2,400 cóip díolta ag PLM ó seoladh é mí na Nollag seo caite). Ní léim an Sunday Times, mar sin níl mé cinnte céard a tháinig as ó shin.

    ReplyDelete
  3. Bhí cúpla litir san Sunday Times ag freagairt don alt.

    Maidir le alt Moir, an bhfuil an alt léite agat, a Thadhg? (Níl agamsa) Maíonn an iriseoir nach ndúirt sí a dhath ar bith maidir lena chollaíocht - nach ndúirt sí ach nach bás nadúrtha atá i gceist nuair a fhaigheann fear óg bás tar éis oíche amuigh. Meas tú ar mó duine a bhí ag freagairt don feachtas ar líne seachas an rud a léigh siad féin?

    Sin gné eile de shaol na meáin - an deacracht an raic a scaradh ón rud a dúradh. Is minic gurbh é an ceannteideal (nach mbíonn baint ag an iriseoir leis) seachas an scéal a mhunlaíonn an rud a creidtear a dúradh.

    Beidh sé spéisiúl feiscint cén cinneadh a déantar ag an Comhairle Preas thall.

    ReplyDelete
  4. Tá an alt anseo.

    Ní dóigh liom go bhfuil an iriseoir chomh soineanta agus atá sí ag maíomh. Ach níl mé cinnte ach oiread an bhfeadfá a rá go bhfuil an alt frith aerach. Cothaíonn sé amhras faoin slí beatha, cinnte.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agat a Aonghuis. Tá pointe maith déanta agat faoin raic v. an rud a dúradh. Feictear dom ina dhiaidh sin, gur alt mioscaiseach atá ann atá hómafóbach, ar roinnt cúiseanna. An chéad chúis ná é seo - cailltear daoine óga go tobann ar chúiseanna nádúrtha. Tarlaíonn sé agus ní gá a bheith cáiliúil ná aerach le go dtarlódh. Tharla sé do chol ceathrar le céile mo dhearthár, cuir i gcás. I dtús na dtríochaidí a bhí sí, í as baile lena páirtí don deireadh seachtaine. Dhúisigh an fear bocht ar maidin agus í fuar marbh sa leaba lena thaobh. Tharla sé chomh tobann sin gur cheistigh na gardaí é faoinar tharla an oíche roimhe sa seomra óstáin ar raibh siad ag fanacht ann.

    Bheadh sé spéisiúil a fháil amach cé as a dtáinig an píosa eolais faoi fhear Gately, gur imigh sé chuig an seomra leapan leis an tríú fear - cé as a dtáinig an t-eolas sin? Cén meas a léiríonn sé sin ar phríobháideachas? Ar mhuintir fir Gately agus ar a mhuintir féin i mBaile Átha Cliath?

    Agus an rud is maslaí sílim, ná an chaoi go dtugtar le fios nach féidir le daoine aeracha "gnáthshaol" a chaitheamh mar chúpla atá dílis dá chéile - amhail is go raibh chuile chúpla heitrighnéasach a phós riamh dílis dá chéile. Damned if they do and damned if they don't atá ar siúl aici maidir le pósadh daoine aeracha. Níl sé sin féaráilte. An iontas ar bith é go gcuireann oiread leads óga aerach lámh ina mbás féin, nuair is mar seo a chaitear le fear óg a raibh sé de mhisneach aige teacht amach, fear a raibh rath air agus gean an phobail air, ba chuma cén claonadh gnéis a bhi ann?

    Má bhí Jan Moir chomh sásta sin leis an alt, cén fáth gur cinneadh gan é a fhoilsiú in Éirinn, i dtír dhúchais an fhir lenar bhain an scéal?

    ReplyDelete
  6. Aontaímse le d'alt, a Thaidhg. Tá díomá ormsa faoi threo na meán le blianta anois. Is é an t-aon rud amháin a déarfainnse ná nach bhfuil aon rud 'nua' faoin chlaonadh seo...

    ReplyDelete
  7. Is dócha go bhfuil an ceart agat, a Thadhg. Tá sé deacair uaireanta a bheith cinnte an mioscais atá i gceist nó nach ea, ach tá dealramh leis an méid a dúirt tú. Agus cinnte is fíor an "Damned if you do, damned if you don't".

    An t-amhras a bhí orm, baineann sé leis ró úsáid an lipéid "homophobach" - feictear dom go bhfuil sé á úsáid chun aon phlé ar bith ar cuinsí agus ceart agus mícheart saol aerach a bhá. Fiú go bhfuil sé ionann is doghlactha a rá go bhfuil a leithéidí ann agus daoine a bhraitheann claonadh i dtreo duine den inscne chéanna, ach nach ngéillean dó dá dtoil féin.

    Agus tá an rud ar fad thar a bheith íogair - conas is féidir daoine óga aeracha a chosaint, ach gan dearcadh iomlán "deán pé rud is mian leat" a bheith agat - rud a bheadh chomh holc céanna, dar liom, agus an claonadh a bhrú faoi chos go hiomlán mar a déanadh go dtí seo.

    Ag deireadh an lae, freisin, le tecaht chuig bun snáth d'alt - níl, agus ní raibh riamh, na meáin saor ó chlaonadh. Tá ba le cuir thar abhainn acu. Ach, an rud atá ag athrú ná an dairíreacht a bhaineadh leis na meain clóite - ní ardán d'idéil iad níos mó, ach gnó bolscaireachta. Fiú má ghearrtar pionóis orthu as na hailt seo - is chun leasa an díolachán a rachaidh an raic. Sin "Damned if you do, damned if you don't" eile!

    ReplyDelete
  8. Is cinnte go bhfuil deacrachtaí ag na meáin i go leor réimsí - go h-áirithe i réimsí a bhaineann le cúrsaí gnéis - claonadh gnéis is a leithéid - agus, mar atá feicthe againn le déanaí, i gcúrsaí teanga.

    Tá cosaint ag daoine aeracha, afach, sa tír seo ón gComhairle Phreas a thugann cosaint don duine ó chur isteach ar bhonn, i measc rudaí eile, claonadh. Nuair a bhí an cód cleachtais á dhréachtadh, d'iarras, agus mé im eagarthóír ar Lá ag a am, go mbeadh cosaint ann ar bhonn teanga, ach diultaíodh an cead sin dúinn.

    Ba cheart, cheapfá, gur leor an chosaint a shíolródh ó iriseoirí ag déanamh a gcuid gnó go cúramach agus ag fíoradh na bhfiricí agus ag insint IOMLAN na firinne, ní gá gur ionann sin agus bheith ag foilsiú scéil ina bhfuil gach firic fíor ann féin - mar a bhí an scéal faoi dhíolachán leabhair na Gaeilge [de réir tomhas Nielsen] sa Sunday Times ach nach bhfuil iomlán agus go mbréagnaíonn an fhiric a fhagtar ar lár an scéal iomlán [mar atá fíor i dtaobh scéal an Sunday Times].

    Diultaíodh an chosaint sinn dúinn ag an am agus, go deimhin, diultaíódh aon ionchur do na meáin chlóíte Ghaeilge, Lá agus Foinse, sa Chomhairle Phreasa. Club ar son na meáin Bhéarla amháin atá i gceist.

    Gan amhras, tá deacrachtaí ann le cúrsaí foilseachán na leabhar Ghaeilge agus is laincis é nach bhfuil cairteacha diolacháín ar fáil de na leabhair Ghaeilge a leireodh díolaíocht na leabhar. Tá leabhair i nGaeilge nach ndíolfaidh morán coipeanna - ach tá a leithéid ann i mBéarla freisin. Is mór an trua, dar liom, go bhfuil nach bhfuil an oiread acmhainní stáit á dhíriú i dtreo leabhair i nGaeilge a bhionn á léamh is atá toír orthu seachas na milliún Euro a bheith á threorú i dtreo aistriúcháin a dhéanamh ar chaipéisí oifigiúla nach bhfuil aon tóir orthu.....

    ReplyDelete
  9. Tagaim leat, a Choncubhair. Bheadh sé spéisiúil a fháil amach, cuir i gcás, cén toradh a bheadh ar fhiosrú maidir le filí Béarla atá á bhfoilsiú ag leithéidí Gallery Press nó Arlen House maidir le díolachán, de réir córas Neilsen agus é sin a chur i gcomparáid leis na sparánachtaí atá bronnta orthu ag an gComhairle Ealaíon agus eile i gcaitheamh na mblianta.

    Ach le fírinne, ní scríbhneoirí Gaeilge amháin a bhfuil an mhéar dírithe orthu ag na hiriseoirí cultúrtha seo - tá an damhsóir Fearghas Ó Conchúir, mar shampla, tar éis a bheith curtha faoi scrúdú airgeadais ag an Sunday Tribune.

    The cost of everything and the value of nothing mar a dúirt an té a dúirt.

    Ach cogar - an fíor go bhfuil na milliúin euro á gcaitheamh ar cháipéisí oifigiúla?

    ReplyDelete
  10. Bhuel, tá suas le 14 cent an focal á lorg ag aistritheoirí ar an aistriúchán. Agus tá na milliún focal á aistriú i gcaipéisí oifigiúla. Dá mbeadh a fhios againn go cruinn an méid aistriúchán a bhí ar bun, bheadh tuairim níos fearr againn ach is é mo bharúil ón méid chaipéísí aistrithe atá feicthe agam - agus go dtuigim nach bhfuil ann ach barr an chnoic oighir - go bhfuil i bhfad níos mó airgid á chaitheamh ar aistriúcháin, mar shampla, ná mar atá ar thacaíocht do leabhair i nGaeilge nó, go deimhin, iriseoireacht i nGaeilge.
    Nior ioc Lá riamh 'de réir líon na bhfocal' mar ar íoc nuachtáín eile - ach go minic bhíódh alt le 500-800 focal á fhoilsiú sa nuachtán ó shaor iriseoirí. Bheadh an t-adh leo €50 a fháil. Ni le droch mheas ar a saothar a dheineamar seo ach gurb iad sin na h-acmhainní a bhí againn.
    Is cosuíl nach bhfuil aon ghanntanas acmhainní ann d'aistriucháín. Le déanaí ceapadh duine mar Stiurthóir Rannóg Aistriúcháin Roinn na Gaeltachta ar thuarastal, más fíor na bhfógraí, suas is €130,000 in aghaidh na bliana. Sin airgead mhaith mas féidir leat é a fháíl. An bhfuil aon údar Ghaeilge le h-ioncam den scála sin agus an luachmhaire saothar an údar is lú i measc údar na nGael ná 'Stiurthóir na nAistriúcháin?"

    ReplyDelete