Seo lúibín a scríobh me píosa ó shin. Is é Tadhg Óg a mhol an scenario agus thriail mé an scéal a insint i bhfoirm lúibín. Bíonn go leor athrá i gceist le lúibín a théann chun leadráine má bhíonn go leor véarsaí i gceist. Chomh maith leis sin, ní scéal a bhíonn i gceist go hiondúil agus rólanna ar leith ag an dá ghlór. Ní thugtar le fios go hiondúil ach oiread go bhfuil glór amháin atá ar easpa eolais faoina bhfuil ag tarlú. Ag iarraidh na teorannacha a bhrú siar de bheagán a bhí mé. Cineál nuaibín atá i gceist. Ar aon chaoi, seo agaibh é:
An Caitín Álainn Bán
Tá Johnny Joe agus Delia in aois an phinsin.
JOHNNY JOE:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
Ghnothaigh mise an
lottoFuair mé ceithre mhilliún breá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
Cheannaigh mé
Mercedes Agus caitín do mo ghrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
Ba mhór an spóirt an caitín
Lena chloigeann álainn bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
Ím bím babaró a leithéidí de charr
Bhí pabhar sa Mercedes sin
Is í ag dul thar bráid
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
Ím bím babaró is orm a bhí an crá
Bhí Kit e Kat i mbabhla a’am
Is gan dé ar mo chaitín bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
Ím bím babaró mo chreach agus mo chrá
Ag casadh isteach sa
driveway dhom
Nár leag mé an caitín bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
Ím bím babaró is óró mhíle grá
“An bhfaca tú mo Bháinín beag
Mo chead ‘s mo mhíle grá?”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
Ím bím babaró, céard a d’fhéadfainn ‘ rá
“Ní fhaca” arsa mise bocht
“Ach fillfidh sé ar ball”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE :
Ím bím babaró a leithéidí de lá
Isteach sa
Merc de thintreach liom
Mé fhéin ‘s an caitín bán
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
Bhí mo chroí ag briseadh ‘nois,
Ag briseadh ina lár
Labhair mé le
Saint Anthony go bhfaigheadh sé mo ghrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
Ní raibh gíog ná míogín
As an gcaitín álainn bán
Siar liom chuig an
vet ansin, go leighfeasfadh sé mo chrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
Thriail mé bleaist ronnachaí
A thairiscint ar ball
Meas tú ab é ‘n
Kit-E-Kat nár thaithnigh le mo ghrá?
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
“Ní dóchasach an scéal é seo”
A dúirt an
vet ar ball
“Ní leigheas atá ón gcaitín sin, ach miorúilt, mo chrá”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
Níor chuir sí suim sna ronnachaí,
An scuitín álainn bán
Thriail mé tin
caviare go meallfadh sé mo ghrá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
“Seo jab don
Golden Pages Má tá
fix ar bith le fáil”
Bhreathnaigh sé faoi “Miorúiltí” – bhí
number áitiúil ann
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
Labhair mé leis na Gardaí
Nó go bhfaighidís mo ghrá
“Glaoigh ar ais Dé Céadaoin,
Tá muid fíor
-flat out faoi láthair”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
Istigh sa teachín aisteach seo,
Bhí fear le cóta bán
“Cuirim caoi gan stró ar bith
Ar bheithigh chuile lá ”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
Ghlaoigh mé ar an
mobileAr mo Johnny Joe ar ball
Ach bhí a number crúogach
‘S níor fhreagair sé an
callAgus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
Ba ghearr gur bhain sé an cloigeann
De mo chaitín álainn bán
Chuir sé isteach bleaist wireannaí
Is
microchip ‘na lár
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
D’fhreagair na
SamaritansMhínigh mé mo chás
“Ar thriail tú
fish fingers air?”
A dúirt an cailín lách
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY:
Chas mé isteach sa
driveway arís
Mé fhéin ‘s an caitín bán
“Seo abhaile Báinín beag
Do pheata is do ghrá!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
“Míle
thanks, Saint Anthony!”
A bhéic mé amach go hard
“A pheata bháin, bí ag ithe leat,
Triail an
caviare!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
“
Fish fingers – sin mo rogha fhéin!”
A bhéic an cat go hard
“Glanaigí an áit seo uileag
Tá an teach seo ina chás!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
DELIA:
Bhí caint anois, caint chantallach ag mo chaitín bán
“Liomsa an teach” a d’fhógair sé
“Amachaigí sa tsráid!”
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
Sa teach atá sé riamh ó shin
An caitín bradach bán
DELIA:
Is codlaíonn muid sa
Mer-ce-desMé fhéin ‘s mo mhíle grá
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
JOHNNY JOE:
Só, má bhíonn tú ag cuartú míorúiltí
A leighfeasfadh duit do chrá
Ná bac le
Golden Pages Nó is measa a bheas do chás
Agus ím bím babaró is óró mhíle grá
(c) 2008 Tadhg Mac Dhonnagáin
Bhí an píosa seo ar cheann de chnuasach lúibíní agus agallamh beirte a chum mé anuraidh le cúnamh ó scéim Deis na Comhairle Ealaíon, an ciste a thacaíonn leis na hEalaíona Traidisiúnta in Éirinn.