Showing posts with label gramadach. Show all posts
Showing posts with label gramadach. Show all posts

Friday, 7 August 2009

Cathair Saidhbhín


Bhain muid an-sásamh as an sciuird a thug muid faoi Uíbh Ráthach Dé Luain. Sheas muid le haghaidh greim lóin i gCathair Saidhbhín ar an mbealach aneas arís. Rith an cheist seo liom agus muid ann - dá mba i nGaeilge an lae inniu a bheifí ag baisteadh an bhaile, is é is dóichí ná gur "Cathair Shaidhbhín" a thabharfaí ar an áit. Cén uair ar tháinig an séimhiú sin isteach? Samhlaítear do dhaoine, sílim, go raibh gramadach na Sean- agus na Meán-Ghaeilge i bhfad níos casta ná cuid na teanga atá anois ann. Ach an fíor é sin? An bhfuil castachtaí breise tarraingthe againn orainn féin le cúpla céad bliain anuas nach mbíodh ann fadó? Agus má tá, cén fáth gur mar sin a tharla? "Gluaiseann teanga i dtreo na simplíochta" - sin nath ar tháinig mé trasna air in áit eicínt - an fíor dó mar nath?

Wednesday, 29 April 2009

Do Be Do Be Do (nó an aimsir ghnáthláithreach i mBéarla na hÉireann)


Ceann de na deacrachtaí is mó, sílim, a bhíonn ag eachtranaigh agus iad ag foghlaim na Gaeilge ná an úsáid is ceart a bhaint as an aimsir ghnáthláithreach. Do mo leithéid, a tógadh le Béarla na hÉireann, ní bhíonn an deacracht sin ann, mar go bhfuil leagan den aimsir ghnáthláithreach againn i mBéarla na tíre seo. Tá sé ag imeacht i léig, cheapfainn, i nGalltacht an lae inniu, ach tógfaidh sé glúin nó dhó eile fáil réidh go hiomlán leis.

Domsa, fós, tá rud éigin míshásúil ag baint le "He talks about the weather all the time". "He does be talking about the weather all the time" a bheadh ó dhúchas agam. Tá maolú áirithe tagtha ar m'úsáid den aimsir ghnáthláithreach i gcaitheamh na mblianta, go háirithe agus mé ag meascadh le daoine meánaicmeacha i mBaile Átha Cliath, daoine a mbeadh an-drochmheas acu ar an gcineál sin Béarla. Ach nuair a bhím sa mbaile i Maigh Eo, ag seanchas le mo dhream féin, bíonn "does bes" agus "do bes" ag imeacht go tréan agam.

Ní cuimhneach liom riamh gur dearnadh aon cheartú ar an aimsir ghnáthláithreach agus muid ag dul ar scoil. Ní cuimhneach liom brú ar bith a bheith orainn "She tells stories" a rá in ionad "She does be telling stories". Spéisiúil go leor, sa scoil Ghaeltachta ar fhreastal mo bhean uirthi agus í beag, dhéantaí géarleanúint ar na "does bes" agus na "do bes". DrochBhéarla a bhí ann agus ní ligfeadh an máistir le rá go raibh drochBhéarla ag a chuid scoláirí, díreach mar go raibh an Ghaoluinn mar chéad teanga acu. Fágann sé sin gur minic Béarla níos cruinne, ó thaobh na gramadaí, ag muintir na Gaeltachta in Éirinn ná mar a bhíonn ag muintir na Galltachta.

Tá níos mó ná leagan amháin ann den aimsir ghnáthláithreach ar fáil in Éirinn. Tá "he bes" cloiste agam (ó mhuintir Mhuineacháin, sílim) in ionad "he does be". Go deimhin, agus mise beag, d'airigh mé i gcónaí go raibh "he does be" ní b'fhearr mar Bhéarla ná "he do be", caint a chloisfeá ó dhaoine a bhí ar fíorbheagán oideachais. Gearán an chorcáin leis an gciteal, mar a deir muintir Chiarraí.

B'fhéidir gurb iad scriptscríbhneoirí Giúdacha Hollywood, a chuir go mór leis an íomhá "stage Irish" agus iad ag cumadh comhrá do leithéidí Bharry Fitzgerald, a chuir ár gcairde Gaelacha i Meiriceá in aer agus iad ag strachailt leis an aimsir ghnáthláithreach. Bhí sé tugtha faoi deara ag na scríbhneoirí sin go raibh rud eicínt mar é ar fáil i mBéarla na hÉireann, ach ní rómhinic a d'éirigh leo breith i gceart air - chloisfeá a leithéidí "Will you be havin' a drink there, father?" nó níos fearr fós "Is it a drink you'll be after havin' father and you after walkin' these four score and twenty miles for to get here?" ó Bharry Fitzgerald. Caithfidh go raibh a fhios aige siúd go maith nach raibh struchtúir Bharócacha den chineál sin, dá fheabhas iad, le fáil ar an oileán iathghlas.

Ach an oiread leis an bplé a bhí an tseachtain seo caite againn faoi na dathanna (oscailt súl dom ab ea an t-alt ar wikipedia a chuir an cainteoir dóchais faoi mo bhráid, faoin éagsúlacht tuiscintí atá ar fáil i dteangacha éagsúla ar dhathanna) is léiriú spéisiúil an aimsir ghnáthláithreach ar na tuiscintí éagsúla is féidir a bheith ann ó chultúr go cultúr ar rud chomh bunúsach le caitheamh agus imeacht an ama - a subject I do be often thinking about.

Sunday, 29 March 2009

iGaeilge agus na Póilíní Teanga


Feicim go bhfuil na póilíní teanga th'éis a bheith ag batráil ar dhoras áirithe i gceantar Chúil Aodha. Tá samplaí liostáilte acu ar an mblag iGaeilge de mhíchruinneas a scríbhneora, Conchubhar Ó Liatháin maidir le cúrsaí inscne (ar eagla na míthuisceana, ní trasghléasadh ná tada mar é atá i gceist agam).

Diabhal mórán sásaimh a thugann iar-eagarthóir Lá do Ghardaí na Gramadaí. Ach cé acu atá an ceart? - an blagadóir ar fearr leis an scian a shá go feirc i bhfeoil bhog an Fhorais, nó na póilíní teanga atá ag tathaint air níos mó cúraim a chaitheamh lena chuid scríbhneoireachta?

Bhuel, maithigí dom má cheapann sibh gur Tadhg an Dá Thaobh mé, ach airím go bhfuil cuid den cheart ag Fear Biadáin Mhúscraí agus ag Póilín Rúnda an Phinn Dheirg araon.

Is galar é an cruinneas teanga nuair atá an té atá i ngreim aige go hiomlán dírithe ar mhianach na teanga, gan aird ar bith aige ar ghné na cumarsáide den scéal.

Agus an méid sin ráte, is teanga í an Ghaeilge - teanga ársa, teanga chasta. Tá gramadach achrannach go leor aici. Creidim féin go bhfuil sé de dhualgas ar chuile dhuine a shaothraíonn an teanga a dhícheall a dhéanamh í a scríobh chomh cruinn agus is féidir. Tá an nua-theicneolaíocht tar éis léas nua beochta a thabhairt don Ghaeilge. Tá duine ar bith ar fud na cruinne (go teoiriciúil, ar aon nós) in ann an t-alt seo uaimse a léamh. Seo an áit a bhfuil freagracht orainn a bheith cruinn.

Dá scríobhfainn "an Fhoras" mar shampla, seachas "an Foras", an faitíos a bheadh orm ná go gcothódh sé éigínnteacht agus mearbhall intinne i measc phobal na bhfoghlaimeoirí - an botún atá i gceist leis an séimhiú seo ar an bhocal "Foras", nó an pointe canúna atá ann? Nó an cuma?

An bhfuil gá ag duine ar bith atá ag obair as féin go díograiseach i gCleveland, Ohio, nó i bPáras, Teicseas, a bheith ag cur stró air féin an difríocht idir "Tá an Foras lofa" (mar shampla, a chairde, mar shampla ó bharr mo chinn) "Tá an t-uafás airgid ag an bhForas lofa" agus "Cén fáth nach dtugtar domsa cuid d'airgead an Fhorais lofa" a fhoghlaim?

Leis an gceart a thabhairt don Liathánach, fear a bhfuil aithne agam le fada air agus meas dá réir, sílim go mbaineann an cur chuige laissez faire atá aige i leith chúrsaí gramadaí agus litrithe lena chúlra teanga féin. Tógadh Conchubhar i bpobal beag Gaeltachta, oileáinín teanga atá faoi léigear le fada ag an mórtheanga atá ag guailleáil isteach air ó chuile thaobh. Agus é ag éirí aníos, tá mé cinnte gur chuala sé an-mheascán cainteoirí Gaeilge ina thimpeall - daoine a raibh eolas cruinn acu ar inscne ainmfhocal, mar shampla agus daoine nach raibh.

Ar bhealach, tá sé i bhfad níos éasca ag an ábhar póilín teanga - duine, den chuid is mó, a fhoghlaimíonn an Ghaeilge ina dhuine fásta, is atá in ann na rialacha éagsúla a dhaingniú ina chloigeann ar bhealach measartha loighiciúil, ná mar atá ag an gcainteoir dúchais, go háirithe an fear Gaeltachta a tógadh i gceantar a raibh brú ar leith ar an teanga ann agus é ag éirí aníos.
Mar nuair a théann botún de chineál ar bith i bhfastó i do chloigeann, is deacair é a dhíbirt.
Mar shampla, d'fhoghlaim mé féin an t-amhrán "Cill Aodáin" i mo dhéagóir óg dom, roinnt blianta sular thug mé i gceart faoi líofacht a bhaint amach sa nGaeilge. Is le bliain nó dhó anuas a thug mé faoi deara go bhfuilim ag casadh an amhráin sin riamh anall agus botún bunúsach á rá agam "Go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo" seachas an rud ceart "Go seasfaidh mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo". Táim á rá le blianta mar go raibh an rud mícheart tar éis é féin a neadú i gcúl mo chinn agus fanacht ann go stuacach.

Níl a fhios agam cén leigheas atá ar an scéal ag iGaeilge - is léir go bhfuil pobal léitheoireachta aige, ach le léimneach anuas den chlaí (an Béarlachas é sin, meas sibh?) sílim gurbh fhiú dó beagán machnaimh a dhéanamh ar an bhfreagracht atá air mar scríbhneoir a bheith ina eiseamláir stíle agus cruinnis dá phobal léitheoireachta.
Go maire tú an céad, a iGaeilge, ag sá na scine géire go feirc i mbolg beathaithe an Fhorais lofa. (Is mar eiseamláir gramadaí amháin is cóir an abairt dheiridh seo a léamh - dáiríre.)