"The summit was imbued with a sense of gravity with Mr Obama, Mr Ban and Mr Cowen all saying its participants would be judged by history."
Tá an líne sin thuas le léamh i dtuairisc san Irish Times ar maidin faoin gcruinniú mullaigh i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe inné. Is dóigh go luíonn sé le nádúr go ndéanfadh an tIrish Times tuairsciú ar an méid a bhí le rá ag an bhFear Mór s'againn féin. Feictear tuairisceoireacht den chineál sin i nuachtáin na hÉireann chuile lá.
Níl mé a rá go bhfuil an té a scríobh ag iarraidh a chur in iúl gur ceannaire domhanda é Taoiseach na hÉireann a bhfuil an aird chéanna go hidirnáisiúnta air is atá ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ag Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe.
Ach nuair a léifeá an cineál sin tuairisce lá i ndiaidh lae, go háirithe más duine thú nach mbíonn mórán déileála i do chuid oibre nó eile agat leis an domhan mór taobh amuigh d'Éirinn, ghlacfá leis go bhfuil aird ag an domhan ar Éirinn.
Is cinnte go bhfuil dul chun cinn an-mhór déanta le mo linnse ag an an tír seo, ach ní de bharr gur tír bheag í a bhfuil ómós ag náisiúin mhóra an phláinéid uirthi. Tá dhá chúis leis - de bharr gur ball d'Aontas na hEorpa muid agus de bharr infheistiú idirnáisiúnta, go háirithe ó Mheiriceá. Tá cúpla cúis leis an infheistiú Meiriceánach. Tá diaspora mór Éireannach ann agus is i Meiriceá atá a bhformhór, rud a chothaíonn bá leis an seanfhód. Ach ní shin an chúis is mó atá leis an deireadh a bheith le bochtanas forleathan in Éirinn. Tá córas corparáideach cánach sa tír seo ann atá an-tarraingteach do chomhlachtaí Meiriceánacha (faoi láthair ar aon nós). Tá daonra óg againn a bhfuil oideachas maith air agus rud an-tábhachtach i saol idirnáisiúnta an lae inniu, Béarla líofa. Ach an chúis is tábhachtaí, b'fhéidir, ná gur ball í Éire den Aontas Eorpach. Geata isteach sa ngort mór sin í Éire.
Má vótálann muid in éadan Chonradh Liospóin de bharr bolscaireacht bhréagach atá á scaipeadh faoin iliomad ceisteanna nach mbaineann le hábhar, cothófar éiginnteacht go hidirnáisiúnta.
Cúpla bliain ó shin, bhí cur is cúiteamh ann faoin gcóras cánach a bhain le faoiseamh a thabhairt d'infheistíocht i dtograí scannán sa tír seo. Bhí an chuma ar an scéal go raibh deireadh chun teacht leis. Cinneadh síneadh bliana a chur leis an scéim agus le hathbhreithniú a dhéanamh an uair sin air. Ag an am, bhí ag éirí go maith leis an tionscal agus bhí tograí móra á mealladh go hÉirinn. Ach bíonn ar lucht scannán a bheith ag breathnú cúpla bliain chun cinn i gcónaí mar go dtógann sé an t-achar sin togra a thabhairt ó thús go deireadh an phróisis. De bharr na héiginnteachta a bhain leis an athbhreithniú a bhí le teacht, thriomaigh an tobar. Chinn na comhlachtaí scannán a gcuid gnó a dhéanamh áit eicínt eile.
Is tromchúisí go mór an éiginnteacht a chothófaí dá ndiúltódh muintir na hÉireann do Chonradh Liospóin ar an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair.