
Ceann de na deacrachtaí is mó, sílim, a bhíonn ag eachtranaigh agus iad ag foghlaim na Gaeilge ná an úsáid is ceart a bhaint as an aimsir ghnáthláithreach. Do mo leithéid, a tógadh le Béarla na hÉireann, ní bhíonn an deacracht sin ann, mar go bhfuil leagan den aimsir ghnáthláithreach againn i mBéarla na tíre seo. Tá sé ag imeacht i léig, cheapfainn, i nGalltacht an lae inniu, ach tógfaidh sé glúin nó dhó eile fáil réidh go hiomlán leis.
Domsa, fós, tá rud éigin míshásúil ag baint le "He talks about the weather all the time". "He does be talking about the weather all the time" a bheadh ó dhúchas agam. Tá maolú áirithe tagtha ar m'úsáid den aimsir ghnáthláithreach i gcaitheamh na mblianta, go háirithe agus mé ag meascadh le daoine meánaicmeacha i mBaile Átha Cliath, daoine a mbeadh an-drochmheas acu ar an gcineál sin Béarla. Ach nuair a bhím sa mbaile i Maigh Eo, ag seanchas le mo dhream féin, bíonn "does bes" agus "do bes" ag imeacht go tréan agam.
Ní cuimhneach liom riamh gur dearnadh aon cheartú ar an aimsir ghnáthláithreach agus muid ag dul ar scoil. Ní cuimhneach liom brú ar bith a bheith orainn "She tells stories" a rá in ionad "She does be telling stories". Spéisiúil go leor, sa scoil Ghaeltachta ar fhreastal mo bhean uirthi agus í beag, dhéantaí géarleanúint ar na "does bes" agus na "do bes". DrochBhéarla a bhí ann agus ní ligfeadh an máistir le rá go raibh drochBhéarla ag a chuid scoláirí, díreach mar go raibh an Ghaoluinn mar chéad teanga acu. Fágann sé sin gur minic Béarla níos cruinne, ó thaobh na gramadaí, ag muintir na Gaeltachta in Éirinn ná mar a bhíonn ag muintir na Galltachta.
Tá níos mó ná leagan amháin ann den aimsir ghnáthláithreach ar fáil in Éirinn. Tá "he bes" cloiste agam (ó mhuintir Mhuineacháin, sílim) in ionad "he does be". Go deimhin, agus mise beag, d'airigh mé i gcónaí go raibh "he does be" ní b'fhearr mar Bhéarla ná "he do be", caint a chloisfeá ó dhaoine a bhí ar fíorbheagán oideachais. Gearán an chorcáin leis an gciteal, mar a deir muintir Chiarraí.
B'fhéidir gurb iad scriptscríbhneoirí Giúdacha Hollywood, a chuir go mór leis an íomhá "stage Irish" agus iad ag cumadh comhrá do leithéidí Bharry Fitzgerald, a chuir ár gcairde Gaelacha i Meiriceá in aer agus iad ag strachailt leis an aimsir ghnáthláithreach. Bhí sé tugtha faoi deara ag na scríbhneoirí sin go raibh rud eicínt mar é ar fáil i mBéarla na hÉireann, ach ní rómhinic a d'éirigh leo breith i gceart air - chloisfeá a leithéidí "Will you be havin' a drink there, father?" nó níos fearr fós "Is it a drink you'll be after havin' father and you after walkin' these four score and twenty miles for to get here?" ó Bharry Fitzgerald. Caithfidh go raibh a fhios aige siúd go maith nach raibh struchtúir Bharócacha den chineál sin, dá fheabhas iad, le fáil ar an oileán iathghlas.
Ach an oiread leis an bplé a bhí an tseachtain seo caite againn faoi na dathanna (oscailt súl dom ab ea an t-alt ar wikipedia a chuir an cainteoir dóchais faoi mo bhráid, faoin éagsúlacht tuiscintí atá ar fáil i dteangacha éagsúla ar dhathanna) is léiriú spéisiúil an aimsir ghnáthláithreach ar na tuiscintí éagsúla is féidir a bheith ann ó chultúr go cultúr ar rud chomh bunúsach le caitheamh agus imeacht an ama - a subject I do be often thinking about.