
Bhí caint sna meáin agus ar na blaganna (ar cuid de na meáin iad, ar ndóigh) le seachtain nó dhó faoin siar is aniar a bhí ann idir foilsitheoirí na Gaeilge agus an Foras le gairid maidir le maoiniú. Airgead ar déanadh tairiscint air le tacú le scríbhneoirí éagsúla tabhairt faoi shaothair nua a scríobh a bhí i gceist. Is faoi Scéim na gCoimisiún a faomhadh an maoiniú agus nuair a tháinig an scéala chomh fada le Futa Fata thart ar mhí ó shin go raibh sé cinn de choimisiúin faofa, is orainn a bhí an t-áthas.
Baineadh siar asainn nuair a tháinig litir eile seachtain ina dhiaidh sin arís, a rá gur trí bhotún a scaoileadh amach na chéad litreacha agus nach mbeadh cinneadh anois ann ar na hiarratais go dtí an 19ú den mhí seo - Dé hAoine seo caite.
Bhí faitiós orainn, agus rothaí ag titim anuas de bhaigín an náisiúin ar chuile thaobh, gur cúinsí airgid ba chúis leis an tarraingt siar. Ach níorbh ea - agus is orainn atá an t-áthas a rá inniu go bhfuil na coimisiúin a bhí faofa de réir na chéad litreach (an bhfuil an ceann sin i gceart agam?) - go bhfuil siad fós faofa, agus an méid céanna airgid i gceist.
Tá maoiniú faighte ag Futa Fata coimisiúnú a dhéanamh ar Bhridget Bhreathnach, ar Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus ar Patricia Forde leabhair do pháistí a scríobh agus ar Bhrenda Ní Shúilleabháin agus ar an scríbhneoir seo le tabhairt faoi leabhair nua do dhaoine fásta. Tá súil againn, (ag brath ar mhaoiniú!) formhór na leabhar seo a bheith ar fáil i gcomhair mhargadh na Nollag, 2010.
Is cosúil gur ceist mhaorlathais de chineál eicínt faoi ndear an tarraingt siar. Tarlaíonn na rudaí sin - agus tuigeann muid go mbíonn ar dhaoine a bheith cúramach le pingeacha an Stáit.
Dea-scéala, mar sin, do na foilsitheoirí leabhar agus do na scríbhneoirí - le cúnamh Dé agus a bhfuil eile ann, beidh dea-scéala den chineál céanna ag an nuachtán Foinse gan mórán achair.