Wednesday 21 October 2009

Pléimeannaigh Phraiticiúla


Bhí comhrá spéisiúil agam le hionadaí ón gcomhlacht foilsitheoireachta Abimo agus mé ag freastal ar Aonach Leabhar Frankfurt an tseachtain seo caite. Foilsitheoir Pléimeannaise é Abimo. Beidh Futa Fata ag foilsiú leabhair i gcomhar leis roimh dheireadh na bliana seo. Mar is eol daoibh, seans, is canúint de chuid na hOllainnise í an Phléimeannais, ceann de na teangacha a labhraítear sa mBeilg.

D'fhiafraigh mé de mo chomhghleacaí Beilgeach, le teann fiosrachta, an raibh mórán difríochta ann idir an Phléimeannais agus an Ollainnis - ar ghá, cuir i gcás, eagráin Ollainnise agus eagrán Pléimeannaise a dhéanamh de leabhar a bheadh á fhoilsiú acu. "Níl" a deir sé. "Dírímid ar an ábhar a bheith feiliúnach don dá mhargadh. Sula bhfoilsímid leabhar ar bith, cuirimid chuig eagarthóir Ollannach é. Má aimsíonn sé siúd focal Pléimeannaise a mbeadh deacracht ag léitheoir Ollannach leis, déantar leasú ar an téacs, ar mhaithe leis an leabhar a bheith intuigthe sa dá thír".

Nuair a chuimhním ar leabhair Ghaeilge do pháistí óga atá feicthe agam agus abairtí ar nós "Tá Mamó ag ithe a coda" iontu, bím ag cuimhneamh go bhféadfaimis ceacht nó dhó a fhoghlaim ó na Pléimeannaigh....

2 comments:

  1. Is ait an rud é, ach thug mé faoi deara tamall ó shin gurb iad na Gaeilgeoirí neamh-Éireannacha is mó atá faoi dhraíocht ag canúintí na Gaeilge. Is í mo theoiric féin ná go bhfuil authenticité* ag teastáil uathu ó nach in Éirinn a rugadh iad. Tar éis dóibh canúint amháin a uchtú, uaireanta bíonn siad níos dílse do gach aiste di, na poill agus na prochóga uilig, ná na natives iad féin.

    * Ag smaoineamh ar Fhrancach amháin atá mé anois, fear a chuir "an oiread céarna" mar shampla san fhoclóir póca français-irlandais / Gaeilge-Fraincis a d'fhoilsigh sé níos luaithe an bhliain seo. Hmmm. Cén chanúint a adhrann seisean? ;-)

    ReplyDelete
  2. Tá go leor ceachtanna le foghlaim againn, a Thaidhg.

    Feictear dom go bhfuil canúintí éagsúla na Gaeilge ag coinneáil greim dhaingean ar a gcanúint féin, ach ní chuidíonn sé sin leis an bhfoghlaimeoir.

    De thoradh na héagsúlachtaí uile atá sna canúintí, tá deacrachtaí ann don fhoghlaimeoir, agus shílfeá go ndéanfadh sé ciall córas éigin, mar a mhínigh Abimo é, a chur i bhfeidhm sa tír seo?

    ReplyDelete