Showing posts with label seanfhocal. Show all posts
Showing posts with label seanfhocal. Show all posts

Wednesday, 3 June 2009

Ut ameris, ama!


Tá beagán leisce orm seanfhocal Laidine a tharraingt anuas, ón lá ar léirigh mé don saol mór (nó don saol beag a bhíonn ar cuairt ar Gharraí J Mh ar chaoi ar bith) a laghad scil atá agam i dteanga na Rómhánach. Ach tá ceann an-deas agus an-fhírinneach le feiceáil anseo inniu - Ut ameris, ama: Má tá tú ag iarraidh go dtabharfaí grá duit, tabhair tú féin uait do ghrá. (An féidir Gaeilge a chur ar an nath seo agus gan ach trí fhocal a bheith san aistriúchán?)

Sunday, 26 April 2009

Amor caecus est


An pléisiur is mó domsa a bhaineann le bheith ag útámáil ar bhonn amaitéarach leis an teangeolaíocht ná an nóiméad sin anois is arís nuair a thagaim ar cheangail nach raibh a fhios agam a bheith ann idir focail i dteangacha éagsúla. Cuimhním fós ar an lá cúpla bliain ó shin agus mé i mo shuí i mbialann Mhic Dhonncha ar shráid na céibhe i nGaillimh agus mé ag tabhairt faoi phláta sceallóg agus trosc, gur thug mé faoi deara ar phóstaer le mo thaobh ar an mballa go raibh gaol idir an focal Gaeilge "trosc" agus "torsk" na Danmhairgise. Is léir gurb iad na Lochlannaigh, nó na Danair, mar a thugtaí go minic orthu agus mise ag dul ar scoil, a thug an focal sin dúinn ar an iasc breá sin atá ag éirí an-ghann na leathanta seo.

Díreach anois a thug mé ceangal eile faoi deara. An lá cheana, chuir mé isteach giuirléidín ar an mblag seo a chuireann seanfhocal Laidine faoinár mbráid chuile lá. Inniu, is é an seanfhocal atá romhainn ná "Amor caecus est" - "Bíonn an grá caoch". Is léir gur ón bhfréamh chéanna a shíolraigh "caoch" agus "caecus" ("cieco" atá ann san Iodáilis).

"Dall" atá ag na Briotáinigh, mar a chéile leis an bhfocal eile atá againn féin sa nGaeilge - an bhfágann sé sin gur ón Laidin a thánig "caecus>caoch" nó an ó na Ceiltigh a fuair na Rómhánaigh é?

Wednesday, 8 April 2009

An Poitigéir agus an Seanfhocal


Bhí cara liom fadó i mBaile Átha Cliath a bhí ag déanamh staidéir ar an gcógasaíocht i gColáiste na Tríonóide. Samhradh amháin, fuair sé jab ina bhaile dúchais in Inis, i gContae an Chláir ag obair i siopa poitigéara (nó cógaslann mar a thugtar na laethanta seo orthu. Is deise liom féin an seanfhocal - is dóigh gur ó "apothecary" an Bhéarla a shíolraigh sé).

Fear mór Gaeilge ab ea mo mhéit agus bhí sé tar éis múineadh dó féin scríobh sa tseanscríbhneoireacht Ghaeilge. Scríobhadh sé litreacha chugam anois is arís sa tseanstíl sin, agus peann dúiche ar an seandéanamh a bhíodh i gcónaí aige.

An samhraidh áirithe seo ar aon chaoi, bhí feachtas Ghlór na nGael ar siúl i mbaile na hInse agus theastaigh ón bpoitigéir go mbeadh cuma mhaith ar a shiopa siúd. Bhí sé th'éis peannaireacht retro mo mhéit a thabhairt faoi deara agus d'iarr sé air rud eicínt a scríobh amach sa tseanstíl le cur i bhfuinneog an tsiop, le cur le taispeántas na bhfuinneog a raibh siopadóirí an bhaile páirteach ann. "A nice old seanfhocal - something in the medical line" a d'iarr an poitigéir.

Chuimhnigh mo mhéit - seanfhocal a bhain le cógasaíocht nó a leithéid. Is ansin a bhuail an splanc ionsparáide é.

An lá dar gcionn, greannta i bhfuinneog an tsiopa, i scríbhneoireacht bhreá Ghaelach bhí muintir an bhaile in ann an tseoid fhealsúnta seo a leámh, ráiteas a spreagfadh muinín duine ar bith i gceird na poitigéireachta:

"Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis".