Showing posts with label Uachtarán. Show all posts
Showing posts with label Uachtarán. Show all posts

Monday, 6 April 2009

Róise agus an tOireachtas


Cuireann an scéal faoi John Cale an lá cheana mé ag cuimhniú ar mo chur chuige féin mar thuismitheoir i dtaobh chúrsaí teanga de. Scaití sílim go bhféadfainn cúpla ceacht a fhoghlaim ó Mhamó sin na Breataine Bige. Tá sé an-deacair an Ghaeilge a choinneáil in uachtar i dteaghlach ar bith na laethanta seo agus an brú atá ann ón gcultúr idirnáisiúnta. Téann na gasúir éagsúla trí thréimhsí éagsúla - scaití dílis go maith (agus an-dílis in amanna), scaití eile, is deacair focal Gaeilge ar bith a bhaint astu.

Tá Róise (8 mbliana) tagtha chun cinn go hiontach le bliain anuas, mar shampla. Ach ní mar sin a bhí i gcónaí. Dhá bhliain ó shin, bhí sé d'onóir mhór agam a bheith tofa mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge, ar feadh na bliana 2007.

De réir mar a bhí Oireachtas na Samhna ag druidim linn, bhí mé ag éirí buartha faoi Róise (a bhí sé bliana d'aois ag an am). Béarla ar fad ab ea an cúram, mar a deir an Ciarraíoch, bíodh is go raibh dalladh Gaeilge aici, agus blas an-deas le cois. Bhí muintir Mhaigh Eo ag maíomh as an Uachtarán óg(!) fuinniúil srl. a bhí roghnaithe acu - ach céard a tharlódh dá mbeinn thuas i gCathair na Mart i measc na maithe is na móruaisle agus Róise bheag ag sodar i mo dhiaidh, ag fógairt orm sa Sacsbhéarla? (Tá a fhios agaibh an tromluí coitianta sin - tá tú ag cruinniú tábhachtach, éiríonn tú i do sheasamh le teacht i láthair an tslua go cumasach, éirimiúil - agus tugann tú faoi deara nach bhfuil snáth éadaigh ort. Bhuel méadaigí é sin faoina chéad agus tuigfidh sibh mo chás).

Faoi dheireadh, shocraigh mé suí síos leis an mbeainín bheag agus an scéal a phlé léi. Nuair a bhí mé th'éis a mhíniú cé chomh deas is a bhí na daoine a roghnaigh a Daid sise leis an slabhra álainn órdha a chaitheamh, agus an cúlra leochaileach sochtheangeolaíochta a bhain leis an onóir sin a chur faoina bráid, las an dá shúil ina cloigeann. "Dad" a deir sí - "don't worry. I'm saving my Gaeilge for the Oireachtas!"