Tá mé ag cur barr slachta inniu ar an gceathrú leabhar sa tsraith Fiannaíochta do pháistí, "Gruaig Fhinn" Is é An Gúm atá ag foilsiú na sraithe. An chúis gurb é atá ag plé leis an saothar seo seachas mo chomhlacht féin, Futa Fata, ná gur chuir mé an t-ábhar seo faoi bhráid an Ghúim den chéad uair sa mbliain 1984.

Bhí mo chéad leabhar, Fleá Bhricriu, curtha amach acu tamall roimhe sin agus an chéad rud eile a rinne mé ná cnuasach scéalta Fiannaíochta a chóiriú le bheith foilsithe in aon imleabhar amháin. Ar chúis amháin nó ar chúis eile, níor foilsíodh an saothar sin, agus th'éis dom tamall de bhlianta a chaitheamh ag crá an eagarthóra a bhí i mbun an Ghúim ag an am, scaoil mé tharam é agus dhírigh ar thograí eile. Ansin, gan choinne, ceithre bliana ó shin, fuair mé litir ó Sheosamh Ó Murchú, eagarthóir sinsearach reatha an Ghúim, ag iarraidh orm breathnú arís ar an tseanscríbhinn, féachaint le sraith leabhar ghearra a bhunú ar an gcnuasach scéalta a bhí curtha faoi bhráid An Ghúim agam i lár na n-ochtóidí. Shocraigh muid díriú ar cheithre cinn, agus tá trí cinn acu sin foilsithe go dtí seo:

Fionn mac Cumhaill, Taoiseach na Féinne; Bran agus Sceolán agus Oisín.
Tá mé an-sásta anois gur mar sin a tharla. Ag breathnú siar ar an gcóiriú a rinne mé ar "Fleá Bhricriu", is minic a deirim anois le hábhar scríbhneoirí gur sampla maith é den bhealach nár chóir tabhairt faoi sheanscéal a chóiriú do pháistí. (Bhí na lochtanna céanna le brath ar an gcnuasach Fiannaíochta agus tá mé an-sásta nár cuireadh amach sa riocht sin iad.)
Cé na lochtanna atá agam ar an jab a rinne mé ar Fleá Bhricriu? Ar an gcéad dul síos, bhí mé ró-dhílis don seanscéal. Chuir mé an iomarca mionsonraí agus mion-charachtair isteach ann nach raibh tábhacht leo. Bhain siad sin de rithim agus de luas an scéil.
Bhí mé gafa chomh maith ag an am le faisean na linne sin maidir le "leaganacha deasa cainte" a shá isteach anois is arís, ar mhaithe le cur saibhreas teanga na léitheoirí óga. Sa lá atá inniu ann, agus mé ag scríobh don aoisghrúpa seo (idir 7 - 10 mbliana nó mar sin) is é an phríomhaidhm a chuirim romham ná go mbeadh na léitheoirí in ann an leabhar a léamh ar a gconlán féin agus taitneamh a bhaint as an scéal. An tríú athrú atá tagtha ar an gcur chuige, sílim ná go bhfuil na blianta atá caite agam ag scríobh scripteanna teilifíse th'éis dul i gcion orm.
Bím ag iarraidh na cleasanna atá foghlamtha agam maidir le forbairt carachtar agus go háirithe maidir le struchtúr scéil a chur ag obair. An ceathrú rud ná go bhfuilim sásta an scéal a chóiriú ar mhaithe le feabhas a chur ar an scéal do léitheoirí an lae inniu, gan a bheith ag déanamh an iomarca buartha faoi bheith dílis don seanleagan a bhfuilim ag bunú mo leagain féin air. I gcás an scéil "Bran agus Sceolán", cuir i gcás, sa seanleagan is aint le Fionn í Tuirne, atá casta isteach ina cú - is ise atá ansin ina máthair ar an dá choileán, Bran agus Sceolán.

Sa leagan a chóirigh mise, shocraigh mé gur leasdeirfiúr le Fionn í, a tháinig ar an saol tar éis do mháthair Fhinn, Muireann a bheith ar a teitheadh ar feadh na mblianta, th'éis do Gholl mac Morna a fear, Cumhall mac Tréanmhóir a mharú. Thug sé sin rud eicínt le déanamh do Mhuireann go dtí go bhfuair sí amach go raibh a mac, Fionn, th'éis an jab a fháil mar Thaoiseach ar na Fianna. Radharc mór drámatúil a bhí ann nuair a roinn sí an t-eolas sin le Tuirne, iníon léi a bhí anois ina bean óg.
Ní chuireann sé buairt ar bith orm nach bhfuil an leagan amach seo ag teacht leis an traidisiún. Níl an leagan nua ag teacht salach le bun-nádúr an bhunscéil. An aidhm atá agam ná go mbeadh grá ag gasúir don ábhar. Má spreagann sé iad le staidéar a dhéanamh ar an bhFiannaíocht agus iad níos sine, beidh an aidhm baint amach agam, fiú má chuireann an staidéar sin ar a súile dóibh nár chloígh mise i gcónaí leis an traidisiún. Tá an cineál sin éabhlóide i gceist riamh i dtraidisiún na Fiannaíochta ar aon nós.

Tá súil ag an nGúm "Gruaig Fhinn" a bheith ar fáil i gcomhar mhargadh na Nollag.