Showing posts with label Iarla Ó Lionáírd. Show all posts
Showing posts with label Iarla Ó Lionáírd. Show all posts

Friday, 10 April 2009

Caoineadh na dTrí Muire


Iarla Ó Lionáird, an sár-amhránaí sean nóis agus nua nóis ó Chúil Aodha le feiceáil sa ngarraí an tseachtain seo agus é ag casadh "Caoineadh na dTrí Muire". Glacaim leis (ach d'fhéadfadh dul amú a bheith orm) gur ó Sheosamh Ó hÉanaí a d'fhoghlaim sé an t-amhrán. Luaitear an t-amhrán le Joe Éinniú agus tá cur síos cuimsitheach ag Liam Mac Con Iomaire ina leabhar iontach "Nár Fhágha Mé Bás Choíche" ar an tábhacht a bhí leis an amhrán i saol ceoil Uí Éanaí.

Tháinig mé ar an leagan seo thíos ar ball de na liricí is mé i mbun gúglála. Tá sé beagáinín difriúil ó leagan Iarla - is breá liom na línte scáfara sin atá aige siúd "Cuireadh tairní maola trína chosa is trína lámha" Tá an úsáid a bhaineann sé as an aidiacht sin "maola" an-chumhachtach, sílim - déanann sé gníomh an chéasta níos barbartha fós, agus cuireann sé le réalachas na hinste.

Ní fios cé a chum an t-amhrán seo, ach samhlaím i gcónaí gur bean a rinne é. Tá sé chomh pearsanta mar phíosa - na línte "An é sin an maicín a d'iompar mé trí ráithe?/An é sin an maicín a rugadh ins an stábla?" - airím gur ag tarraingt ó thaithí phearsanta a bhí an té a chum.

Ní fhéadfainn a rá cén fáth go dtugtar Caoineadh na dTrí Muire ar an amhrán agus cén fáth go mbeadh triúr Muire i gceist ann. Scríobh Angela Partridge aka Aingeal de Búrca aka Angela Bourke leabhar ar an ábhar blianta fada ó shin - níl a fhios agam an bhfuil fáil i gcónaí air.

Seo chugaibh na liricí:

Caoineadh na dTrí Muire

A Pheadair, a aspail, an bhfaca tú mo ghrá geal? ochón agus ochón ó.
Chonaic mé ar ball é i láthair a namhad, ochón agus ochón ó.

Cé hé an fear breá sin ar chrann na páise? ochón agus ochón ó.
An é nach n-aithníonn tú do mhac a mhaithrín? ochón agus ochón ó.

An é sin an maicín a d'iompair mé trí ráithe? ochón agus ochón ó.
An é sin an maicín a rugadh ins an stábla? ochón agus ochón ó.

Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire? ochón agus ochón ó.
Nó an í sin an tsleá a chuaigh trí do lár geal? ochón agus ochón ó.

An é sin an casúr a bhuail tríot na tairní? ochón agus ochón ó.
An é sin an choróin spíonta a chuaigh ar do mhullach álainn? ochón agus ochón ó.

Mhaise éist, a mháithrín, agus ná bí cráite, ochón agus ochón ó.
Tá mná mo chaointe le breith fós, a mháthair, ochón agus ochón ó.