Showing posts with label An Veinéis. Show all posts
Showing posts with label An Veinéis. Show all posts

Friday, 3 April 2009

John Cale, an Velvet Underground agus an Bhreatnais

Bhí mé ag éisteacht ar ball le hagallamh ar phodchraoladh ón mBBC dá
gclár ealaíne "Front Row". John Cale, an cumadóir amhrán agus léiritheoir ceoil ón mBreatain Bheag a bhí faoi agallamh - bhuel, is mar cheoltóir ba mhó a bhí aithne go dtí seo air, b'fhéidir. Bhí sé ina bhall den Velvet Underground le Lou Reed sna seascaidí agus sna seachtóidí i Nua Eabhrac, grúpa a raibh an t-ealaíontóir Andy Warhol mar bhainisteoir acu. Tá sé bainteach riamh ó shin leis an gciorcal ceoil agus ealaíne sin i Nua Eabhrac - mar a bhfuil cónaí le dhá scór bliain ó shin air.

An fáth go raibh sé faoi agallamh an tseachtain seo ná go mbeidh sé ag déanamh ionadaíochta thar ceann na Breataine Bige ag Biennale Ealaíne na Veinéise - ní mar cheoltóir, ach mar dhearcealaíontóir, ag an imeacht dearcealaíne is mó ar domhan, b'fhéidir, a bhíonn ar siúl i gcathair an uisce san Iodáil, gach re bliain.

An t-ábhar a bheidh á ionramháil ag John Cale sa taispeántas atá sé ag réiteach don Veinéis ná a thógáil mar chainteoir Breatnaise sna caogaidí. Mhínigh sé san agallamh gur fhás sé suas i dteach a sheanmháthar. Sasanach ba ea a athair agus cainteoir dúchais Breatnaise a mháthair agus a máthair sise. Fear bocht a bhí san athair, mianadóir, fear gan oideachas. Chuaigh an lánúin óg chun cónaithe leis an tseanmháthair th'éis dóibh pósadh.

Bhí an-mheas ag a sheanmháthair ar an oideachas - thuig sí gur bealach éalaithe a bhí ann ó bhochtanas shaol an mhianadóra. Bhí sé le tuiscint ón agallamh chomh maith, cé nár dúradh amach é, go raibh an-drochmheas ag seanmháthair Cale ar an rogha céile a bhí déanta ag a iníon nuair a phós sí an mianadóir bocht Sasanach, nach raibh focal Breatnaise ina phluic aige. Is léir chomh maith go mba deachtóir mná an tseanbhean agus go raibh athair agus máthair Cale araon faoina bois aici.

Bhí cosc iomlán ar Bhéarla sa teach, rud a d'fhág nach raibh focal Béarla ag Cale sular thosaigh sé á fhoghlaim ar scoil agus é seacht mbliana d'aois. D'fhág sé sin (agus seo an rud a ghoilleann ar Cale - go dtí an lá inniu féin, is léir) nach raibh cumarsáid cainte mórán ar bith aige lena athair go dtí go raibh sé seacht mbliana d'aois, nó gur thosaigh sé ag teacht isteach ar an teanga ar scoil.

Cé go bhfuil eolas agam ar cheol John Cale le fada, ba nuaíocht domsa an t-eolas cúlra seo ar fad. An-spéisiúil, a shíl mé.