I gcás na Gaeilge, creidim nach bhfuil na sainscileanna eagarthóireachta ar fáil taobh istigh de phobal labhartha agus scríofa na teanga a theastaíonn le caighdeán ard a bhaint amach i ngach genre scríbhneoireachta. Creidim gur chóir dúinn a bheith ag imeacht taobh amuigh de phobal na Gaeilge leis na scileanna sin a fhoghlaim agus cultúr na Gaeilge a shaibhriú dá réir. I saol na teilifíse agus na scannán, cuir i gcás, déantar é sin an t-am ar fad. D'fhreastail mé féin ar cheardlann seachtaine i Sitges na Spáinne roinnt blianta ó shin, ag féachaint le togra teilifíse a fhorbairt. Bhí scríbhneoirí ann ón bPortaingéil, ón bhFrainc, ón Spáinn féin, ó Shasana agus ó Éirinn. I mBéarla is mó a rinneadh an obair, ach is i dteangacha éagsúla a bhí na tograí le bheith léirithe.
Ba shin an cur chuige a bhí i gceist le ceardlann scríbhneoireachta a d'eagraigh Futa Fata i ndeireadh na bliana seo caite, le scríbhneoirí nua a aimsiú agus le leabhair nua de chuid na scríbhneoirí sin a fhorbairt. Dhírigh muid ar genre amháin - an pictiúrleabhar do pháistí óga. D'iarr mé ar Bharbara Slade, scríbhneoir agus eagarthóir ó Los Angeles a theacht le bheith mar stiúrthóir ar an gceardlann.
Fógraíodh an cheardlann go poiblí agus iarraidh ar scríbhneoirí ábhar scéalta a chur faoinár mbráid. Rinne Barbara agus mé féin measúnú ar na scéalta agus roghnaíodh seisear scríbhneoir le páirt a ghlacadh i gceardlann a mhair trí lá. Sna Forbacha a cuireadh ar siúl an cheardlann agus d'éirigh linn sé cinn de scéalta a fhorbairt i gcaitheamh na laethanta a chaith muid le chéile. Ina dhiaidh sin, rinne na scríbhneoirí dhá dhréacht eile dá scéal faoi stiúir Bharbara Slade. Chuir muid trí cinn de na scéalta isteach ar Scéim Scríbhneoireachta Clár na Leabhar Fhoras na Gaeilge, agus tá an-áthas orm a rá gur éirigh leis na trí cinn acu tacaíocht a fháil faoin scéim. Tá dóchas againn anois go n-éireoidh linn na leabhair sin a fhoilsiú i gcaitheamh na bliana 2010.
Tuilleadh faoi scríbhneoirí nua Futa Fata anseo