
Ag tiomáint sior trasna na tíre ar maidin, le seó a dhéanamh i Leabharlann Rath Chairn (
Rath Cairn na gréine a thugann muintir na háite air agus ba mhaith a d'fheil an t-ainm inniu dó), bhí an tEarrach ag péacadh ar chuile thaobh agus bhí boladh na saoirse san aer.
Chuimhnigh mé siar ar na samhraíocha a chaith mé ag taisteal na tíre ag casadh ceoil, i ndeireadh na n-ochtóidí agus i dtús na naochaidí. Chaith mé seal de bhlianta ag obair le ceoltóir méarchláir de bhunadh Sunderland Shasana, fear darbh ainm dó
Anth Kaley.
Dhéanadh Anth a dhóthain gáire fúm ar na haistir sin ar dhá chúis -an chéad cheann ná mo chuid iarrachtaí bacacha le meabhair a bhaint as na comharthaí bóthair agus achar bealaigh greannta orthu i gciliméadair. Bainimse le glúin a d'fhoghlaim de réir chóras na mílte agus bíonn orm i gcónaí na ciliméadair a aistriú go mílte le go mbeidh mé in ann an t-achar bealaigh a mheas go cruinn. Ach is minic go mbíodh an t-aistear curtha dínn againn faoin am go mbíodh sé oibrithe amach agam cé méad míle a bhí i gceist.
An darna rud a chuireadh Anth ag gáire ná an cur síos a bhíodh agam ar logainmneacha na tíre. Tá an-chion agam ar na logainmneacha céanna agus is breá liom a bheith ag meabhrú dom féin faoina mbrí. Na cinn ba mhó a gcuireadh Anth spéis iontu ná an chuid a raibh claonaistriú déanta orthu, le cuma ní ba dearfaí a chur ar an mbunbhrí.
Thugadh muid "Saatchi and Saatchi translations" orthu. Sampla amháin é Baile na Lobhar, i ndeisceart Átha Cliath. "Leopardstown" an t-ainm Béarla oifigiúil atá ar an áit, ach má bhí neacha beo ag fánaíocht thart ar an mbaile san am a caitheadh agus spotaí ar a gcraiceann acu, ní móide go raibh mórán de dhúchas an chait iontu - bheadh "Lepers' Town" i bhfad ní ba chruinne mar aistriúchán.
An bhfuil aon sampla eile a ritheann libh den chinéal sin cruthaitheacha i gcúrsaí aistriú logainmneacha, a chairde na páirte?