
Is é fear an fhoclóra, Niall Ó Dónaill, Conallach ó Loch an Iúir i Rosa Thír Chonaill a chuir an cnuasach scéalta Fiannaíochta seo i dtoll a chéile den chéad uair i 1942. Is ar an gcnuasach scéalta a dtugtar "Agallamh na Seanórach" nó "Agallamh na Seanóirí" atá ábhar an leabhair bunaithe - sraith comhráití a bhí ag Oisín mac Fhinn agus Caoilte mac Rónáin le Pádraig mac Calprainn, an misiúnaí Breatnach a bhí tar éis teacht leis an gCríostaíocht a mhúineadh do phágánaigh na hÉireann.
Castar Caoilte ar Phádraig lá go dtáinig an misiúnaí ag beannú Ráth Droma Deirg, san áit a mbíodh Fionn mac Cumhaill na blianta fada roimhe sin. Tosaíonn comhrá idir an bheirt agus isteach linn ar an bpointe boise sa gcéad scéal.
Tá seacht bpíosa Fiannaíochta is tríocha ar fad sa leabhar álainn seo, ar chuir an Gúm barr slachta ar an atheagrán seo a foilsíodh i 1996, le léaráid chlúdaigh ón ealaíontóir aitheanta, Fionnuala Ní Chiosáin.
Bhí stíl bhreá próis ag an Dónallach - blas foirmeálta air, glór a chuireann an tseandacht in iúl gan na scéalta a mhúchadh leis an iomarca foclaíochta.
An t-aon rud a airím in easnamh ar an leabhar ná cuid den fhilíocht - na laoithe - a bhain leis an bhFiannaíocht. Glacaim leis gur ar mhaithe leis an ábhar a dhéanamh níos inléite don léitheoir ginearálta a socraíodh gan aon chuid de na laoithe a chur san áireamh anseo.
Tá daonnacht iontach sa bhFiannaíocht, taobh leis an draíocht agus leis an ngaisce ar fad agus éiríonn le Niall Ó Dónaill cuisle na daonnachta sin a chur ag preabadh os ár gcomhair in inseacht na scéalta seo.