Showing posts with label éaneolaíocht. Show all posts
Showing posts with label éaneolaíocht. Show all posts

Tuesday, 7 April 2009

Éanacha an Aeir


Is iontach fileata na hainmneacha atá againn ar éanacha sa nGaeilge. Tá an t-ainm "scréachóg reilige" cuir i gcás, i bhfad chun cinn ar an leagan Béarla "barnyard owl". Tá "peadairín na stoirme" níos pearsanta ná "stormy petrel". Agus tá “cailleach dhubh” níos spreagúla don tsamhlaíocht ná “cormorant”.

Cuid de na héanacha, tá ainm "oifigiúil" orthu agus leasainm nó dhó le cois - an naoscach mar shampla (snipe) - "mionnán aerach" nó "meannán aeir" a thugtar chomh maith air, mar go mbíonn fuaim áirithe ag a chuid sciathán agus é ar foluain tríd an aer, fuaim a chuirfeadh méileach mionnáin ghabhair i gcuimhne duit.

Tá éanacha seachas a chéile a bhfuil an t-uafás leaganacha dá n-ainm ann ar fud na tíre. An corr réisc, mar shampla - an chorr mhóna a thugtar chomh maith air ("heron" an Béarla atá air, cé go dtugtar "crane" go coitianta i mBéarla na hÉireann chomh maith air, rud nach bhfuil cruinn). "Máire Fhada" atá ag muintir Chonamara agus ag muintir Iorrais uirthi. "Ceataí Fhadaí" a thabharfadh mo Dhaid uirthi in oirthear Mhaigh Eo. "Joanie an scrogaill" a thugann mo bhean uirthi - focal Ciarraíoch ar mhuineál atá i gceist leis an scrogall.

Le gairid, agus mé amuigh ag faire éanacha le comharsa liom anseo, fuair mé amach gur "cearc coille" atá ag muintir Chois Fharraige ar an bpiasún (pheasant). As seo amach beidh muid á gcloisteáil ag gleo go luath ar maidin, agus an coileach ag cosaint a phaiste talaimh ó choileach ar bith eile a chuirfeadh suim ann.

Ní fada uainn anois go mbeidh mé féin agus Tadhg Óg ag cur téacsanna chuig mo Dhaid i Maigh Eo faoi theacht na bhfáinleog. Ócáid mhór a bhíodh ann do mo Dhaid fadó nuair a d'fheiceadh sé céad fháinleog na bliana. Cuimhním go soiléir i gcónaí air, é amuigh ag cartadh leis sa ngarraí i dtosach an tí, nuair a sciorr ceann de na héiníní áille sin thairis - éinín beag a bhí th'éis a bealach a dhéanamh aníos thar ghaineamhlach, thar farraige, thar sliabh, ar ais chuig an áit ar chonaic sí solas an lae den chéad uair. Dhirigh mo Dhaid é féin, bhain a chaipín bréidín dá chloigeann agus caith suas san aer é, is é ag béiceach go hard "Go mbeirimid beo ag an am seo arís!"