Bhuel, tá mé ag cur Gaeilge ar leabhar do pháistí faoi láthair, leabhar faoi chúrsaí creidimh ar fud na cruinne. Tá mé ag dul siar anois ar an rannóg a bhaineann leis an Hiondúchas, ag seiceáil nach bhfuil barrchleite amach nó bunchleite isteach ó thaobh na teanga de.
Tá cur síos ann ar nósanna éagsúla de chuid an chreidimh. Ceann acu ná an nós atá ann i gcaitheamh na féile Div
ali coinnle a chur i bhfuinneog an tí, le cúnamh a thabhairt don dia Rama agus a bhean a mbealach a dhéanamh abhaile slán sábháilte. Tá sé sin an-chosúil leis an nós a bhí againn féin agus muid beag coinneal a lasadh sa bhfuinneog Oíche Nollag, leis an mbealach a lasadh do Mhuire agus do Iosaf agus iad ar a mbealach go Beithil. Níorbh cuid den chreideamh "oifigiúil" an nós sin - ach caithfidh go bhfuil gaol idir é agus an nós Hiondúch - meas sibh?
Ar bhuail tú riamh leis an leabhar seo?
ReplyDelete"Celts and Aryans: Survivals of Indo-European Speech and Society", le Myles Dillon, Simla (1975)
Is oth liom a rá nach raibh a fhios agam go raibh do blog ann go dtí inniu. Rinne mé é a leabharmharcáil!
Níor chuala mé caint ar an leabhar sin cheana, a Dennis. Caithfidh mé fiosrú le Leabharlann an Spidéil, féachaint an bhféadfadh siad fios a chur ar an leabhar amach as an gcóras lárnach. Leabharlann bheag atá ar an sráidbhaile anseo, ach cuirtear an-tseirbhís ar fáil inti.
ReplyDeletebheuil, neadar mar gheall ar sin.
ReplyDeleteIs fíor nách bhfuil alán ar eolas agam faoin mythology, seachas scéalta na bhFianna a chuala mé ar scoil.
An nasc atá tú ag iarraidh déanamh idir mythology Eirineach agus an Inde, bheuil, neadar faoi sin.
Ar chonaicais an scannán zeitgeist?
http://www.zeitgeistmovie.com/
Cuireann an scannán seo síos ar an tslí ina bhfuil gach creideamh ag cothú a chuid mythology fhéin.
An ceist a chuirim ort.......an bhfuil tú ag lorg an fhírinne sa seana mythology?
Ní miotaseolaíocht atá i gceist agam go baileach, a Bhriain, ach nósmhaireacht. Sa dá thraidisiún atá luaite agam, tá pearsa naofa á threorú ar aistear le coinneal atá lasta i bhfuinneog an tí - sin cosúlacht an-suntasach, feictear dom. Ó tharla gur nósmhaireacht de chuid an phobail seachas cuid de dheasghnátha oifigiúla na hEaglaise Caitlicí, rith sé liom go mb'fhéidir go raibh bunús an-ársa leis agus go mb'fhéidir gur eascair an dá nós ón bhfoinse chéanna i bhfad, i bhfad siar.
ReplyDeleteCaithfidh mé súil a chaitheamh ar Zeitgeist - mo bhuíochas leat faoin eolas.
Ceartú beag ar an méid thuas: Ó tharla gur nósmhaireacht de chuid an phobail seachas cuid de dheasghnátha oifigiúla na hEaglaise Caitlicí atá i gceist...
ReplyDelete