Tuesday, 5 January 2010

Bliain nua mhaith agaibh, a chairde!

Tá mé i mo thost anseo le tamall, a chairde, de bharr chúrsaí oibre go príomha. Ag tús mhí na Samhna, d'fhostaigh mé cúntóir agus d'aistrigh an bheirt againn isteach san oifig nua atá feistithe amach againn os cionn an gharáiste sa ngarraí. Leis an athrú sin, tháinig athrú ar mo lá oibre, athrú chun feabhais. Ag feidhmiú liom féin, sa teach le cúpla bliain, níor airigh mo chuid oibre ar nós jab lae agus thaitin sé sin liom. Ach ba mhinic mé ag slabáil liom, gan mórán fócais leis an lá oibre. Ach anois, is mé ag obair in oifig, tá atmasféar éagsúil ann. Agus ceann de na rudaí a cuireadh ar leataobh ná an bhlagáil.

Bhain mé an-taitneamh as an méid blagála a rinne mé i gcaitheamh na bliana 2009. Thug mé faoi mar chleachtadh scríbhneoireachta go bunúsach, agus mé ag réiteach le dhá jab mhóra a chur i gcrích - is é sin script a scríobh don chlár faisnéise ar Raiftearaí a bheas á scannánaíocht againn in Éirinn agus i Meiriceá an samhradh seo agus ina dhiaidh sin, leabhar a scríobh a bheas bunaithe ar an script teilifíse, ach a bheidh níos leithne agus níos doimhne ná é.

Tá an togra deiridh seo, an leabhar, ar gor i gcúl mo chinn le cúpla mí anuas. Jab mór ann féin é, agus jab atá gar do mo chroí. Ach tá go leor scríofa faoi Raiftearaí cheana ag daoine eile - cén chaoi a scríobhfaidh mé leabhar nach mbeidh ag brath an iomarca ar leabhair eile a scríobhadh cheana?

Níl freagra na ceiste sin agam fós, ach tá an freagra á nochtadh féin dom, beagán ar bheagán. Is é an rud a dhéanfas mé, sílim, ná gan díriú an iomarca ar na foinsí acadúla, na leabhra critice, na hargóintí maidir le fiúntas Raiftearaí mar fhile dar le Frank O'Connor nó Gearóid Denvir nó do rogha féin de shaineolaí. An rud a dhéanfas mé ná iarracht a dhéanamh an tréimhse a athchruthú, de réir na bhfíricí, ach de réir na samhlaíochta chomh maith. Eiseamláir amháin a bhfuilim ag cuimhniú air na leabhar Robert Hughes, an criticeoir ealaíon ón Astráil a bhfuil cónaí i Nua Eabhrac le blianta fada air. Scríobh sé leabhar an-spéisiúil faoina thír dhúchais cúpla bliain ó shin dar teideal "The Fatal Shore". Thaitin an cur chuige go mór liom - athchruthú ar an saol mar a bhí ag na príosúnaigh, Na Connerys s'againn féín, cuir i gcás, a díbríodh i bhfad ó bhaile ó dheas chun na hAstráile.

Bhuel, sin é an plean ar aon nós....

Idir an dá linn, tá cúpla togra eile idir lámha. An gad is gaire don scornach an tseachtain seo ná ceardlann sa scríbhneoireacht teilifíse atá le tabhairt an tseachtain seo chugainn sa mBriotáin. Bhí líofacht mheasartha agam sa mBriotáinis scór bliain ó shin ach is beag deis a bhí agam í labhairt le fada an lá. Dúirt mé é sin leis na daoine geanúla a tháinig do m'iarraidh cúpla mí ó shin, mar gur thaitin an tsraith "Aifric" go mór leo. Beidh tú togha, a deir siad. Beidh fear teanga ann, má thagann orainn.

Gwelet vo (feicfidh muid linn...)